Tairngreacht chailleach an uafáis faoi Donald Trump

Tháinig Cailleach an Uafáis chun tae i dteach ár gcolúnaí an tseachtain seo, agus rinne sí tairngreacht ghruama

Tairngreacht chailleach an uafáis faoi Donald Trump

Tháinig Cailleach an Uafáis chun tae arís an tseachtain seo, agus bhí tairngreacht dhuairc eile aici dom.

‘An cuimhin leat 9/11?’ a d’fhiafraigh sí díom agus tae á dhoirteadh isteach ina muga agam. Ní raibh ach braoinín beag sa mhuga nuair a bhrúigh sí gob an phota i leataobh lena crúba craptha. ‘A leanbh, nach bhfuil a fhios agat nach mbíonn mo mhuga-sa riamh lán?’

‘Tá brón orm,’ a dúirt mé. ‘Pé scéal é, 9/11, a dúirt tú. Céard faoi?’

Chroith sí a ceann críonna go truamhéalach agus bhreathnaigh isteach ina muga leathfholamh, mar a bheadh fís sa tae dubh (ní thógann sí bainne.) Tar éis tamaill fhada, labhair sí.

’Ní raibh an fear sin a bhí i gceannas ar Mheiriceá ag an am… Cén t-ainm atá air arís? Déanaim dearmad ar ainmneacha i gcónaí. Bhí a athair ina uachtarán freisin, tráth.’

‘George W. Bush.’

‘Go díreach, George W. Bush. Pé scéal é, ní raibh ach cúpla mí caite sa Teach Bán aige siúd nuair a tharla 9/11. Tháinig an t-ionsaí sin go hiomlán aniar aduaidh air. Ní raibh an taithí pholaitiúil aige chun dul i ngleic le géarchéim dá leithéid, agus chuir sé tús le dhá chogadh gan chúis dá bharr, san Afganastáin ar dtús, agus ina dhiaidh sin, san Iaráic. Ach ar ndóigh, ba é sin go díreach an rud a theastaigh ón dream a rinne an t-ionsaí. Cén t-ainm a bhí orthu sin arís?’

‘Al-Qaeda.’

‘Go díreach. Fuair siad sin an rud a bhí uathu: cogadh a scaip tríd an meánoirthear agus a bhfuil cathracha na hEorpa bainte amach aige anois – agus é sin ar fad toisc go raibh fear gan taithí, agus gan bharúil na ngrást faoi chúrsaí idirnáisiúnta, i gceannas ar an tír is cumhachtaí ar domhan thiar in 2001.’

D’fhéach sí idir an dá shúil orm, amhail is gur cheart gur léir dom, ag an bpointe seo, cén tairngreacht a bhí á déanamh aici.

Chroith mé mo ghuaillí. ‘Céard atá i gceist agat?’

Lig sí gnúsacht aisti. ‘Nach léir don dall? An fear sin leis an gcraiceann oráiste a bheidh i gceannas ar Mheiriceá i gceann cúpla lá… Cén t-ainm atá air arís?’

‘Donald Trump.’

‘Go díreach, Trump.’ D’fhéach sí idir an dá shúil orm arís. ‘Nach bhfeiceann tú féin na cosúlachtaí?’

Díreach ag an bpointe sin, lig guthán póca Chailleach an Uafáis bíp as. Bhreathnaigh sí ar an teachtaireacht agus d’éirigh. ‘Tá brón orm, sin lucht an Guardian. Gheall mé sraith tairngreachtaí dóibh faoin mBreatimeacht. B’fhearr dom bóthar a bhualadh.’

Bhí siorradh gaoithe ann, agus ansin ní raibh tada le feiceáil, puth deataigh féin. Chaith mé tamall fada ag stánadh isteach sa tae fuar a bhí fágtha sa mhuga ar an mbord. Bhí cuma dhubh dhorcha ar an saol.

Fág freagra ar 'Tairngreacht chailleach an uafáis faoi Donald Trump'