Murphy agus McManus a shocróidh chluiche na hoíche anocht

Bíonn an dá fhoireann ag brath go mór ar a gcuid laochra i measc na dtosaithe, Michael Murphy do Dhún na nGall agus Conor McManus do Mhuineachán. Beidh an bheirt sin cinniúnach anocht i bPáirc Bhreifne

Pictiúr: ©INPHO/Andrew Paton
Pictiúr: ©INPHO/Andrew Paton

Muineachán v Dún na nGall, Páirc Bhreifne, 7.00i.n.

Is sa chluiche ceannais a chas na foirne seo ar a chéile i gCraobh Uladh le trí bliana anuas ach anocht caillfidh ceann amháin acu an deis an Corn Anglo-Celt a bhuachan mar tá Dún na nGall agus Muineachán ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa bhabhta leathcheannais i mbliana.

Thóg sé tamall beocht a theacht i gCraobh Peile Uladh i mbliana ach bhí coimhlint mhaith againn sa chluiche leathcheannais eile idir Tír Eoghain agus an Cabhán an deireadh seachtaine seo caite agus beidh an imirt teasaí go maith i bPáirc Bhreifne anocht.

Is í an cheist is mó atá ag daoine ná air a chuirfidh Rory Gallagher an cúram Conor McManus a choinneáil faoi smacht. Dar ndóigh, ó tharla go bhfuair sé cárta dearg in aghaidh Fhear Manach, níl fáil ag Dún na nGall ar Neil McGee, an fear a bhíonn ag faire McManus go hiondúil. Seans go leagfar an cúram dúshlánach sin anocht ar dheartháir McGee, Éamonn,  agus braithfidh an toradh go mór ar chumas an chosantóra McManus a choinneáil faoi chois.

Ar an taobh eile, rachaidh Michael Murphy agus Vinny Corey i ngleic lena chéile arís. D’éirigh níos fearr le cosantóir Mhuineacháin sa choimhlint seo le cúpla bliain anuas agus fágadh Murphy gan aon scór ón imirt sa chluiche anuraidh agus má an gortú a bhí ag cur as dó in aghaidh Fhear Manach fós ag tabhairt trioblóide dó, beidh sé deacair ag fear Ghleann tSúilí a lorg a fhágáil ar an imirt.

Taobh amuigh den beirt laochra sin, McManus agus Murphy, shílfeadh duine go mbeadh níos mó cumais ag Dún na nGall i measc na dtosaithe ach, ach tá duine de na bainisteoirí is glice sa tír ag Muineachán, sin é Malachy O’Rourke, agus is minic iad in ann plean a réiteach chun an buntáiste sin a bhaint de Dhún na nGall.

tharlaíonn an rud céanna anocht agus mura bhfuil leithéidí Paddy McBrearty agus Ryan McHugh i mbarr a maitheasa, is iad Muineachán a bheidh ag dul tríd go dtí an cluiche ceannais.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Fág freagra ar 'Murphy agus McManus a shocróidh chluiche na hoíche anocht'