Táille ‘idirnáisiúnta’ le n-íoc d’fhógraíocht in Éirinn ag Gaelcholáiste i nDoire

Gearrtar táille €150 ar fhógraí ó scoileanna i dTuaisceart Éireann ar an suíomh EducationPosts.ie ach bíonn na fógraí céanna saor in aisce do scoileanna na Poblachta

classroom

Beidh ar Ghaelcholáiste nua i nDún Geimhin, Co. Dhoire táille a íoc chun fógraíocht a dhéanamh le múinteoirí a earcú ó dheas den teorainn cé go mbeadh a leithéid saor in aisce ag scoileanna sa Phoblacht. Dheimhnigh an suíomh gréasáin EducationPosts.ie nach ndéanfar eisceacht i gcás an Ghaelcholáiste nua agus go mbeidh orthu an táille céanna a íoc agus a d’íocfadh institiúidí idirnáisiúnta.

Is é EducationPosts.ie an príomhshuíomh fógraíochta d’fholúntais mhúinteoireachta in Éirinn.

Thug urlabhraí an tsuímh le fios do Tuairisc.ie cé nach mbreathnaíonn siad ar scoileanna i dTuaisceart Éireann mar scoileanna idirnáisiúnta; ‘tá siad difriúil’ le scoileanna na Poblachta agus is dá bharr sin a ghearrtar táille orthu.

Dúirt Nodlaig Ní Bhrollaigh, cathaoirleach Choláiste Dhoire, le Tuairisc.ie go bhfuil an chosúlacht air nár mhaith leis an suíomh gréasáin múinteoirí sa Deisceart a chur ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta ó thuaidh.

“In earnáil an Ghaeloidis go háirithe, is iad na múinteoirí sa deisceart a bheas thíos leis mar gheall ar an pholasaí seo. An bhfuil idirdhealú idir Gaelscoileanna ó dheas agus ó thuaidh?” a d’fhiafraigh sí.

Cuirtear an tseirbhís fógraíochta ar fáil saor in aisce do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna na Poblachta ach gearrtar táille €150 (£108) ar scoileanna eile faoin rannóg “Idirnáisiúnta agus Eile” ar an suíomh.

Ní bhíonn táille le n-íoc ag scoileanna atá cláraithe leis an Roinn Oideachais agus Scoileanna, ag Boird Oideachais agus Oiliúna, ag institiúidí tríú leibhéal a bhfuil aitheantas na Roinne acu, ag naíonraí faoi scéim Cúraim agus Oideachais Luath-Óige na Roinne Oideachais ná ag tuisimitheoirí páiste atá i dteideal Teagasc Baile ón Roinn Oideachais nó Soláthar Iúil.

“Tá an tseirbhís ar fáil saor in aisce do scoileanna agus roinnt institiúidí eile i bPoblacht na hÉireann atá faoi chúram na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tá cuairt tugtha ag ionadaithe EducationPosts.ie ar na coláistí oiliúna fud fad na Poblachta agus bíonn na mic léinn ar an eolas faoi fholúntais in Albain, i Sasana agus i dTuaisceart Éireann. Ní fheictear dúinn go bhfuiltear ag cailleadh deiseanna fostaíochta ansin mar gheall ar an táille,” a dúirt an t-urlabhraí ó EducationPosts.ie.

Fág freagra ar 'Táille ‘idirnáisiúnta’ le n-íoc d’fhógraíocht in Éirinn ag Gaelcholáiste i nDoire'