Tairiscintí i mBéarla amháin á lorg ag roinn stáit chun monatóireacht a dhéanamh ar na meáin Bhéarla amháin

Tá an Roinn Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ag lorg tairiscintí do thrí chonradh seirbhísí monatóireachta meán agus gan aon rogha tugtha acu do dhaoine iarratas a dhéanamh i nGaeilge

Tairiscintí i mBéarla amháin á lorg ag roinn stáit chun monatóireacht a dhéanamh ar na meáin Bhéarla amháin

Níl rogha ar bith tugtha ag roinn Rialtais cur isteach i nGaeilge ar thrí chonradh nua dá cuid.

Tá an Roinn Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ag lorg tairiscintí do thrí chonradh seirbhísí monatóireachta meán, ar fiú €70,000 iad san iomlán, agus gan aon rogha tugtha acu do dhaoine iarratas a dhéanamh i nGaeilge.

San fhógra, atá foilsithe i mBéarla amháin deirtear gurb é an Béarla an teanga chun iarratas a dhéanamh.

Faoi fho-alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart ag ball den phobal go bpléifeadh eagraíocht stáit leis nó léi ina rogha féin teanga, Béarla nó Gaeilge.

De réir ráiteas a chuir Oifig an Choimisinéara Teanga ar fáil do Tuairisc.ie faoin cheist, dúradh nach ceadmhach d’eagraíocht stáit éileamh á dhéanamh ar an phobal iarratas a dhéanamh i mBéarla amháin.

“Go ginearálta, ní féidir le comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla iallach a chur ar dhuine maidir leis an teanga oifigiúil a úsáideann sé nó sí i mbun cumarsáide leis an gcomhlacht poiblí – is faoin saoránach atá sé an rogha teanga a dhéanamh.” 

Dúirt urlabhraí ón Roinn Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, áfach, nach mbaineann an tAcht Teanga le tairiscintí do sheirbhísí seachtracha a bheadh á soláthar don Roinn.

Dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga go rabhthas chun teagmháil a dhéanamh leis an Roinn faoin scéal.

Maidir leis na seirbhísí monatóireachta féin, ní luaitear gur gá nó gur buntáiste a bheadh ann Gaeilge a bheith ag iarratasóir chun monatóireacht a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge.

Dúirt urlabhraí na Roinne nach raibh aon ghá ag lucht tairisceana Gaeilge a bheith acu le monatóireacht a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge.

“Ní bhaineann Acht na dTeangacha Oifigiúla le tairiscintí maidir le seirbhísí a sholáthar don Roinn. Mar sin, ní den riachtanas é go mbeadh Gaeilge ag na dreamanna a chuireann tairiscintí isteach ionas go bhféadfaí monatóireacht a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge,” a dúirt urlabhraí na Roinne Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Tá seirbhísí monatóireachta meán á lorg ag an Roinn do na meáin shóisialta, do na meáin chraolta agus do na meáin dhigiteacha agus chlóite.

Ar an chonradh is mó, tá an ceann do na meáin dhigiteacha agus chlóite, ar fiú €54,000 sa bhliain é.

Deirtear go mbeidh gá monatóireacht a dhéanamh ar suas le 6,500 alt sa mhí.

Tá conradh ar fiú €9,600 a thairiscint ag an Roinn do sholáthar seirbhís monatóireachta do na meáin chraolta agus tá €7,200 sa bhliain á thairiscint do sheirbhís monatóireachta na meán sóisialta.

Fág freagra ar 'Tairiscintí i mBéarla amháin á lorg ag roinn stáit chun monatóireacht a dhéanamh ar na meáin Bhéarla amháin'

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Des O Murchu

    Cearta Teanga Coimisinear Teanga? Des O Murchu