Taisí ainmhí a bhí i dtaisí a aimsíodh i nDún na nGall agus ní taisí daonna mar a síleadh

Tá deireadh curtha le fiosrúchán a bhí ar bun i nDún na nGall ó thángthas ar thaisí inné ar síleadh gur taisí daonna a bhí iontu

Taisí ainmhí a bhí i dtaisí a aimsíodh i nDún na nGall agus ní taisí daonna mar a síleadh

Taisí ainmhí agus ní taisí daonna a bhí sna taisí a fuarthas inné ar an Mhachaire i nGaeltacht Dún na nGall cé gur ceapadh ar dtús gur taisí daonna a bhí iontu.

Tá deireadh curtha leis an bhfiosrúchán a bhí ar bun ó thángthas ar na taisí ar síleadh gur taisí daonna a bhí iontu.

Duine a bhí amuigh ag siúl a tháinig ar na taisí thart ar 6.30pm tráthnóna inné agus tugadh go dtí ospidéal Leitir Ceanainn iad chun go ndéanfaí scrúdú iarbháis orthu.

Tuairiscíodh gur lámh duine a bhí i gceist agus thug na Gardaí i mBaile na nGallóglach le fios aréir go raibh fiosrúchán ar bun faoi gach gné den scéal. Cuireadh Paiteolaí an Stáit ar an eolas faoin scéal.

Thángthas mí Feabhra ar chos mná ar thrá an Bhuna Bhig i nGaeltacht Dhún na nGall, 25 ciliméadar ón áit a dtángthas ar na taisí inné agus measadh ar dtús go raibh ceangal ag an dá scéal le chéile.

Fág freagra ar 'Taisí ainmhí a bhí i dtaisí a aimsíodh i nDún na nGall agus ní taisí daonna mar a síleadh'