Tacaíocht do pholasaí a éascóidh comharthaí sráide Gaeilge a chur in airde léirithe ag grúpaí i mBéal Feirste

Deir Conradh na Gaeilge go dtagann an polasaí úr leis an “dea-chleachtas idirnáisiúnta” agus go bhfuil sé níos oiriúnaí ó thaobh cearta mionlaigh de

Tacaíocht do pholasaí a éascóidh comharthaí sráide Gaeilge a chur in airde léirithe ag grúpaí i mBéal Feirste

Ionadaithe ó na grúpaí Gaeilge taobh amuigh de Halla na Cathrach i mBéal Feirste

Tá a dtacaíocht do pholasaí nua a éascaíonn comharthaí sráide dátheangacha a chur in airde i mBéal Feirste léirithe ag grúpaí Gaeilge sa chathair. 

Chruinnigh ocht ngrúpa – An Droichead, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Glór na Móna, Ionad Uíbh Eachach, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Cumann Gaelach QUB, Conradh na Gaeilge agus Forbairt Feirste – ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste inné chun a bhfreagraí ar chomhairliúchán atá ar bun ag an gcomhairle maidir leis an bpolasaí nua a chur isteach. 

Vótáil comhairleoirí i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste anuraidh ar son polasaí a éascaíonn comharthaí sráide dátheangacha a chrochadh. Tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil ag an gcomhairle anois chun tuairimí an phobail a fháil ar an bpolasaí atá beartaithe. 

Is féidir achainí a dhéanamh go mbeadh aon teanga le feiceáil ar chomharthaíocht ach is iad lucht na Gaeilge sa chathair is mó a bhí ag brú an pholasaí chun cinn. 

Deir Conradh na Gaeilge go dtagann an polasaí úr leis an “dea-chleachtas idirnáisiúnta” agus go bhfuil sé níos oiriúnaí ó thaobh cearta mionlaigh de. 

“Má ghlactar leis an pholasaí atá molta, gheofar réidh le neart de na constaicí a sheasann sa bhealach ar iarratais ar son comharthaí sráide dátheangacha,” a dúirt Cuisle Nic Liam, comhordaitheoir chearta teanga le Conradh na Gaeilge. 

Faoin bpolasaí nua, bheadh duine atá ina chónaí ar shráid, nó comhairleoir áitiúil, ábalta achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge. Má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid leis an moladh sin, glacfar leis. 

Go dtí seo bhíodh ar an tríú cuid de na háitritheoirí ar an tsráid achainí a shíniú sula ndéanfaí suirbhé ar mhianta an phobail. 

“Is linne ar fad an Ghaeilge, agus cuidíonn méadú ar fheiceálacht mionteangacha go mór le normálú teangacha, rud a chuireann le caoinfhulaingt agus tuiscint,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer.  

Tá go dtí Dé Luain seo chugainn, an 28 Feabhra ag an bpobal chun aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán atá ar bun ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste. 

Fág freagra ar 'Tacaíocht do pholasaí a éascóidh comharthaí sráide Gaeilge a chur in airde léirithe ag grúpaí i mBéal Feirste'

  • Antóin

    “Má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid leis an moladh sin, glacfar leis”

    Glacfar leis fiú má tá 40% nó 85% de na toghthóirí ina éadan? Conas a mhíneofaí é sin don 40% nó don 85%?