Tacaíocht don Ghaeilge san AE iarrtha ag Liadh Ní Riada

Achainní déanta ag Feisire Eorpach ar gach Feisire Éireannach teacht i gcabhair ar an nGaeilge sa AE

Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach, Sinn Féin. Pictiúr: Photocall Ireland
Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach, Sinn Féin. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá litir seolta ag an bhFeisire Eorpach Liadh Ní Riada (SF) chuig gach Feisire Éireannach ag lorg tacaíocht don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Ag labhairt di i bPairlimint na hEorpa i Strasbourg, thug an Feisire le fios gur sheol sí litir chuig a comhghleacaithe Éireannacha ag lorg na tacaíochta uathu.

“Mar bhean ón nGaeltacht, is cúis aifeála é domsa nach bhfuil mé in ann mo theanga féin a úsáid agus mé i mbun mo chuid oibre. Mar aon leis sin, is é mo bharúil go léiríonn sé arís an neamhshuim atá ag an rialtas do mhuintir na Gaeltachta,” a dúirt an Riadach.

Thagair sí don mhaolú atá déanta ar an teanga ó bronnadh stádas iomlán mar theanga oifigiúil uirthi sa bhliain 2007.

Mar thoradh ar an maolú níl oibligeáid ar na hInstitiúidí Eorpacha cáipéisí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus níl seirbhísí ateangaireachta ar fáil d’úsáid na teanga laistigh de chruinnithe nó coistí sa Phairlimint.

Dúirt an Feisire Ní Riada go gcruthófaí 188 bpost dá gcuirfí deireadh leis an maolú.

“Chun na poist seo a chruthú, níl le déanamh ag rialtas na hÉireann ach a iarraidh go foirmeálta ar Chomhairle na nAirí go gcuirfí deireadh leis an maolú sealadach atá i bhfeidhm le 10 mbliana.

“Ní mór cinneadh faoi sin a dhéanamh roimh dheireadh 2015. Mura dhéantar anois é, ní bheidh deis eile ann go dtí 2020,” dúirt sí.

Cháin an Feisire ina litir an próiséas earcaíochta san Eoraip a thugann tús áite i gcónaí, dar léi, ar mhórteangacha na Mór-Roinne.

“Tá fadhb ann leis an bpróiséas earcaíochta san Eoraip mar go bhfuil córas i bhfeidhm ag EPSO a oireann do na teangacha móra cosúil leis an bhFraincis agus an Ghearmáinis mar tá na mílte teangeolaithe ar fáil dóibh.

“Má tá an Eoraip le hilchineálacht chultúrtha le baint amach againn caithfear aird faoi leith a dhíriú ar na cúinsí éagsúla agus caithfear idirdhealú a dheanamh idir na teangach éagúla. D’fheadfadh an Rialtas é seo a chur in iúl le cabhair ó Mhálta, an Eastóin agus an Laitvia,” a scríobh Liadh Ní Riada.

D’iarr sí freisin ar an bpobal i gcoitinne brú a chur ar Rialtas na hÉireann deireadh a chur leis an maolú gan mhoill.