‘Táimid dáiríre faoin nGaeilge’ – craoladh clár Nationwide a rinneadh sa Ghaeltacht curtha siar ag RTÉ 

Tagann an cinneadh clár faoi Choláiste Íosagáin a chur siar sna sála ar chonspóid mar gheall ar chlár Nationwide eile a bheith i mBéarla ar fad

‘Táimid dáiríre faoin nGaeilge’ – craoladh clár Nationwide a rinneadh sa Ghaeltacht curtha siar ag RTÉ 

Mícheál Ó Muircheartaigh atá ar dhuine de na daoine ar cuireadh agallamh air d'eagrán den chlár Nationwide atá curtha siar

Tá sé deimhnithe ag RTÉ gur chuir siad siar craoladh clár sa tsraith Nationwide a taifeadadh sa Ghaeltacht agus dúirt an craoltóir go bhfuil siad “dáiríre” faoi na gealltanais a dhéanann siad faoin nGaeilge.

Bhí an clár faoi Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne le craoladh aréir ach dheimhnigh RTÉ do RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh sé á chur siar. 

Cuireadh an méid sin in iúl do RnaG i ndiaidh dóibh RTÉ a cheistiú faoin méid Béarla agus Gaeilge a bheadh sa chlár.

I measc na ndaoine a bhí faoi agallamh sa chlár bhí an craoltóir aitheanta agus cainteoir líofa Gaeilge, Mícheál Ó Muircheartaigh agus an t-iarpheileadóir agus cainteoir Gaeilge, Mickey Ned O’Sullivan.

Tagann an cinneadh an clár a chur ar athlá sna sála ar chonspóid mar gheall ar chlár Nationwide faoi Sheán Ó Riada a bheith i mBéarla ar fad.

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Niamh Ní Churnáin, ag cruinniú Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais an mhí seo caite go mbeadh sé níos “nádúrtha” dá mba chlár Gaeilge an clár a craoladh faoin chumadóir ceoil.

I ráiteas a chuir RTÉ ar fáil do Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúradh gurb é mian RTÉ níos mó Gaeilge a bheith á labhairt ar chláracha áirithe dá gcuid. 

“Tá RTÉ dáiríre faoi na gealltanais atá tugtha aige i leith na Gaeilge. Roinnimid-ne an mhian gur chóir níos mó Gaeilge a bheith á labhairt ar chlár nuair a bhíonn an deis ann sin a dhéanamh go nádúrtha mar gheall ar an topaic agus an t-ábhar atá i gceist.

Géillte ag RTÉ nár chóir clár faoi Sheán Ó Riada a bheith i mBéarla ar fad

“Tá clár na hoíche anocht [aréir] curtha siar agus ina áit caithfidh Nationwide, in ómós do Paddy Maloney, an ceoltóir mór ceol tíre Éireannach a bhásaigh le gairid, comhbhunaitheoir The Chieftans, súil siar ar an turas a thug an banna aitheanta ar Mheiriceá.”

Dúradh go bhfógrófaí amach anseo cén uair a chraolfaí an clár a rinneadh i Maigh Chromtha agus Baile Bhuirne.

Mar chuid den chlár speisialta Nationwide faoi Sheán Ó Riada, a craoladh ar RTÉ 1 mí Mheán Fómhair, bhí mac Sheáin, Peadar Ó Riada, craoltóir Gaeilge agus ceoltóir aitheanta, faoi agallamh ag láithreoir Nationwide Bláthnaid Ní Chofaigh, arb as an nGaeltacht di féin.

Tugadh suntas don scéal gur Béarla a bhí á labhairt ag beirt nach mbíonn aon doicheall orthu a dteanga dhúchais a labhairt.

Fág freagra ar '‘Táimid dáiríre faoin nGaeilge’ – craoladh clár Nationwide a rinneadh sa Ghaeltacht curtha siar ag RTÉ '