Taispeántas lán díograise ag teastáil chun na Cait a chloí

Tabharfaidh Gaillimh agus Cill Chainnigh aghaidh ar a chéile tráthnóna i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann

Taispeántas lán díograise ag teastáil chun na Cait a chloí

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Cill Chainnigh v Gaillimh
Páirc an Chrócaigh, 4.15pm
Beo ar RTÉ 2

Bíonn an-choimhlint idir foirne camógaíochta Chill Chainnigh agus na Gaillimhe le blianta beaga anuas agus beidh cluiche mór eile eatarthu tráthnóna agus iad ag dul chun páirce i gcluiche ceannais na hÉireann.

Cill Chainnigh is fearr a rinne i gcuid mhaith de na cluichí sin ach bhí bua tábhachtach ag Gaillimh i mbliana nuair a fuair siad an ceann is fearr ar na Cait i gcluiche ceannais na sraithe.

Rinne Gaillimh scrios sa chéad leath den chluiche sin sa Mhárta. Bhí siad sé phointe chun cinn ag leath ama, agus cé gur tháinig feabhas ar Chill Chainnigh sa dara leath sheas imreoirí na Gaillimhe an fód.

Cruthúnas gur beag atá idir na foirne seo gur bhuaigh Cill Chainnigh ar Ghaillimh le dhá phointe sa chéad bhabhta den chraobh.

Is cinnte go mbeidh Gaillimh níos sásta leis an obair atá déanta acu ó shin, áfach. Ní hé go raibh Cill Chainnigh go holc, bhuail siad greadadh ar gach fhoireann a chas orthu ó shin, ach níl aon chluiche crua imeartha acu ón gceann sin i gcoinne na Gaillimhe ag tús an tsamhraidh.

Ar an taobh eile den scéal, tugadh a ndóthain le déanamh do Ghaillimh sa chluiche leathcheannais i gcoinne Chorcaí. Ba iad na Muimhnigh seaimpíní na hÉireann in 2018 ach bhí taispeántas na nGaillimheach lán díograise agus níor scaoil siad orlach le Corcaigh i gcluiche den scoth i bPáirc na nGael.

Tá Niamh Kilkenny i lár na páirce agus Sarah Dervan sa líne lánchúil ar bheirt de na himreoirí is mó taithí agus is tábhachtaí atá ag Gaillimh agus bhí siad beirt ar fheabhas an oíche sin.

Beidh taispeántas den sórt céanna ag teastáil chun Cill Chainnigh a shárú. Tá scoth na n-imreoirí ag na Cait agus beidh dúrúch orthu ag iarraidh craobh na hÉireann a thabhairt leo ó tharla gur chlis siad sa chluiche ceannais le dhá bhliain anuas.

Tá Shelly Farrell, a bhí ar fhoireann na bliana seo caite, imithe go dtí an Astráil ach tá beirt deirféar léi, Meghan agus Anna, ina gcaptaein ar an bhfoireann agus nuair atá imreoirí chomh cumasach le  Anne Dalton agus Katie Power acu, is mairg nach dtabharfadh seans dóibh.

Má éiríonn le Gaillimh taispeántas chomh breá leis an gceann a thug siad in aghaidh Chill Chainnigh sa tsraith agus i gcoinne Chorcaí sa chraobh a thabhairt arís, ba cheart go mbeadh an lá leo ach is deacair é sin a dhéanamh uaireanta an lá mór.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Fág freagra ar 'Taispeántas lán díograise ag teastáil chun na Cait a chloí'