Tacaíocht do Trump á borradh acu siúd a mheasann gur ‘strainséirí ina dtír féin’ iad

Tá teannas, imní agus olc curtha ar go leor Meiriceánach go bhfuil na bealaí maireachtála, na traidisiúin agus an cultúr a chleacht siad san am atá caite i mbaol

Tacaíocht do Trump á borradh acu siúd a mheasann gur ‘strainséirí ina dtír féin’ iad

A new nation, conceived in Liberty, and dedicated to the proposition that all men are created equal…

Mír as óráid Lincoln i Gettysburg 157 bliain ó shin. Ach tá an “new nation” ag athrú. Siúil suas agus anuas Dorchester Avenue i mBoston. Inseoidh do chuid spaisteoireachta go leor duit faoin athrú atá tagtha ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, fiú le blianta beaga anuas. San áit a mbíodh na hÉireannaigh – muintir na Gaeltachta go leor acu – le tabhairt faoi deara go líonmhar tráth den saol, siad muintir na hÁise atá i réim anois; iadsan agus ciníocha eile. Is gearr gur daoine nach den chine geal Eorpach iad a bheidh ina móramh i mBoston. Tarlóidh sé, as seo go ceann thart ar 25 bliain eile, agus is é an pictiúr céanna é ar fud na Státaí. ‘The browning of America’ an teideal atá baiste ar an athrú sin.

Tá teannas, imní agus olc curtha aige sin uilig ar go leor Meiriceánach go bhfuil na bealaí maireachtála, na traidisiúin agus an cultúr a chleacht siad féin mar Mheiriceánaigh ‘dhúchasacha’ á gcur i mbaol. Níl trust ná iontaoibh feasta ag na milliúin as córas polaitíochta agus riaracháin Washington. Tá sin dá léiriú ag an lear daoine a chreideann nár bhuaigh na Daonlathaigh toghchán Uachtaránachta 2020.

Tá Donald Trump ag teacht i dtír ar an imní agus an meascán mearaí atá ar chuimse daoine; ní hé sin amháin ach tá sé ag fadú tine faoi.

Ní hiontas, ar bhealaí, go bhfaigheadh Trump tacaíocht ach ní dóigh gur tacaíocht phearsanta í. Is feithicil é Trump atá ag go leor Meiriceánach lena ndrochmheas agus a gcuid mímhuiníne a chur in iúl do Washington oifigiúil agus don “liobrálachas”, mar a fheictear an téarmaíocht sin dóibhsean go praiticiúil.

157 bliain atá sé – i mí seo na Samhna – ó thug an tUachtarán Abraham Lincoln an óráid stairiúil i Gettysburg in Pennsylvania ag impí ar Mheiriceánaigh dílseacht a thabhairt don tír agus seasamh le bunphrionsabail an daonlathais agus cearta an duine. Bhí Cogadh Cathartha Mheiriceá thart, má bhí. Ceart go leor múchadh torann na ngunnaí ach d’fhan sioscadh na deighilte idir an taobh “ó thuaidh” agus an taobh “ó dheas” den tír. Chonaic mé sna 1990idí bratach na Cónaidhme sna Státaí ó dheas crochta i dtailte thithe parlaiminte Stát Georgia sa bpríomhchathair in Atlanta. Ní hé amháin sin ach thagadh buíon fear taobh amuigh den Pharlaimint chuile lá agus iad gléasta i gcultacha na Cónaidhme. Dhéanaidís tamall máirseála amuigh ar chosán na sráide.

Bhíodh eachtraí eile mar sin sna Státaí ó dheas ach maolaíodh orthu de bharr treoracha feidearálacha in aghaidh rud ar bith a mbeadh cosúlacht ar go rabhthas ag moladh sclábhaíochta ar an an gcine dubh aríst.

Tharla sé gur chothaigh roinnt iarrachtaí ar leanaí na gciníocha éagsúla a mheascadh sna scoileanna – “busáil” mar a tugadh air – go leor conspóide agus bhí tuairim ann i measc cuid mhór daoine nár cheart go dtabharfaí gasúir amach as a gceantar féin lena gcur chun na scoile. Aríst facthas iarrachtaí mar sin mar lagan ar chearta bunúsacha an teaghlaigh.

