Taighde le foilsiú ag an Rialtas faoi stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh súil aige go mbeadh an taighde foilsithe roimh dheireadh na bliana

Taighde le foilsiú ag an Rialtas faoi stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga

Tá taighde a bheidh cinniúnach sa gcinneadh atá le déanamh faoi stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga a bhunú le foilsiú roimh dheireadh na bliana.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go raibh taighde coimisiúnaithe ag a Roinn chun an t-éileamh a bheadh ar stáisiún trí Ghaeilge don aos óg a fhiosrú.

Díríonn an stáisiún Raidió Rí Rá ar chainteoirí óga Gaeilge ach ar líne amháin a chraoltar cláracha an stáisiúin i láthair na huaire. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le fada go mbunófaí an tseirbhís mar stáisiún náisiúnta FM.

Agus é ag freagairt ceiste sa Dáil ón Teachta Donnchadh Ó Laoghaire ó Shinn Féin, dúirt an tAire Stáit go raibh treoir tugtha ag a Roinn d’Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) tabhairt faoi thionscadal taighde faoi sheirbhís raidió trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga a chur ar fáil.

“Táthar ag súil le tuairisc ar thorthaí an taighde seo faoi dheireadh na bliana. Beidh an tuairisc seo mar bhonn eolais faoi aon chinneadh a bhaineann le seirbhís ar FM a bhunú,” a dúirt an tAire Stáit Chambers.

Dúirt Chambers go mbeadh tuairimí an sprioclucht éisteachta – daoine idir 15-34 bliain d’aois – agus na gnéithe teicniúla a bheadh i gceist le bunú na seirbhíse ar an gcóras FM mar chuid den taighde.

Tá ráite ag an BAI cheana nach féidir stáisiún náisiúnta Gaeilge don aos óg a bhunú ar an gcóras FM mar nach bhfuil dóthain spáis ann dá leithéid.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais anuraidh, dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI Michael O’Keefe go raibh an mhinicíocht FM lán ach go bhféadfaí breathnú ar sheirbhís “hibrideach” a bhunú a mbeadh fáil uirthi ar ardáin ar líne agus ar FM in áiteanna.

Dúirt O’Keefe go raibh sé “mar pholasaí” ag an BAI go mbunófaí seirbhís raidió náisiúnta don aos óig “cosúil le Raidió Rí Rá”.

Dúirt an tAire Stáit Chambers an tseachtain seo go raibh maoiniú €109,000 curtha ar fáil ag a Roinn do Raidió Rí Rá don bhliain 2023, laghdú ar an €119,000 a cuireadh ar fáil i mbliana. Dúirt sé freisin gur thug Roinn na Gaeltachta maoiniú €47,772 don stáisiún chun uasghráduithe a dhéanamh ar a stiúideo in Uimhir 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Taighde le foilsiú ag an Rialtas faoi stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga'