Taighde le déanamh i gConamara faoi fhorbairt ‘Páirc Ghnó Ghlas’

Tá taighde le déanamh ag Údarás na Gaeltachta faoi ‘na bealaí is éifeachtaí’ le fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint ar dhá pháirc ghnó i gConamara – Páirc Ghnó na Ceathrún Rua agus Páirc Ghnó Chasla

Taighde le déanamh i gConamara faoi fhorbairt ‘Páirc Ghnó Ghlas’

Tá Údarás na Gaeltachta le tabhairt faoi thaighde maidir le conas a bpáirceanna gnó ‘a ghlasú’ agus a lorg carbóin a laghdú.

Tá €35,000 á chur ar leataobh don taighde faoi conas is fearr ‘Páirc Ghnó Ghlas’ a chruthú agus an aidhm atá leis ná go bhféadfaí ansin an múnla céanna a dhéanamh do pháirceanna gnó ar fud na Gaeltachta.

Dúradh go ndéanfadh an taighde iniúchadh “ar na bealaí is éifeachtaí” le fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint ar dhá pháirc ghnó i gConamara – Páirc Ghnó na Ceathrún Rua agus Páirc Ghnó Chasla.

Beifear ag súil tógáil ar an togra fótavoltach 130kw agus na háiseanna luchtaithe cairr atá forbartha cheana féin ag Comharchumann Mhic Dara, i gcomhar leis an Údarás, ar Pháirc Ghnó na Ceathrún Rua.

Feistíodh painéil fhótavoltacha ar dhíonta foirgnimh ar an bPáirc Ghnó agus laghdaíonn an togra an lorg carbóin sa cheantar agus an costas aibhléise a bhíonn ar Chomharchumann Mhic Dara atá lonnaithe san fhoirgneamh.

Dúirt Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, go raibh sé “ríthábhachtach” go mbeadh Údarás na Gaeltachta i dtús cadhnaíochta san earnáil ghlas agus gur cúis áthais don Bhord maoiniú a cheadú don taighde nua.

Dúirt  Príomhfheidhmeannach an Údaráis Mícheál Ó hÉanaigh go raibh “a gcion féin” le déanamh ag gach eagraíocht le dul i ngleic leis an athrú aeráide.

“Leag Údarás na Gaeltachta sprioc uaillmhianach An Ghaeltacht Ghlas rompu ina straitéis nua agus cuideoidh taighde agus forbairtí dá leithéid seo linn a chinntiú go mbeidh ceantair Ghaeltachta na tíre inmharthana agus glas chomh fada agus is féidir.

“Bheadh muid ag súil go mbeadh an togra seo mar thogra eiseamláireach do cheantair Ghaeltachta agus do cheantair tuaithe eile.”

Fág freagra ar 'Taighde le déanamh i gConamara faoi fhorbairt ‘Páirc Ghnó Ghlas’'