Tharla sé gur chothaigh an ghníomhaíocht dhearfach, an ‘affirmative action’ mar a tugadh air, i gceapacháin sna póilíní, foirne dóiteáin agus postanna stáit agus feidearálacha eile go leor teannais freisin. Mar shampla, bhí cásanna ann a bhain le ceapachán póilíní nach gceapfaí ach duine amháin den chine geal as gach ceithre phost a líonadh. Fiú sa gcás go bhféadfadh an t-iarrthóir den chine bán a bheith i bhfad níos cáilithe, ní bhfaigheadh sí/sé an post. Ábhar conspóideach agus casta atá i gcónaí é an “ghníomhaíocht dhearfach” a chur i bhfeidhm ach d’fhág sé blas searbh i measc go leor daoine.

Ach i gcaitheamh na haimsire seo ar fad bhí athrú ollmhór ag teacht ar dhaonra Mheiriceá.

Chuir an tAcht Inimirce 1965 borradh as cuimse faoin inimirce as tíortha na hÁise agus tíortha Mheiriceá Theas. Roimhe sin, ó aimsir na 1920idí i leith, thug an córas inimirce buntáiste láidir do dhaoine as an Eoraip a bhí ag iarradh a theacht go Meiriceá. Ar ndóigh, bhí Éire ar cheann de na tíortha sin. Ach socraíodh le linn réimeas na gCinnéideach sa Teach Bán go n-athrófaí an compás agus ceapadh an tAcht Inimirce nua sa gcaoi agus go mbeadh buntáiste láidir ag na tíortha “nua” – An Áise, Meiriceá Theas agus roinnt tíortha eile. Ba é an Seanadóir Ted Kennedy a stiúir an reachtaíocht sin trí Thithe na Comhdhála agus shínigh an tUachtarán Lyndon Johnson an tAcht nua faoi scáth Dhealbh na Saoirse i Nua-Eabhrac i 1965.

Ceapadh go forleathan, fiú i measc na gCinnéideach féin, nach mbeadh aon éileamh mór as na pasanna go Meiriceá san Áise, i Meiriceá Theas agus i dtíortha na Mara Cairib. Bhí dul amú an-mhór orthu. Tháinig 25 milliún duine isteach sna Stáit Aontaithe as na tíortha nua idir 1965 agus tús na 1980idí.

D’fhág an sruth nua seo daoine go raibh lámh an phobail Laidinigh ag neartú sna Stáit Aontaithe agus ba é an pobal seo a bhí ina bhunchloch sa toghchán a thug Barack Obama go dtí an Teach Bán i 2008.

Ach chothaigh an meascán mór nua éilimh ar sheirbhísí eile, córas dátheangach (Béarla agus Spáinnís) sna scoileanna i gceantair áirithe agus brú ar an gcóras tacaíochta sóisialta stáit. Lena chois sin uilig bhí an sruth imirceoirí mídhleathacha ag méadú i gcónaí agus an trácht mhór daoine sin ag cur imní ar líon mór Meiriceánach a bhí – agus atá – fabhrach don mhúnla traidisiúnta atá leagtha síos le cúpla céad bliain ag an gcine bán de chúlra na hEorpa sna Státaí. Bhí, agus tá, dearcadh in intinn lear suntasach daoine go bhfuil lorg an tsóisialachais ag éirí níos feiceálaí sa saol sna Stáit Aontaithe. Dar leosan, ní hé sin an bealach saoil Meiriceánach agus tá sé ina imní orthu go mbeidís ina ‘strainséirí’ ina dtír féin.

Feictear dóibh gurb iad Donald Trump agus na hiarrthóirí a sheasann leis atá ag tabhairt dúshlán an tsaoil nua seo go láidir, go neamhbhalbh agus go soiléir.

Tabharfaidh siad vótaí dó. Ach, sin é an córas daonlathach ar labhair Abraham Lincoln faoi ina óráid i Gettysburg 157 bliain ó shin “and that Government of the people, by the people, for the people shall not perish from this earth”.

Anois, cé hiad “the people” agus céard a dhéanfaidh siad sna toghcháin lár téarma an tseachtain seo?

Fág freagra ar 'Tacaíocht do Trump á borradh acu siúd a mheasann gur ‘strainséirí ina dtír féin’ iad'