Agus deireadh anois leis an séasúr iomána idirchontae, tá Luimneach ag barr an ranga arís tar éis dóibh Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo tar éis bliain dhian a bheith acu.
Nuair a fhéachfar siar ar 2023, seans gurb é an taispeántas ceannasach, máistriúil atá siad tar éis tabhairt in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na hÉireann a thiocfaidh chun cuimhne ach tá cúis ann gur úsáid mé an focal sin ‘dian’ sa chéad abairt.
Má bhreathnaíonn muid siar níos faide ná Dé Domhnaigh seo caite agus súil a chaitheamh ar Chraobh na Mumhan, theastaigh obair mhór ó Luimneach le teacht slán ón chúige. Bhí farasbarr dhá chúilín acu ar Phort Láirge an chéad lá, ansin chlis orthu i gcoinne an Chláir, aon chúilín amháin idir na foirne. Tháinig comhscór i gcoinne Thiobraid Árann ina dhiaidh sin agus bua le cúilín amháin a bhí acu ar Chorcaigh. Nuair a casadh na Cláirínigh orthu arís i gcluiche ceannais an chúige, aon chúilín amháin arís a bhí idir na foirne ach Luimneach a bhuaigh an uair sin. B’in feachtas dian.
Agus iad tagtha amach as Cúige Mumhan, chonaiceamar imirt thar na bearta ó Luimneach sa dara leath den chluiche leathcheannais agus arís sa chluiche ceannais. Is dócha go raibh an ceart ag Brian Cody nuair a deireadh sé, ‘buann an fhoireann is fearr i gcónaí’.
Tá a mír staire féin déanta anois ag Luimneach mar sin, iad ar aon dul le foireann Chorcaí a bhuaigh ceithre chraobh as a chéile sna daicheadaí agus le foireann Chill Chainnigh a rinne an gaisce céanna idir 2006-2009. Tá caint ar an Ráig faoin gCúig cheana féin. An féidir le haon chontae iad a stopadh? Sin ceist a fhágfaimid go dtí tráthnóna gruama geimhridh, seans.
Ceist a rachfar i ngleic léi roimhe sin ná cé air a bhronnfar an gradam d’Iománaí na Bliana agus is dócha nach bhfuil freagra na ceiste chomh soiléir anois i ndiaidh chluiche an Domhnaigh. Bhí Aaron Gillane ag barr an liosta roimhe sin ach cé go raibh sé go maith sa chluiche ceannais, b’fhéidir nach raibh sé chomh maith agus a bhíonn de ghnáth agus níl sé chomh cinnte go bhfaighidh sé an gradam luachmhar anois. Tá ainm Kyle Hayes anois á lua níos minice ná mar a bhí agus tá buaiteoir 2022 Diarmuid Byrnes san áireamh freisin, mar a bheadh Cian Lynch, a bhí thar barr ar an Domhnach, dá mbeadh cluiche nó dhó eile imeartha aige. Gan dabht beidh tuilleadh cur agus cúiteamh faoi sula n-ainmneofar an buaiteoir níos déanaí i mbliana.
Gan dabht tá na ceannlínte faighte arís ag Luimneach i ndiaidh a ngaiscí ar an bpáirc ach, ar an taobh eile den líne bhán, chuir cúpla rud tinneas ar dhaoine i mbliana.
Ar bharr an liosta bhí GAAGO agus bhí sé ceart go raibh daoine ag gearán. Tá a lán nach bhfuil ceart ó thaobh cúrsaí gnó agus cothromaíochta faoin nasc idir Cumann Lúthchleas Gael agus RTÉ. Ó tharla an ruaille buaille go léir faoi íocaíochtaí Ryan Tubridy, tá mórán cainte déanta faoin cheadúnas teilifíse agus conas mar a úsáideann RTÉ an t-airgead sin. An bhfuil sé ceart go bhfuil ar dhaoine tuilleadh a íoc anuas ar chostas an cheadúnais chun ár gcluichí dúchais agus na himreoirí atá ag imirt gan aon íocaíocht a fheiceáil ? Is dócha nach bhfuil ach freagra amháin ar an gceist sin.
Ag fanacht le cúrsaí teilifíse, bhí sé thar am go raibh an clár Sunday Game Beo againn ar an scáileán an Domhnach seo caite, an chéad chraoladh iomlán beo i nGaeilge ar chluiche ceannais sinsir na hÉireann. Chualas gur bhain roinnt daoine a léann Tuairisc taitneamh as an gclár ach, taobh amuigh den scéal a foilsíodh ar an suíomh seo agus giolcacha a chuir an láithreoir Evanne Ní Chuilinn amach ar a cuntas Twitter féin, ní fhaca mé go ndearnadh aon fhógraíocht in aon chor ar chéad chraoladh an chláir seo.
D’fhéach mé fhéin ar na cluichí ceannais camógaíochta a craoladh ar RTÉ tráthnóna Dé Sathairn seo caite agus cé gur luadh go mbeadh cluiche ceannais na bhfear ann an lá dár gcionn agus go mbeadh sé le feiceáil ar The Sunday Game Live, níor chualathas tada faoin chraoladh Gaeilge. Ní thuigim in aon chor cén fáth gur bheartaigh RTÉ an clár nua seo a chur amach agus ansin gan aon fhógraíocht a dhéanamh air. B’fhéidir go bhféadfadh duine éigin an cheist sin a fhreagairt?
Ag fanacht le cúrsaí gearáin, chualathas Dónal Óg Cusack ag gearán faoin dímheas a taispeánadh i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach seo caite d’fhoireann Uíbh Fhailí a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1998 agus a bhí á comóradh. Luath sa tráthnóna, áfach, a tugadh amach na himreoirí ar an pháirc imeartha agus an staid leathfholamh. Bhí sé maslach don dream iontach fear seo a thug leo Corn Mhic Cárthaigh an bhliain stairiúil sin.
Cheapas freisin go raibh easpa atmaisféir taobh istigh den staid roimh an gcluiche ceannais dóibh siúd a tháinig isteach luath. Tá sé in am ag CLG i bhfad níos mó a dhéanamh chun siamsaíocht níos fearr agus níos eagraithe a chur ar fáil mar chuid den ócáid speisialta seo.
Sin é mar sin, an séasúr idirchontae iomána críochnaithe agus Luimneach fós ina gcuraidh. Foireann na linne gan aon dabht. Luimneach abú!
Fág freagra ar 'Taispeántas máistriúil an Domhnaigh a fhanfaidh linn ach feachtas dian a bhí ag Luimneach i mbliana'