Tacaíocht le cur ar fáil do theaghlaigh Ghaeilge atá ag cur lóistín ar fáil do mhuintir na hÚcráine

Tá Glór na nGael ag súil deiseanna a thabhairt do theaghlaigh Ghaeilge atá ag coimeád teifeach cumarsáid a dhéanamh lena chéile chun dúshláin a phlé agus eolas a roinnt 

Tacaíocht le cur ar fáil do theaghlaigh Ghaeilge atá ag cur lóistín ar fáil do mhuintir na hÚcráine

Tá tacaíocht le cur ar fáil do theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge agus atá ag cur lóistín ar fáil do mhuintir na hÚcráine atá tagtha chun na hÉireann le roinnt seachtainí anuas.

Deir Glór na nGael go bhfuil sé i gceist acu cúnamh a thabhairt do theaghlaigh atá tar éis glacadh le daoine atá ag éalú ón gcogadh san Úcráin.

Tá an eagraíocht teanga ag iarraidh deiseanna a thabhairt do theaghlaigh seo na Gaeilge cumarsáid a dhéanamh lena chéile chun dúshláin a phlé, eolas a roinnt agus “dea-chleachtas a roinnt is a fhorbairt le chéile”. 

Tá sé i gceist ag Glór na nGael grúpa Whatsapp a bhunú do na teaghlaigh Ghaeilge atá ag cur lóistín ar fáil agus cuirfear fóram plé ar líne ar fáil freisin.

“Trína gcuid tithe agus croíthe a oscailt agus fáilte a chur roimh phobal na hÚcráine, tá muintir na hÉireann ag tacú le maolú a dhéanamh ar an bhfulaingt atá ag éirí as an ghéarchéim dhaonnúil in oirthear na hEorpa,” a dúirt urlabhraí de chuid Ghlór na nGael agus an scéal á fhógairt.

Chomh maith leis sin, ba mhaith le Glór na nGael roinnt deiseanna a chur ar fáil do theaghlaigh ón Úcráin an Ghaeilge a chloisteáil agus a úsáid “i slí spraíúil, nádúrtha” agus aithne níos fearr a chur ar theaghlaigh la bhfuil Gaeilge acu. Tabharfar cuireadh do theaghlaigh páirt a ghlacadh i seisiúin rannta agus amhránaíochta ar líne. 

“Tabharfaidh na seisiúin seo deis do na teaghlaigh ón Úcráin blaiseadh beag den Ghaeilge a chloisteáil tríd na rannta agus na hamhráin agus deis do na teaghlaigh as Éirinn roinnt rannta agus amhráin ón Úcráin a chloisteáil.

“Agus iad ag cur aithne ar a chéile, tá dóchas ann go gcuideoidh sé seo le na teaghlaigh Úcránacha socrú isteach in Éirinn,” a dúradh.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le marcas@glornangael.ie le tuilleadh eolais a fháil nó scéal a chur chuig 086 171 9755.

Meastar go bhfuil níos mó ná 15,000 duine ón Úcráin tagtha go hÉirinn ó rinne an Rúis ionradh ar an tír an mhí seo caite. Tá lóistín curtha ar fáil do na teifigh in óstáin, i dtithe lóistín agus le teaghlaigh ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'Tacaíocht le cur ar fáil do theaghlaigh Ghaeilge atá ag cur lóistín ar fáil do mhuintir na hÚcráine'