Táimid go léir ag iarraidh rúin Luimnigh a fháil amach…

Mar a dúirt Mohammed Ali, ‘is i bhfad ós na soilse a bhuaitear nó a chailltear an troid’

Táimid go léir ag iarraidh rúin Luimnigh a fháil amach…

John Kiely agus Cian Lynch. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Nuair a chríochnaigh mise mar bhainisteoir le Corcaigh i ndiaidh chraobh na hÉireann 2006 fuaireas tairiscint alt a scríobh faoin iománaíocht do cheann des na páipéir laethúla. Bhaineas taitneamh as an dúshlán seachtainiúil agus lean mé orm ar feadh sé nó seacht de bhlianta. Le linn mo chéad bhliana bhí cuid maith eolais fós agam ón ‘inside track’ mar a déarfá agus chuir sé go mór (dar liom) le mo chuid anailíse ar na cluichí. 

Ach uaireanta chuir cuid de m’altanna isteach ar chúpla duine de mo chairde, go háirithe daoine a bhí ag obair liom le hiománaithe Chorcaí ó 2003 go 2006. An rud a bhí ag cur tinnis orthu ná go raibh mé ag scaoileadh leis an iomad rún faoin traenáil agus an t-ullmhúchán agus dar leo go mbeadh contaetha eile ag foghlaim ó mo chuid píosaí sa pháipéar. Agus ar shlí bhí an ceart acu mar idir 2003-2006 chuaigh an contae chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann gach bliain agus bhí an bua againn faoi dhó, rud a chiallaigh go raibh mórán a bhí á dhéanamh againn a bhí go maith agus a choimeád Corcaigh chun tosaigh. 

Is minic agus mé ag freagairt ceisteanna in agallaimh i ndiaidh chuid de na cluichí sin sin gur luaigh mé an tionchar ar chúrsaí a bhí ag an traenálaí fisiciúil Seánie McGrath (seachas an t-iar-iománaí idirchontae). Bhí tionchar thar na bearta ar fad aige ar gach a ndearna iománaithe sinsir Chorcaí agus ní ar pháirc na traenála amháin. Fear óg go maith a bhí ann agus bhí an eolaíocht nua-aimseartha ar fad aige. Bhí sé i ndiaidh teacht tríd an gcóras tríú leibhéal agus na cáilíochtaí go léir bainte amach aige. 

Le déanaí léigh mé alt a scríobh cúl báire Luimnigh Nicky Quaid faoi dheireadh seachtaine na craoibhe agus an phrapáil a rinne sé féin agus cuid de na himreoirí eile. Smaoinigh mé ar mo sheanchairde i gCorcaigh agus iad ag rá ‘Á tá scaoileadh na rún tosnaithe’. Is annamh go dtagann scéalta amach ó champa Luimnigh agus bí cinnte gur tugadh suntas don alt sin. Mar bí cinnte de go bhfuil gach contae eile a imríonn sa chraobh ag lorg aon bhlúire eolais a d’fhéadfadh cabhrú leo stop a chur le tréimhse ceannasaíochta Luimnigh.  

Sea, tá gach bainisteoir contae ag iarraidh rúin Luimnigh a fháil amach. Tá a fhios againn go léir gurb iad an cóitseálaí Paul Kinnerk agus an síceolaí spóirt Caroline Currid na daoine is tábhachtaí sa chúlra. Is minic iad luaite ag an mbainisteoir John Kiely agus na himreoirí i ndiaidh na mbuanna móra agus iad molta go hard na spéire. 

Ach níl aon rud cloiste againn ós na déithe seo iad féin ná faoi cén fáth go bhfuil siad chomh speisialta sin? Cad iad na rúin atá acu? 

Tá a fhios againn go léir conas mar a imríonn Luimneach agus iad ar an mbóthar anois ó 2017. I ndiaidh tosach mall tá siad ag dul ó neart go neart ó shin agus an léiriú is déanaí ar a máistreacht faighte againn i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite. Ach rud amháin fios a bheith againn cén cur chuige a bhíonn acu ar pháirc na himeartha, rud eile é tuiscint a bheith againn ar conas a thugann siad an cur chuige sin chun foirfeachta. 

Ach tá cuid de na rúin a scaoileadh de réir a chéile. Léigh mé alt ar cheann de na páipéir Dhomhnaigh i lár mhí Iúil agus bhí beirt d’iar-imreoirí na chontae, Tom Condon agus Paul Browne, ag caint faoina mbíodh á dhéanamh acu ar an bpáirc thraenála. Dar ndóigh mhol siad Kinnerk go hard, go háirithe an bhéim a chuir sé ar na cúlaithe, ar na taicleáil agus ar sheachadadh an tsliotair. Cuireann sé an-bhéim freisin ar an bpasáil láimhe agus camáin agus ar sheifteanna chun seilbh na liathróide a choinneáil.  

Tá a fhios againn go léir é sin, a deir tú. Ach mar a dúirt Mohammed Ali ‘is i bhfad ós na soilse a bhuaitear nó a chailltear an troid’. Táimid go léir ag iarraidh a fháil amach cad atá á dhéanamh ag imreoirí agus ag lucht bainistíochta Luimnigh agus iad i bhfad ós na soilse sin. 

Sea, tá na rúin á scaoileadh go mall agus pictiúr á chruthú againn, ach an mbeidh go leor den phictiúr céanna daite isteach againn roimh shamhradh 2022? 

Neosfaidh an aimsir is dócha.  

Fág freagra ar 'Táimid go léir ag iarraidh rúin Luimnigh a fháil amach…'

  • alan titley

    Tá John ag fiafraí cad iad na rúin atá ag Luimneach? Níl sin deacair….drugaí, angel dust, 10-10-20, insteallaí fuinnimh sna matáin, aistrithe fola, piollaí ardfheidhmíochta, stéaróidí anabalacha ar maidin, harmóin fáis dhaonna i lár an lae agus suipéar breá ramhar de somatotropíní roimh dhul a chodladh…nó an bhfuil aon mhíniú níos fearr ag duine ar bith eile?

  • Peadar Ó Ceannabháin

    Níl de rún acu ach an Tiobradach a thaoscadh, an Corcaíoch a chorcáil agus chaon chondae eile a a chur dá bhonn!