Táinseamh déanta ar Donald Trump i dTeach na nIonadaithe

Vótáil móramh i dTeach na nIodadaithe in Washington go ndéanfaí táinseamh ar an Uachtarán Donald Trump, an tríú huachtarán ar Mheiriceá ar tharla a leithéid dó

Táinseamh déanta ar Donald Trump i dTeach na nIonadaithe

Táthar tar éis vótáil i dTeach na nIodadaithe in Washington go ndéanfaí táinseamh ar an Uachtarán Donald Trump, an tríú huachtarán ar Mheiriceá ar tharla a leithéid dó.

Cuirfear Trump ar a thriail anois sa Seanad.

Dhá airteagal táinsimh a cuireadh faoi bhráid na nIonadaithe – mí-úsáid na cumhachta agus bac ar obair Theach na nIonadaithe.

Caitheadh vóta ar an dá airteagal, ceann i ndiaidh an chinn eile. Vótáil móramh, 230-197, ar son an chéad airteagail, mí-úsáid chumhachta agus vótáil móramh, 229-198, ar son an dara ceann, bac or obair an Tí.

Bhí Feisirí pháirtí na nDaonlathach ag líomhain go raibh an tUachtarán ciontach i ‘mórchionta agus oilghníomhartha’ nuair a chuir sé brú ar údaráis na hÚcráine amhras a chaitheamh ar chúrsaí gnó Joe Biden agus a mhic ar mhaithe lena fheachtas uachtaránachta féin.

Le linn na díospóireachta teasaí roimh an vótáil, dúirt Spéicéir an Tí Nancy Pelosi nach raibh aon rogha ann ach Trump a tháinseamh.

Mhaígh Poblachtánaigh gur feachtas claonpháirteach géarleanúna a bhí ar siúl ag na Daonlathaigh in aghaidh an uachtaráin mar go raibh imní orthu nach bhféadfaidís an ceann is fearr a fháil air sa toghchán.

Faoin mBunreacht is féidir le Teach na Comhdhála Uachtarán, leasUachtarán nó oifigeach sibhialta eile a chur as oifig má vótálann dóthain reachtóirí ar son a gciontaithe i ‘tréas, breabaireacht, nó mórchionta agus oilghníomhartha eile’.

Tá na Daonlathaigh ag cur i leith an Uachtaráin Trump gur chuir sé brú ar rialtas na hÚcráine fiosrúchán a fhógairt go poiblí i gcúrsaí gnó Biden sa tír sin, fógra a d’fhéadfadh a ghabháil chun tairbhe dó féin ó thaobh na polaitíochta de i Meiriceá.

Maítear gur dhiúltaigh Trump cúnamh míleata a bhí ceadaithe ag Teach na Comhdhála don Úcráin a thabhairt dóibh agus gur dhiúltaigh sé cruinniú a eagrú le hUachtarán nua na hÚcráine, Volodymyr Zalensky, sa Teach Bán mura ndéanfadh sé an fiosrúchán faoi Biden a fhógairt.

Aréir chuir an tUachtarán Trump litir ghangaideach sé leathanach go dtí an Spéicéir Nancy Pelosi, inar cháin sé go fíochmhar an fiosrúchán táinsimh. Dúirt sé nach ndearna sé féin aon rud as bealach agus go n-íocfadh na Daonlathaigh go daor as an gcás seo in 2020.

“Is dian an breithiúnas a thabharfaidh na glúnta inár ndiaidh oraibh agus ar an gcur i gcéill seo de tháinseamh atá ar siúl agaibh,” a dúirt an tUachtarán Trump ina litir.

Chaithfeadh móramh dhá thrian tacú sa Seanad, mar a bhfuil móramh ag na Poblachtánaigh, leis an iarracht ar Trump a ruaigeadh as oifig.

 

Fág freagra ar 'Táinseamh déanta ar Donald Trump i dTeach na nIonadaithe'