Taighde nua faoi Chath Chluain Tarbh – dá mbeadh Brian Boru ar Facebook…

Tá leas bainte ag meitheal taighde in ollscoileanna Coventry, Oxford agus Sheffield as ‘teoiric an ghréasáin shóisialta’ d’fhonn réiteach a fháil ar an aighneas idir lucht staire faoin gcath cinniúnach in 1014

Taighde nua faoi Chath Chluain Tarbh – dá mbeadh Brian Boru ar Facebook…

Tá an cineál anailíse matamaitice a dhéantar ar an gcaidreamh idir daoine ar na meáin shóisialta curtha i bhfeidhm ag lucht taighde ar Bhrian Boru, a chairde agus a naimhde in iarracht teacht ar an bhfírinne faoi Chath Chluain Tarbh.

Tá leas bainte ag meitheal taighde in ollscoileanna Coventry, Oxford agus Sheffield as ‘teoiric an ghréasáin shóisialta’ d’fhonn réiteach a fháil ar an aighneas idir lucht staire faoin gcath cinniúnach in 1014.

Meastar go coitianta gurb é Cath Chluain Tarbh an cath deireanach i gcogadh inar chuir na Gaeil deireadh le forlámhas na Lochlannach in Éirinn, ach maíonn staraithe áirithe nárbh amhlaidh a bhí.

De réir insint na staraithe sin, bhí Éireannaigh agus Lochlannaigh ag troid le chéile ar an dá thaobh agus cath idir muintir na Mumhan agus muintir Chúige Laighean a bhí i gceist le Cath Chluain Tarbh.

Tacaíonn an taighde nua áfach leis an tuiscint gur chogadh idir Gaeil agus Lochlannaigh a bhí ann seachas cogadh cathartha, mar a mhaíonn staraithe áirithe an athbhreithnithe.

Dhein an lucht taighde an cineál céanna anailíse ar an gcaidreamh idir daoine i dtéacsanna meánaoiseacha is a dhéantar idir daoine ar leithéidí Facebook, chun teacht ar thuiscint níos fearr ar an ngréasán ‘sóisialta’ idir na Gaeil agus na Lochlannaigh a throid i gcath Chluain Tarbh agus ar cé acu an dea-chaidreamh nó naimhdeas a bhí eatarthu.

Chuir na taighdeoirí slat tomhais mhatamaitice ag obair ansin chun an naimhdeas idir na príomhcharachtair i gCogadh Gaedhel re Gallaibh, bíodh an naimhdeas sin idir Gaeil agus Gaeil nó Gaeil agus Lochlannaigh.

Ón scagadh a rinneadh ar leagan aistrithe den téacs ársa sin, is léir ar an mórgóir gur coimhlint idir Gaeil agus Lochlannaigh a bhí i gceist.

Dúirt príomhúdar an taighde Ralph Kenna ó Ollscoil Coventry cé nárbh ar ghréasáin shóisialta a bhí cumadóirí na dtéacsanna meánaoiseacha ag cuimhneamh gur léir go raibh gréasán na gcéadta daoine a raibh míle ceangal eatarthu i gceist sa scéal.

“Sin é an fáth go dtugann cur chuige na ngréasán léargas sainiúil nua dúinn; faightear teachtaireacht nach raibh súil léi sna sleachta,” a dúirt an tOllamh Ralph Kenna.

Dúirt Kenna go gcuireann an taighde nua bonn cainníochtúil faoin seandíospóireacht faoi ré na Lochlannach in Éirinn.

Dúirt Joseph Yose, duine eile de na taighdeoirí, nach raibh aon mhiontuairiscí neamhspleácha staire ann ón tréimhse sin agus go bhfuil an taighde nua bunaithe ar téacs snoite dea-scríofa atá lán le claonta agus áibhéil.

Dúirt Yose go gcuireann an anailís staitistiúil eolas ar fáil faoi thréithe daoine beag beann ar ghnéithe na reitrice agus na ndearcaí pearsanta sa chuntas.

“Cé nach réiteoidh sé seo an t-aighneas, tá súil againn go bhfuil eolas staitistiúil úsáideach ar fáil ann faoi ré na Lochlannach in Éirinn,” a dúirt Joseph Yose.

Fág freagra ar 'Taighde nua faoi Chath Chluain Tarbh – dá mbeadh Brian Boru ar Facebook…'