‘Táimid sábháilte’ – muintir na hÚcráine croíbhriste ach buíoch i nGaeltacht Chonamara

Labhair Tuairisc le Mariie Vesna duine den bhreis is leathchéad Úcránach atá ag cur fúthu gCarna i ndiaidh dóibh teitheadh ón gcogadh sa mbaile

‘Táimid sábháilte’ – muintir na hÚcráine croíbhriste ach buíoch i nGaeltacht Chonamara

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

“An tríú lá fichead de mhí Feabhra.” Croitheann Mariie Vesna a cloigeann agus sciorrann na deora anuas lena grua. “Dá mbeadh an lá sin againn aríst, bheinn sna Flaithis,”a deir sí. 

Bhí Mariie sách cruógach an lá sin idir dhualgais bhaile, theaghlaigh agus oibre ina cathair dhúchais Ternopil, in iarthar na hÚcráine. Cuireadh an saol ó rath uirthi féin agus a teaghlach ó shin.

In Óstán Chuan Charna i gConamara atá Mariie ag labhairt liom. Ansin atá sise agus breis agus leathchéad eile teifeach as an Úcráin ag cur fúthu anois. Tá a hiníon, Antonina, 7 mbliana d’aois, a máthair Natalia agus a deirfiúr Anastasiia in éineacht léi. Tádar uaigneach agus croíbhriste ach “tá muid sábháilte”, a deir Mariie agus macalla an bhuíochais ag cur teannadh lena glór. 

“Tá muid sábháilte!”

Labhraíonn Mariie, atá naoi mbliana fichead d’aois, togha an Bhéarla. Múinteoir Béarla a bhí inti ina tír dhúchais agus rinne sí obair aistriúcháin freisin. Leag a máthair, Natalia, béim ar thábhacht an Bhéarla go hidirnáisiúnta. Cuireadh teagascóir príobháideach Béarla ar fáil do Mariie ó bhí sí sé bliana d’aois nó go raibh sí 18. Cuntasóir í Natalia ach tá lagaithe aici ar an obair ó theagmhaigh babhta ailse di riar blianta ó shin. Iníon léinn dochtúireachta sa leigheas í Anastasiia, deirfiúr Mariie, agus tá sí ag leanacht lena cuid staidéir go fíorúil as an seomra in Óstán Chuan Charna. Tá ceangal aici as sin leis an Ollscoil ar a raibh sí ag freastal san Úcráin. Sa mbád céanna atá a comhghleacaithe uilig atá sa mbliain dheireanach dá gcuid staidéir.

In árasán ar an 10ú hurlár d’fhoirgneamh 16 stór ar airde a bhí cónaí ar Mariie Vesna agus a hiníon Antonina ar an tríú lá fichead de mhí Feabhra 2022. Bhí cónaí ar a máthair, Natalie, i bhfoisceacht ceithre chiliméadar dóibh. 250,000 duine atá ina gcónaí i gcathair Ternopil atá i bhfoisceacht 200 ciliméadar do theorainn na Polainne, an teorainn thiar, agus 400 ciliméadar ón mBealarúis, ar an teorainn ó thuaidh. De réir cosúlachta, ba chathair shuaimhneach í Ternopil agus cuid mhaith daoine ann a bheadh ar a sócúlacht, Mariie agus a muintir ina measc. Mar sin a bhí agus iad ag dul a chodladh ar an 23 Feabhra. D’athraigh an saol roimh mhaidneachan lae, an 24 Feabhra. 

“Mo dheirfiúr a ghlaoigh orm ar an teileafón ag a cúig a chlog ar maidin,” arsa Mariie. “Tá a cuid focal greanta ar a m’intinn – ‘tá na Rúisigh ag ionsaí na tíre’,” 

Ghlaoigh Mariie láithreach ar a máthair, Natalia. Ghlaoigh sí ceithre huaire ach ní raibh aon fhreagra ó Natalia. “Ní raibh a fhios agam céard a bhí ar bun,” a deir Mariie. “Bhí an-imní orm.”

Mar a tharla sé, bhí a máthair ina codladh go suaimhneach. Bhí sé tamall eile sular chuala sí an teileafón. Bhí an Úcráin ag dúiseacht ón suaimhneas agus ag tabhairt faoin dorchadas. 

Cuireadh comhairle ar mhuintir na tíre gan na gasúir a ligean chun na scoile agus fanacht sa mbaile. Ach bhris Mariie na rialacha mar a rinne cuimse daoine eile. “Bhí dhá uair an chloig orm sa scuaine ag an siopa poitigéara,” a deir sí. “Theastaigh na piollaí uaim a thógaim don fhadhb leis an bhfaireog thíoróideach [thyroid] atá ag dul dom.”

