Taispeántais bhreátha ón mbeirt cheann feadhna in News of the World

Cíorann an saothar is déanaí ó Paul Greengrass, atá ar fáil ar Netflix, an tionchar a bhíonn ag tragóidí uafásacha ar an duine daonna agus cad is féidir leo a dhéanamh le héalú uathu 

Taispeántais bhreátha ón mbeirt cheann feadhna in News of the World

News of the World
Stiúrthóir: Paul Greengrass
Cliar: Tom Hanks, Helen Zengel, Tom Astor

Stiúrthóir is scríbhneoir é Paul Greengrass atá deas ar an aicsean spleodrach agus an foréigean gléineach a chniotáil le scéal tochtmhar agus leis an gcíoradh ar charachtair théagartha. ’Sé a bhí ar an stiúir de thrí cinn de na saothair Bourne (2004, 2007, 2016), United 93 (2006) agus Bloody Sunday (2002) mar aon leis an script a sholáthar don scannán teilifíse Omagh (2004). 

Sa saothar is déanaí uaidh tugann sé faoi léamh scáileáin den úrscéal News of the World le Paulette Jiles. Baineann scéal agus carachtair an tsaothair seo macalla nach beag as an sárshaothar The Searchers (1956) le John Ford agus John Wayne. Cé nach bhfuil an scannán seo gan a mhaitheasaí níl sé in ann coinneal a choimeád le mórshaothar fhear an Spidéil. 

In Texas na bliana 1870, cúig bliana tar éis an Chogaidh Chathartha, tá an Captaen Jefferson Kyle Kidd (Hanks) ag imeacht ó bhaile go baile ag léamh na nuachta go drámatúil do chosmhuintir an iarthair fhiáin atá neamhliteartha agus/nó róghnóthach le breith ar pháipéar nuachta. Throid Kidd le lucht na Cónaidhme agus cé go nglacann sé féin go réchúiseach leis an saol nua mar atá, tá an ghoimh ar mhuintir Texas go fóill, col acu leis na Poncáin agus leis na Stáit Aontaithe. Tá an teannas polaitiúil ina théama síos tríd an scannán.

 

Tá an ciníochas sa treis chomh maith san iarthar fiáin. Lá de na laethanta tagann Kidd ar shaighdiúir gorm agus é crochta ar ghéag crainn. “This is white men’s country” scríte ar fhógra a bhí crochta timpeall a mhuiníl. Bhí sé de chúram ar an bhfear bocht seo an cailín óg Johanna (Zengel) a thionlacan chuig a muintir na céadta míle ó bhaile. Scéal truacánta é scéal an chailín. Í ina dílleachta faoi dhó. Ina hóige mharaigh an treibh Kiowa a muintir, ar de bhunadh na Gearmáine iad. Cúpla seachtain roimh eachtraí an scannáin seo mharaigh lonnaitheoirí an mhuintir nua a bhí aici. Ina hintinn féin is duine de mhuintir Kiowa í; í gléasta san éadach sin agus ag labhairt na teanga. Ar chúis amháin agus ar chúis eile fágtar faoi Kidd é í a thionlacan chuig a daoine muinteartha. 

I rith an aistir cuirtear déine agus foréigean an iarthair fhiáin abhaile orainn. I gcúpla radharc beag fánach léirítear an díshealbhú a deineadh ar bhundúchasaigh Mheiriceá. 

Tugann Helen Zengel, nach bhfuil ach dhá bhliain déag d’aois, taispeántas den chéad scoth uaithi agus ní haon iontas go bhfuil ainmniúchán Golden Globe faighte aici. Í sáinnithe idir trí chultúr, dhá theanga agus ceithre theaghlach. 

Níl sárú Hanks ann le tabhairt faoi ról Thadhg an Mhargaidh; é cróga, muinteartha, uasal. É suaite ag an gcogadh agus an saol. Tragóidí a saoil ag cothú dáimh idir an bheirt.  Cad é scréipeanna ag breith orthu fan na slí; cairt ag imeacht le fána, stoirm ghainimh agus lonnaitheoirí foréigneacha. Níl an oiread céanna aicsin is eachtraíochta anseo is a bheifeá ag súil leis i saothar le Greengrass ná in Western (an chéad cheann ó Hanks agus Greengrass araon). 

Saothar é seo a dhéanann cíoradh ar an tionchar a bhíonn ag tragóidí uafásacha ar an duine daonna agus ar an méid is féidir leo a dhéanamh le héalú ós na tragóidí céanna. 

Fág freagra ar 'Taispeántais bhreátha ón mbeirt cheann feadhna in News of the World'