Táinseamh Séamus Woulfe curtha as an áireamh ag an Rialtas

D’fhéadfadh an freasúra rún táinsimh a chur síos ach is é is dóichí ná a mhalairt anois ná gur faoin gcóras dlí a fhágfar é an chonspóid faoin mbreitheamh a réiteach

Táinseamh Séamus Woulfe curtha as an áireamh ag an Rialtas

Seamus Woulfe le Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Dúirt an Taoiseach sa Dáil tráthnóna nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas aon bheart a dhéanamh chun an Breitheamh Séamus Woulfe a bhriseadh as a phost sa Chúirt Uachtarach.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur faoin Oireachtas a bhí sé cinneadh a dhéanamh má bhí daoine eile ag iarraidh beart a dhéanamh i gcoinne Woulfe.

D’fhéadfadh an freasúra rún táinsimh a chur síos ach is é is dóichí ná a mhalairt anois ná gur faoin gcóras dlí a fhágfar é an chonspóid faoin mbreitheamh a réiteach.

Tá géarchéim nach bhfacthas a leithéid cheana sa gCúirt Uachtarach toisc gur dhiúltaigh an Breitheamh Séamus Woulfe éirí as a phost sa gcúirt sin cé gur mhol an Príomh-Bhreitheamh, Frank Clarke, gur chóir dó sin a dhéanamh de bharr an chaoi ar dhéileáil sé leis an gconspóid a lean dinnéar gailf an Oireachtais ag a raibh sé i láthair.

Chuir Woulfe in iúl don Phríomh-Bhreitheamh Frank Clarke nach n-éireodh sé as a phost.

Bhí an Breitheamh Séamus Woulfe i measc 80 duine a bhí ag dinnéar in óstán Theach an Stáisiúin sa Chlochán mí Lúnasa, tráth a raibh treoracha Covid-19 i bhfeidhm faoi chruinnithe.

Chinn an Breitheamh Susan Denham ina tuarascáil faoin gconspóid go mbeadh sé “thar fóir” agus éagórach dá mbeadh ar Shéamus Woulfe éirí as mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí mar gheall gur fhreastail sé ar dhinnéar conspóideach Chumann Gailf an Oireachtais.

Fág freagra ar 'Táinseamh Séamus Woulfe curtha as an áireamh ag an Rialtas'