Taibhsí ó shaol corrach eile i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo

Bhí an saol chomh corrach sin 100 bliain ó shin go raibh breis agus bliain go leith caite ón am ar bhuaigh Áth Cliath ar an gCabhán sa chéad chluiche leathcheannais nó gur bhuaigh Tiobraid Árann ar Mhaigh Eo sa dara ceann

Taibhsí ó shaol corrach eile i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo

Páirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Saol corrach a bhí sa tír seo céad bliain ó shin nuair a bhuaigh na contaetha céanna a imreoidh a chéile i mBabhtaí Leathcheannais Peile na hÉireann 2020 an deireadh seachtaine seo craobhacha a gcúigí – chomh corrach sin agus go raibh breis agus bliain go leith caite ón am ar bhuaigh Áth Cliath ar an gCabhán sa gcéad chluiche (26 Meán Fómhair 1920) nó gur bhuaigh Tiobraid Árann ar Mhaigh Eo sa dara ceann (7 Bealtaine 1922).

Go deimhin ba ábhar iontais a bhí ann gur imríodh an cluiche sin idir Áth Cliath agus an Cabhán beag ná mór. An tseachtain a bhí leagtha amach dó, níor bhac nuachtán áitiúil chontae Bhreifne, an Anglo Celt, le réamhthuairisc féin a thabhairt faoin gcluiche agus iad den tuairim go gcuirfí ar athló é mar a déanadh le chuile chluiche eile.

Ní raibh de thagairt sa nuachtán ach cúpla líne: ‘The much talked of All Ireland semi-final, Cavan v Dublin at Navan, is still in abeyance and the probability is that it will not be brought off until the crisis created by the hunger strike has passed. For the time being it is hoped the members of the county team are keeping themselves fit so that they may be ready for action when the call comes.’

Aisteach go leor sa gcolún le taobh na bhfocal sin tá fógra a thugann eolas faoi mhionsonraí an chluiche atá fógartha le himirt ar Pháirc Tailteann ag 4pm lá arna mhárach – scilling le n-íoc ag an ngeata agus scilling lena chois sin ar shuíochán seastáin.

San eagrán a foilsíodh le tuairisc na himeartha an tseachtain dár gcionn thug an Anglo Celt míniú ar an gcúis a bhain leis an meascán mearaí. Ba i gcathair Bhaile Átha Cliath a dhéantaí an nuachtán a phriontáil. Ar an Aoine síneadh fógra isteach ansiúd ag cur in iúl go raibh sé socraithe ag Cumann Lúthchleas Gael go mbeadh an cluiche ar siúl agus cheal ama ní raibh an deis ann an nóta amhrais a bhaint amach as an bpáipéar.

Sa tuairisc ar bhua Átha Cliath (3-6 in aghaidh 0-3) dúradh go raibh Frank Burke ar dhuine díobh siúd ab fhearr a d’imir do na buaiteoirí – múinteoir i Scoil Éanna an Phiarsaigh ab ea an Búrcach agus ba é a bhí ag marcáil Michael Hogan seacht seachtainí dár gcionn le linn Dhomhnach na Fola i bPáirc an Chrócaigh.

Ba í an stailc ocrais a bhfuil tagairt déanta di san Anglo Celt an dara sraith dá leithéid ina raibh príosúnaigh phoblachtacha páirteach – i samhradh na bliana 1917 a facthas tús leis an gcéad cheann inar bhásaigh Tomás Ághas.

I bPríosún Mhuinseo ba thúisce a tosaíodh ag diúltú beatha i 1920 – bhásaigh fear darbh ainm Francis Gleeson ann ar an 9 Bealtaine. Faoi lár mhí Lúnasa bhí poblachtaigh i bPríosún Chorcaí ar stailc ocrais freisin. Chuir Cumann Lúthchleas Gael imeachtaí go leor ar athló, ina measc cluichí leathcheannais na peile. Coicís tar éis dóibh a fhógairt gan choinne go mbeadh an ceann idir Áth Cliath agus an Cabhán ar siúl, bhásaigh Mick Fitzgerald i gCorcaigh. Seachtain dár gcionn bhásaigh Joe Murphy agus Traolach Mac Suibhne.

Bhíothas i bhfoisceacht cúpla seachtain de thús an Chogaidh Chathartha nuair a imríodh an dara babhta leathcheannais idir Tiobraid Árann agus Maigh Eo ar an 7 Bealtaine 1922. Sna seachtainí roimhe a imríodh an fuílleach de Chraobh Peile na Mumhan 1920 a bhí fós le n-imirt.

Ní raibh an leagan ‘a bheith idir dhá thine Bhealtaine’ níba fheiliúnaí d’aon chluiche riamh. Ar an Aoine sular déanadh an imirt cuireadh an Dáil ar athló go ceann cúpla lá ar mhaithe le deis a thabhairt dóibh siúd a bhí in aighneas lena chéile faoin gConradh a theacht ar réiteach.

Fad agus a bhí foirne Mhaigh Eo agus Thiobraid Árann ag déanamh a mbealaigh go Bleá Cliath agus chuig Páirc an Chrócaigh ar an Satharn, bhí roinnt díobh siúd is mó atá luaite le Gluaiseacht na Poblachta suite timpeall ar bhord i dTeach an Ardmhéara féachaint cogaíocht eatarthu a sheachaint – Micheál Ó Coileáin, Risteard Ó Maolchatha, Eoin Ó Dufaigh, An Maor-Ghinearál Seán Mac Eoin, Ruairí Ó Conchubhair, Liam Ó Maoilíosa, Liam Ó Loingsigh agus Seán Ó Maoláin.

Shocraigh siad go leanfaí don sos cogaidh ar cuireadh tús leis trí lá roimhe sin.

Ar pháirc na himeartha bhuaigh Tiobraid Árann, 1-5 acusan agus gan ag Maigh Eo ach an cúl a scóráil Willie Ó Loideáin as Coillte Mach sa gcéad leath.

Faoin am ar imríodh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann cúig seachtaine dár gcionn bhí cliste ar an gcomhaontas toghchánaíochta eatarthu siúd a bhí ar son agus in éadan an Chonartha.

Bhí Cogadh na gCarad ar láimh.

Fág freagra ar 'Taibhsí ó shaol corrach eile i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo'