Taighde bliana faoi staid na Gaeilge foilsithe ag Conradh na Gaeilge

70% den phobal ó dheas agus 54% den phobal ó thuaidh a léirigh a dtacaíocht do sheirbhísí Gaeilge i dtaighde nua de chuid Chonradh na Gaeilge

Vote

Creideann 62% den phobal gur chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge dóibh siúd ar mhaith leo iad a úsáid, dar leis an tuairisc taighde Céard é an scéal? Tuairimí an phobail i leith na Gaeilge, a rinne Conradh na Gaeilge a choimisiúnú. 70% den phobal ó dheas agus 54% den phobal ó thuaidh a léirigh an tuairim sin sa staidéar.

Frítheadh sa staidéar, atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge ar an suíomh PEIG.ie, go mba mhaith le 37% den phobal níos mó Gaeilge a fhoghlaim. Ba mhaith le 29% den phobal ó thuaidh déanamh amhlaidh agus 44% den phobal ó dheas.

Léiríodh sa taighde go mba mhaith le 61% de mhuintir na Poblachta go dtabharfadh an Stát tuilleadh tacaíochta don Ghaeilge agus go mba mhaith le 48% den pobal ó thuaidh an rud céanna a fheiceáil.

Chuir Conradh na Gaeilge tús le próiseas comhairliúcháin chun tuairimí an phobail i leith na Gaeilge a mheas ag tús na bliana seo agus tá sé i gceist ag an eagras tógáil ar an taighde anois trí chomhairliúcháin bhreise a choimisiúnú ar bhonn bliantúil as seo amach.

Díreofar sna babhtaí comhairliúcháin seo ar théamaí éagsúla ó bhliain go bliain sa chaoi is go mbeidh réimse leathan eolais ar fáil tar éis tamall de bhlianta.

Bunaíodh na staitisticí sa tuairisc taighde ar na torthaí a fuarthas i sé cinn d’fhócasghrúpaí a reáchtáil an Conradh, in éineacht leis an gcomhlacht Amárach Research, agus ar an suirbhé a rinne an comhlacht Millward Brown ar son an Chonartha ag tús na bliana seo.

Bhain an t-eolas sa bhabhta taighde seo le deiseanna úsáide na Gaeilge; seirbhísí as Gaeilge agus tacaíocht don Stát; an Ghaeilge agus eacnamaíocht na hÉireann; Seachtain na Gaeilge; agus cumas sa Ghaeilge.

Chreid 53% de phobal na Poblachta gur chóir go dtabharfaí ainmneacha Gaeilge ar chomhlachtaí Stáit agus comhlacht leathstáit i gcónaí. Chreid 50% den phobal ó thuaidh gur chóir go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangach in airde sna ceantair sin a mbíonn éileamh dá leithéid iontu.

Ghlac 7% den phobal páirt in imeacht a eagraíodh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus bhí a fhios ag 31% den phobal gurb ann don fhéile.

Mhaígh 8% den phobal ó thuaidh go raibh siad muiníneach go dtuigeann siad an Ghaeilge agus 5% acu gur raibh siad muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha. Ba mhó i bhfad an céatadán de mhuintir na Poblachta a thug an rud céanna le fios – 26% a bhí muiníneach as a gcuidsean Gaeilge labhartha féin agus 35% a bhí muiníneach gur thuig siad an teanga.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán an Chonartha, go léiríonn an taighde go bhfuil tuairim dhearfach ag tromlach an phobail i leith na Gaeilge.

“Léiríonn an taighde is déanaí, atá coimisiúnaithe ag Conradh na Gaeilge, go bhfuil tromlach de thuairimí dearfacha ag pobal na hÉireann i leith na teanga, ní hamháin i measc phobal na Gaeilge féin, ach i measc an mhórphobail trí chéile.

“Is léir ó thaighde na bliana seo go bhfuil tacaíocht láidir ann do bhreis seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann, áfach, agus go gcreideann tromlach na ndaoine ar an oileán gur chóir don Stát níos mó a dhéanamh don teanga, agus do phobal na teanga,” a dúirt sé.

Is féidir an tuairisc a íoslódáil ag www.peig.ie/taighde nó cóip chrua de a fháil in oifigí Chonradh na Gaeilge i nGaillimh, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Taighde bliana faoi staid na Gaeilge foilsithe ag Conradh na Gaeilge'