Taispeántas Glenn Close an rud is fearr faoi Hillbilly Elegy

Is Glenn Close croílár Hillbilly Elegy ag stealladh orduithe is ag caitheamh slaiseanna is toitín ag sileadh óna béal agus í feistithe ina stíl ghruaige ait agus a spéaclaí móra.

Taispeántas Glenn Close an rud is fearr faoi Hillbilly Elegy
Hillbilly Elegy
Stiúrthóir: Ron Howard
Cliar: Amy Adams, Glenn Close, Gabriel Basso, Haley Bennett, Freida Pinto, Bo Hopkins.

Bhí cad é bús faoi Hillbilly Elegy: A Memoir of a Family and Culture in Crisis nuair a foilsíodh é in 2016. Bhí an leabhar bunaithe ar chuimhní cinn J.D. Vance ar a óige in Kentucky agus Ohio. D’éirigh leis an saothar dul go barr liosta sárdhíola an New York Times. An chuid ab iontaí den scéal ná nach raibh Vance ach cúig mbliana is fiche ag an am.

Bhíothas ann a cháin an saothar as ginearálú a dhéanamh ar shaol an lucht oibre ghil agus a bheith ag cur le miotais faoi chúiseanna an bhochtanais. Leanann an fothragadh go fóill.

Chinn lucht an scannáin seo cuid mhaith de thráchtaireacht agus seanmóireacht shocheolaíoch Vance a fhágaint go leataobh agus díriú go hiomlán ar a scéal agus scéal a mhuintire. Tuigimid i rith an ama, áfach go bhfuiltear ag úsáid an teaghlaigh seo le héachtaint a thabhairt ar dhrochstaid an lucht oibre ghil i Meiriceá, an dream úd a chaith vóta go láidir do Trump in 2016.

Braithim féin go bhfuil an teideal ábhairín míthreorach sa tslí is go bhfuil formhór mór an scannáin lonnaithe in Middletown, Ohio seachas faoin tuath in Kentucky. An tuiscint atá ann, áfach, ná gur thug Mamaw (Close) agus Papaw (Hopkins) luachanna agus dearcadh saoil Appalachia leo go Ohio nuair a d’éalaigh siad as hollers Kentucky ina n-óige. Chothaigh siad na tréithe sin ina sliocht agus i sliocht a sleachta.

Le tábhacht an fhóid dúchais a chur abhaile orainn tosnaíonn an scannán in Kentucky agus Vance (Basso), atá mar thráchtaire againn, ag insint dúinn gur anseo is mó a mhothaíonn sé ar a shuaimhneas. Ní fada go mbuailimid bóthar ó thuaidh agus go gcuirimid aithne cheart ar an teaghlach mífheidhmiúil seo atá ag broc leis an saol.

Andúileach drugaí í máthair Vance, Bev (Adams) agus cé go bhfuil grá aici dá mac agus dá hiníon, Lindsay (Bennett), tugann sí drochíde fhisiciúil agus aigneolaíoch dóibh go minic. Is bean éirimiúil chráite í atá ciaptha ag eachtraí a hóige, brionglóidí nár fíoraíodh agus cruatan an tsaoil do bhean shingil, bhocht a bhfuil beirt chlainne aici.

Cé go dtugann Adams faoin ról le flosc is dóigh liom go dtéann sí thar fóir ar uairibh agus go bhfágtar sinn le carachtar aontoiseach.

Is í Mamaw a sheasann sa bhearna baoil in am an ghátair do Vance, cé gurb í an bhean chéanna is cúis le cuid de shuaiteacht a hiníne. Í ag stealladh orduithe is ag caitheamh slaiseanna is toitín ag sileadh óna béal agus í feistithe ina stíl ghruaige ait agus a spéaclaí móra. Tá J.D féin éirimiúil ach ag fulaingt de bharr a mháthar, ach tógann an tseanbhean stobarnálta ar leith seo ar láimh é. Cé go mb’fhéidir go bhféadfaí a mhaíomh go dtéann Close ábhairín thar fóir bhaineas féin an-taitneamh as a taispeántas.

Is léir gur bean ar leith a bhí inti agus d’fhág sí lorg mór, dearfach ar mhac a hiníne. Is í, seachas, Bev nó Vance, croílár an scannáin.

Bímid siar is aniar idir óige Vance agus a laethanta ollscoile in Yale agus srathair na hainnise fós ar a mháthair. Gaisce nach beag do dhuine dá leithéid, ó áit dá leithéid, ó chúlra dá leithéid an bheart a dhéanamh isteach i gceann de na hollscoileanna is mó le rá ar domhan. Cuirtear abhaile orainn, go liobarnach, go mothaíonn sé as áit i measc na scothaicme liobrálaí.

Cé go bhfuil an chuma ar an saothar go bhfuil Vance ag gabháil comhghairdeachais leis féin níl sé gan léargas ná a mhaitheasaí féin, taispeántas iontach Close, go háirithe.

Fág freagra ar 'Taispeántas Glenn Close an rud is fearr faoi Hillbilly Elegy'