Tadhg Ó Conghaile ceaptha ina Stiúrthóir Pleanála Teanga in Údarás na Gaeltachta

Seo an chéad uair a bheidh duine sinsearach fostaithe ag an Údarás a mbeidh cúram na pleanála teanga air

Pic: Seán Ó Mainnín
Pic: Seán Ó Mainnín

Tá duine ceaptha den chéad uair ag leibhéal sinsearach in Údarás na Gaeltachta chun breathnú i ndiaidh na pleanála teanga agus Tadhg Ó Conghaile ceaptha ina Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga.

Rachaidh Ó Conghaile, atá mar Bhainisteoir Réigiún an Iarthair san eagraíocht fiontraíochta, i mbun a chúraim nua an tseachtain seo chugainn.

Leagadh síos in Acht na Gaeltachta 2012 go mbeadh príomhchúram na pleanála teanga sa Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta agus tá an eagraíocht ag obair i gcomhar le grúpaí pobail faoi láthair ar chur i bhfeidhm an chórais pleanála teanga.

“Tá tábhacht ar leith leis an eochairphost seo i bhfeidhmiú Acht na Gaeltachta 2012 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Beidh an Stiúrthóir seo ag obair leis an Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine, Mícheál Ó hÉanaigh, agus leis an Stiúrthóir Corparáideach, Gearóid Breathnach, agus ag tuairisciú don Phríomhfheidhmeannach chun straitéis na heagraíochta a chur i bhfeidhm,” a dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc.ie. 

Rugadh agus tógadh Ó Conghaile in Inis Treabhair ach tá cónaí anois air i nDoire Locháin, sa Spidéal i gContae na Gaillimhe. Tá baint mhór aige le Cumann Lúthchleas Gael go háitiúil agus ag leibhéal an chontae i nGaillimh. 

Fág freagra ar 'Tadhg Ó Conghaile ceaptha ina Stiúrthóir Pleanála Teanga in Údarás na Gaeltachta'