‘Táim ag foghlaim Gaeilge i Montreal. Níl sé chomh deacair sin!’ – 10,000 tvuít seolta ó 70 tír faoi #TrasnaNadTonnta

Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada a chuir tús leis an bhfeachtas le daoine ar fud an domhain a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar Twitter

‘Táim ag foghlaim Gaeilge i Montreal. Níl sé chomh deacair sin!’ –  10,000 tvuít seolta ó 70 tír faoi #TrasnaNadTonnta

Léargas ar an bhfeachtas #TrasnaNadTonnta. Tá gorm ar na tíortha ónar tháinig tvúiteanna, agus an dath liath ar na tíortha nár tháinig aon tvuít uathu fós

Tá nach mór 10,000 tvuít seolta ó os cionn 70 tír faoin haischlib #TrasnaNadTonnta ó cuireadh tús Dé Luain leis an bhfeachtas a bhfuil faoi daoine ar fud an domhain a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar Twitter.

Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada a chuir tús leis an bhfeachtas, a bhfuil deireadh ag teacht inniu leis, agus tá Conradh na Gaeilge agus an Coimisiún Fulbright ag tacú leis chomh maith.

Tá idir ambasadóirí, Ghaeilgeoirí thar lear agus lucht foghlama na Gaeilge i gcéin ag glacadh páirte i #TrasnaNadTonnta le cúig lá anuas.


Bhí an Taoiseach Leo Varadkar ar na daoine ba thúisce a chuir tvuít amach mar chuid den fheachtas.

Ar na daoine eile atá ag glacadh páirte sa bhfeachtas a bhfuil sé mar aidhm aige a chruthú gur teanga dhomhanda í an Ghaeilge, tá Ambasadaóir na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Dan Mulhall.

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge, go raibh borradh faoi úsáid na Gaeilge ar líne.

“Seo ceann de na chéad fheachtais de chuid Bhliain na Gaeilge agus é an-ábhartha gur feachtas ar líne atá ann. Tá beocht faoi leith ag an nGaeilge ar líne agus táimid ag súil leis sin a chur chun cinn le linn na Bliana leis an haischlib #Gaeilge2018. “Is féile idirnáisiúnta í Bliain na Gaeilge, agus tugann Trasna na dTonnta deis dóibh siúd atá thar sáile páirt lárnach a ghlacadh in imeachtaí na féile,” a dúirt Ní Ruairc.

Fág freagra ar '‘Táim ag foghlaim Gaeilge i Montreal. Níl sé chomh deacair sin!’ – 10,000 tvuít seolta ó 70 tír faoi #TrasnaNadTonnta'