‘Tacaíocht pholaitiúil’ níos mó ag teastáil ón nGaeilge agus lucht a labhartha – tuarascáil

Deirtear i dtuarascáil de chuid Chomhairle Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann (BIPA) gur den riachtanas é go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil i dteangacha dúchais amhail an Ghaeilge

‘Tacaíocht pholaitiúil’ níos mó ag teastáil ón nGaeilge agus lucht a labhartha – tuarascáil

Deirtear i dtuarascáil de chuid Chomhairle Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann d’ainneoin daltaí a bheith ag foghlaim na Gaeilge ina lán scoileanna go gcaithfear “iarrachtaí diongbháilte” a dhéanamh chun cur leis an líon daoine a bhfuil labhairt na teanga sin acu.

Ba í tuiscint lucht na tuarascála go gcaithfí a chinntiú go mbeadh “tacaíocht pholaitiúil” ann do na spriocanna teanga a tugadh isteach in Éirinn agus sa mBreatain Bheag le cur le líon na gcainteoirí Gaeilge agus Breatnaise.

Léirigh an taighde a rinne Coiste Comhshaoil agus Sóisialta Chomhairle Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann gur den riachtanas é go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil i dteangacha dúchais amhail an Ghaeilge agus an Bhreatnais ionas go mbeadh na teangacha mionlaigh sin feiceálach sa tsochaí agus go mairfidís sna pobail teanga a labhraíonn iad.

Ba í breith lucht an fhiosrúcháin go ndearna cosaint dlí agus polasaithe a thugann tacaíocht dá scaipeadh tairbhe do theangacha dúchais mionlaigh i ngach dlínse.

Mheas an coiste gur fearr a éiríonn le dlíthe nuair a léirítear an tairbhe chultúrtha a dhéantar do na pobail ar fad de bharr tacaíocht a chur ar fáil do theangacha mionlaigh agus nuair a chuirtear ar chumas na bpáirtithe polaitiúla comhaontú faoi pholasaithe teanga.

Moltar nach ndéanfadh rialtais dhlínsí Chomhairle Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann “dearmad ar an teachtaireacht sin” agus reachtaíocht á dréachtú acu ar mhaithe le teangacha mionlaigh a chosaint.

“Ionas go mbeidh rath agus fás ar theangacha dúchais mionlaigh, caithfidh lucht déanta polasaí breathnú orthu mar mheán beo oibre trínar féidir pobail a chothú.

“Cuireann na teangacha sin ar chumas lucht a labhartha agus na bhfoghlaimeoirí a gcuid siopadóireachta a dhéanamh, seirbhísí poiblí a úsáid, a bheith páirteach i saol na sochaí agus foghlaim faoina n-oidhreacht chultúrtha.”

Mhol an coiste freisin gur chóir do rialtais, nuair is féidir sin, tacaíocht a thabhairt do theilifís, raidió agus ceol sna teangacha mionlaigh agus gur chóir go mbeadh deis ag daltaí aon teanga mhionlaigh is mian leo féin a fhoghlaim.

Beag beann ar a “láidre” agus a bhíonn an chosaint dlí, ní bhainfidh teangacha mar an Ghaeilge an sprioc cainteoirí amach mura gcuireann rialtais dóthain tacaíochta ar fáil don oideachas lán-Ghaeilge.

Cé go bhfuil sé riachtanach go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil i dteangacha dúchais mionlaigh, is léir, gur lú an seans go n-éileoidh úsáideoirí seirbhísí ina dteanga féin má bhíonn sé ródheacair a leithéid d’éileamh a dhéanamh, a deirtear.

Chuir rialtais dhlínsí éagsúla Chomhairle Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann an coiste ar an eolas faoi na cuir chuige éagsúla atá in úsáid acusan lena chinntiú go mbeidh seirbhísí poiblí le fáil i dteangacha mionlaigh.

Deirtear sa tuarascáil “nach bhfuil aon réiteach a oireann do gach cás”, ach gur chóir do na húdaráis phoiblí sna hocht ndlínse atá i gComhairle Pharlaiminteach na Breataine-na hÉireann comhoibriú go dlúth lena chéile agus iad ag teacht ar bhealaí le tacaíocht a thabhairt do theangacha.

Thug an Coiste le fios gur léir dóibh an iliomad dúshlán atá roimh theangacha mionlaigh ach gur fearr a d’éirigh le cuid de na rialtais ná le cinn eile.

Maítear sa tuarascáil gurb é fírinne an scéil nach rachaidh polasaí teanga ar bith a chuirtear i bhfeidhm “ón mbarr anuas” ach leath bealaigh ó thaobh tacaíocht a thabhairt do theangacha mionlaigh.

Is í tuairim mheáite na Comhairle go gcaithfidh údaráis phoiblí deis a thabhairt do phobail a bheith lánpháirteach sa bplé nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoin gcur chuige is fearr a thacódh lena gcuid teangacha.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Tiarna Alf Dubs:

“Má tá na rialtais éagsúla lándáiríre faoi athbheochan agus fás na dteangacha mionlaigh, caithfear tacaíocht níos fearr a thabhairt dóibh i ngach dlínse de chuid Chomhairle Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann.

“Caithfear spás maireachtála a thabhairt do na teangacha seo, ar an teilifís, ar an raidió agus seirbhísí poiblí a sholáthar sna teangacha mionlaigh. Níor chóir gur ón mbarr anuas amháin a chuirfí polasaithe tacaíochta i bhfeidhm.

“Insíodh dúinn faoin gcaoi a spreagann sin [cur chuige] mórtas i bpobail agus go gcothaíonn sé suim inár stair féin agus tugann sé ugach dúinn le teangacha eile a fhoghlaim. Is leas a dhéanann gach ceann acu sin dár sochaí.”

Dúirt an Tiarna Dubs gur deis atá sa gcomhstádas atá ag an Ultais agus an Ghaeilge faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga agus Comhaontú Aoine an Chéasta le go bhféadfaidh teangacha bláthú in Éirinn thuaidh agus theas.

Dúirt an Chomhairle go gcoinneoidís súil ar ‘shláinte’ na dteangacha dúchais mionlaigh.

“Ach díriú ar an gcultúr saibhir a bhaineann leis na teangacha seo, tuigtear a dtábhacht inár n-oidhreacht choiteann agus sna nascanna a cheanglaíonn le chéile muid ar na hoileáin seo ar fad.”

Fág freagra ar '‘Tacaíocht pholaitiúil’ níos mó ag teastáil ón nGaeilge agus lucht a labhartha – tuarascáil'

  • Sibéal

    Tugadh rogha ó 1937 an Stát a reáchtaíl go h-aonteagachch, rud a deineadh ó shin.

    Comhar chumainn títhíochta a bhunú dos na Gaeil.