Tairiscintí á lorg do thógáil héileapad ar Thoraigh

Fáilte curtha ga Aire na Gaeltachta roimh fhógra Chomhairle Chontae Dhún na nGall

Toraigh-ón-aer3

Tá fáilte curtha ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh roimh fhógra Chomhairle Chontae Dhún na nGall go bhfuil tairiscintí á lorg acu do thógáil héileapad ar Thoraigh.

Tá maoiniú geallta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do thógáil an héileapad agus táthar ag súil go go mbeidh an obair curtha i gcrích an bhliain seo chugainn.  Deireadh Eanáir 2015 an sprioc le haghaidh tairiscintí.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gur seirbhís “riachtanach” a bhí i gceist.

“Tuigim chomh riachtanach is atá an tseirbhís ingearáin do phobal an oileáin agus nuair a bheidh na saoráidí nua tógtha beidh caighdeán na seirbhíse níos fearr fós agus beidh áis nua-aimseartha ar fáil do phobal an oileáin,” a dúirt sé.

 

Fág freagra ar 'Tairiscintí á lorg do thógáil héileapad ar Thoraigh'