Tacaíocht tugtha ag an bPápa don pháirtnéireacht shibhialta do lánúineacha comhghnéis

Labhair an Pápa Proinsias go hoscailte faoi pháirtnéireacht shibhialta sa scannán faisnéise Francesco, a taispeánadh den chéad uair riamh ag féile scannán sa Róimh inniu

Tacaíocht tugtha ag an bPápa don pháirtnéireacht shibhialta do lánúineacha comhghnéis

Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an Pápa Proinsias ag cloí le dearcadh na hEaglaise Caitlicí go dtí seo maidir le páirtnéireacht shibhialta idir beirt chomhgnéis.

Labhair an Pápa Proinsias go hoscailte faoi pháirtnéireacht shibhialta sa scannán faisnéise Francesco, a taispeánadh den chéad uair riamh ag féile scannán sa Róimh inniu.

Agus é ag caint faoi cúram agus freastal tréadach a chur ar fáil do dhaoine LADT, dúirt an Pápa:

“Tá sé de cheart ag daoine homaighnéasacha a bheith ina gcuid de theaghlach. Is páistí Dé iad. An rud a theastaíonn dlí a cheadaíonn páirtnéireacht shibhialta, sa tslí sin beidh aitheantas dlí acu.”

Bíonn an Pápa Proinsias níos tuisceanaí ina chuid cainte faoin homaighnéasacht agus léiríonn sé a thacaíocht do dhaoine aeracha mar chlann Dé arís sa scannán seo.

“Sheas mé dó sin,” a deir sé sa scannán nua.

Is é teagasc na hEaglaise Caitlicí gur “neamhord iontu féin” atá i ngníomhartha homaighnéasacha agus tá an Eaglais i gcoinne daoine aeracha pósadh.

Is é teagasc traidisiúnta na hEaglaise Caitlicí nach féidir le pósadh a bheith ann ach amháin idir fear agus bean.

Maítear chomh maith nach ionann in aon chor “meas a bheith ar dhaoine homaighnéasacha agus iompar homaighnéasach a cheadú ná aitheantas dlí a thabhairt do pháirtnéireachtaí sibhialta”.

Meastar go gcuirfidh caint seo an Phápa tuilleadh cantail ar an dream sin san eaglais atá níos coimeádaí ná é agus nach bhfuil ar aon intinn le Proinsias, atá róliobrálach, dar leo.

Is é seo an chéad uair aige ó ceapadh ina Phápa é tacú go poiblí le páirtnéireacht shibhialta a bheith ar fáil do lánúineacha comhghnéis.

Scéal a phápachta le seacht mbliana go leith atá sa scannán fada Francesco atá faoi stiúir Evgeny Afineevsky.

Fág freagra ar 'Tacaíocht tugtha ag an bPápa don pháirtnéireacht shibhialta do lánúineacha comhghnéis'

  • Poraic o'hEipicín

    Deatach am dhabhail.