Tacaíocht ó shaineolaithe teanga do mholtaí POBAL don Bhille Gaeilge

Naonúr saineolaithe den tuairim gur chóir glacadh le moltaí POBAL mar bhunús Acht na Gaeilge ó thuaidh

Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL

Tá a mbeannacht tugtha ag saineolaithe teanga ó ollscoileanna éagsúla do mholtaí a rinne an eagras POBAL maidir le Bille Gaeilge Thuaisceart Éireann.

Dúirt naonúr saineolaithe gur chóir glacadh le moltaí POBAL mar bhunús Acht na Gaeilge ó thuaidh. Foilsíodh litir inniu a shínigh an naonúr sin a thacaíonn leis na moltaí. I measc na sínitheoirí sin ,bhí an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Caerdydd, an tOllamh Dónall ó Baoill ó Ollscoil na Banríona, an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin ó Ollscoil na nGarbhchríocha in Albain, an tOllamh Linda Cardinal ó Ollscoil Ottawa agus an tOllamh Robert Dunbar ó Ollscoil Dhún Éideann.

Thug na hollúna ar fad suntas do ghealltanas Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach i dTuaisceart Éireann. Tugadh suntas freisin don tacaíocht idirnáisiúnta atá faighte ag an éileamh do chosaint reachtaíochta don teanga ó thuaidh.

Dúirt Janet Muller, príomhfheidhmeannach POBAL, go bhfuil an eagraíocht an-sásta go n-aithníonn na saineolaithe an obair atá déanta acu.

“Tá muid thar a bheith sásta go n-aithníonn agus go dtacaíonn na saineolaithe seo le moltaí cuimsitheach POBAL mar an bealach is fearr chun tosaigh maidir le reachtaíocht Ghaeilge. Aontaíonn siad go dtabharfadh na moltaí seo an chosaint is fearr leis an teanga a fhorbairt go straitéiseach as seo amach,” a dúirt Muller.

Tá próiseas comhairliúcháin maidir leis an mBille fós ag dul ar aghaidh i dTuaisceart Éireann. Críochnóidh an próiseas sin ar an 5 Bealtaine.