Rugadh Mariie i bhfoisceacht 400 ciliméadar do Chernobyl ceithre bliana tar éis na timpiste núicléiche ansin i 1986. (Tuairiscítear cuid mhór daoine a bheith buailte ag tinneas a bhaineann leis an bhfaireog thíoróideach sa gcuid sin den Úcráin agus an milleán á bhualadh ar an radaighníomhaíocht a tháinig as an bpléasc i stáisiún cumhachta Chernobyl.)

An oíche sin – an 24 Feabhra –a séideadh na buinneáin foláirimh a thug fógra faoi bhaol ionsaithe ón aer ar chathair Ternopil. Chuaigh Mariie agus a hiníon ar a dteitheadh go dtí an chuid den fhoirgneamh a bhí faoi thalamh. “B’uafásach an oíche í; bhí daoine ag teacht isteach agus scéin ina gcroíthe. Is beag focal a dúradh. Níor chodail muid. Bhí muid ansin go dtí a seacht ar maidin, fuar agus scanraithe.”

Chuimhnigh Mariie an oíche sin gur ghearr go mbeidís ar a dteitheadh i bhfad níos faide ó bhaile. 

Chuimhnigh sí ar Shasana; bhí a cumas Béarla ar cheann de na húdair leis sin. Ach b’fhacthas di gurbh fhearr an rogha í Éire, go háirithe agus an tír seo faoi bhratach an Aontas Eorpaigh. Beidh cuimhne aici féin agus a teaghlach go brách ar a gcinneadh a dtír agus a dtithe féin a fhágáil agus ar an aistear a rinneadar.

Chuireadar turas eitleáin as Vársá na Polainne go Baile Átha Cliath in áirithe ach chuireadar an ceann sin ar ceal. Ach bhí na scéalta uafáis ag scaipeadh. 

“Chuala muid faoi shaighdiúirí Rúiseacha a chuaigh isteach gan bhuíochas chuig bean aosta a bhí ina cónaí aisti féin. Dúradar go raibh ocras orthu. Dúirt sí leo gur thuig sí a gcás agus go réiteodh sí béile dóibh. Rinne. D’itheadar. Ansin bhrúigh siad isteach in aghaidh an bhalla í agus chuir piléar i gcúl a cinn.”  

Ní fhéadfadh Mariie meabhair ná tuiscint a fháil ar an mbrúidiúlacht agus ar an easpa daonnachta sin. 

Chuir sí suíocháin ar bhus in áirithe as Cív go Vársá, aistear 14 uair an chloig. Bhíodar traochta agus uaigneach, í féin, a máthair, a hiníon agus a deirfiúr agus daoine eile a bhí ag teitheadh ón uafás.

Shaothraigh siad é i Vársá. Bhí tranglam daoine ann. Bhí treampán ag baint le chuile choisméig den bhealach. 

Bhí Mariie chomh tugtha sin agus gur dhúirt sí go gcasfaidís ar ais abhaile. Ach dúirt a deirfiúr Anastasiia, nach mbeadh aon chiall leis sin. “Ach,” a deir Mariie “murach an cúnamh a thug fir dhóiteáin Pholannacha dúinn ní bheadh muid sroichte chomh fada le heitleán Bhaile Átha Cliath in am. Níl a fhios agam cén bhail a bheadh orainn.”

Tá Mariie ina bean labhartha agus ina hambasadóir neamhoifigiúil ag muintir na hÚcráine i gCarna. Thuill sí meas agus cion gach a raibh i láthair ag fáiltiú a eagraíodh dóibh in Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta ar an mbaile sin le déanaí. 

Rinne sí fógraíocht agus aistriúchán ag an ócáid. Ansin d’eagraigh sí casadh amhrán náisiúnta na hÚcráine ag deireadh na hoíche. Bhí na deora lena grua aríst – agus le go leor eile freisin.

Cuireann sí a buíochas ó chroí in iúl go humhal agus go mórchroíoch do mhuintir na hÉireann agus do mhuintir Chonamara. 

Tugann an suaimhneas sa cheantar tuaithe Gaeltachta faoiseamh éigin di, ach níl an t-uafás a chonaiceadar sa mbaile díbeartha ná baol air.  

Amanta, dúisíonn Antonina bheag as a codladh agus í ag fógairt go gcloiseann sí torann na mbuinneán cogaidh.

Sileann na deora as súile a máthar agus í á inseacht sin. Níl le cloisteáil leis an tráthnóna i gCarna ach rabharta fonnadóireachta an earraigh ó éanacha an aeir. “Faraor nach mar sin atá an cine daonna,” a deir Mariie.

Tá leisce ar Mariie aon phictiúir di féin ná a muintir a ligean amach go poiblí. “Ní bheadh a fhios agat cé a d’fheicfeadh iad,” a deir sí. “Tá imní orm.” 

Beidh an faitíos agus an imní sin ann nó go dtiocfaidh macasamhail an tríú lá fichead de mhí Feabhra arís.

Fág freagra ar '‘Táimid sábháilte’ – muintir na hÚcráine croíbhriste ach buíoch i nGaeltacht Chonamara'