‘Táim ag smaoineamh dáiríre faoi’ – súil ag Ó Céidigh ar thoghchán na huachtaránachta

Deir an Seanadóir Gaeltachta agus fiontraí aitheanta Pádraig Ó Céidigh le Tuairisc.ie go bhfuil sé i mbun dianmhachnaimh ar sheasamh d’uachtaránacht na hÉireann

‘Táim ag smaoineamh dáiríre faoi’ – súil ag Ó Céidigh ar thoghchán na huachtaránachta

 

Tá an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh “ag smaoineamh dáiríre” faoi sheasamh d’uachtaránacht na hÉireann agus súil aige cinneadh a dhéanamh i dtús an tsamhraidh.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie maidin inniu, dúirt Ó Céidigh go raibh sé i mbun machnaimh faoi láthair faoin scéal.

“Tá cúpla rud bunúsach i gceist, is dócha, le cinneadh mar seo. An bhfaighinn ainmniúchán? Bheinn dóchasach go bhfaighinn. An mbeadh seans ann go n-éireodh liom sa toghchán – bheadh seans maith go leor agam, creidim. Ansin, ceist eile ná cén saghas jab a d’fhéadfainn a dhéanamh?

“Bhuel, is dóigh liom go bhféadfainn jab maith a dhéanamh mar gheall ar an gcineál taithí agus cúlra atá agam agus má théim ar aghaidh leis seo, tabharfaidh mé 110% dó, mar atá déanta agam le gach rud atá déanta i mo shaol go dtí seo,” a deir an Seanadóir Ó Céidigh, an fiontraí agus fear gnó aitheanta as an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Dúirt an Seanadóir gur gá “réamhullmhúchán iomlán ceart” a dhéanamh faoi “chinneadh chomh mór seo”.

“Caithfidh tú do chlann agus do mhuintir a chur san áireamh agus cén chaoi a n-athródh an saol dá n-éireodh leat nó mura n-éireodh leat,” a dúirt sé.

Tuairiscítear go ndéanfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fógra oifigiúil i mí Iúil faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh sé á chur féin chun tosaigh i mí na Samhna don dara téarma in Áras an Uachtaráin. Meastar nach bhfuil sé i gceist ag an dá pháirtí is mó – Fine Gael agus Fianna Fáil –iarrthóir a chur chun tosaigh sa chás go seasfadh Ó hUigínn arís.

Deir Pádraig Ó Céidigh, áfach, go bhfuil sé “tábhachtach” go mbeadh toghchán ann agus is dóigh leis go bhfuil “meon an phobail ag athrú faoin méid sin”.

Dar leis go bhfuil “jab maith” déanta ag an Uachtarán le seacht mbliana anuas ach gur chun “leas an daonlathais” atá sé go mbeadh toghchán ann.

Deir an Seanadóir go ndéanfaidh sé a chinneadh maidir le seasamh don toghchán roimh mhí Iúil.

Maidir leis an teachtaireacht toghchánaíochta a bheadh aige agus an fhís a bheadh aige don uachtaránacht, deir Ó Céidigh nach féidir a leithéid a chur in iúl “in aon abairt nó mana simplí amháin”.

“Creidim go láidir go dtagann an cineál físe atá ag duine ó céard atá déanta aige roimhe seo. Má tá tú ag iarraidh fís duine éigin a fheiceáil, caithfidh tú an cheist a cur, cén chaoi ar chaith sé a shaol go dtí seo agus céard atá déanta aige san am atá caite? An cúlra atá ag duine, sin an áit as a dtagann a thuiscint ar an saol.

“Tagaim ó chúlra íseal-aicmeach go maith, ó chúlra Gaeltachta i gConamara agus tá mo shaol caite agam le cúrsaí gnó agus fiontraíochta agus le cúrsaí pobail. Creidim go láidir go bhfuil an tallann agus an mhuinín ag muintir na hÉireann go leor a bhaint amach dúinn féin. Ba mhaith liom mar sin, mar shampla, nach mbeadh muid ag brath chomh mór sin ar chomhlachtaí ó thar lear – cé go bhfuil na comhlachtaí sin an-tábhachtach – ach go mbainimis buntáiste níos mó as na tréithe iontacha atá againn féin,” a deir Pádraig Ó Céidigh.

Deir sé leis go mbeadh “an fhéiniúlacht Éireannach, an cultúr, an t-oideachas, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus CLG” lárnach in aon fheachtas toghchánaíochta a bheadh ar bun aige.

“Sin an cúlra atá agam féin. Ní Sasanaigh muid, ní Francaigh muid – is Éireannaigh muid, bíodh muid anseo nó thar sáile,” a deir an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh.

Fág freagra ar '‘Táim ag smaoineamh dáiríre faoi’ – súil ag Ó Céidigh ar thoghchán na huachtaránachta'

  • leitheoir

    Tabhair faoi a bhuachaill!

  • Seán Mag Leannáin

    Bheadh Pádraig Ó Céídigh ina Uachtarán sár-mhaith. Rinne Mícheál D obair mhaith don tír ach tá tírghráthóir den chéad ghlúin eile de dhíth anois.