Tacaíocht á lorg d’Éamon Ó Cuív mar iarrthóir do thoghchán na huachtaránachta

Deir an comhairleoir contae Ollie Crowe gur iarr sé cead ar Éamon Ó Cuív litir a sheoladh go dtí comhairleoirí contae Fhianna Fáil ag lorg a dtacaíochta don Teachta Dála mar iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta

Tacaíocht á lorg d’Éamon Ó Cuív mar iarrthóir do thoghchán na huachtaránachta

Tá litir seolta ag polaiteoir ar comrádaí mór de chuid Éamoin Uí Chuív é chuig comhairleoirí contae Fhianna Fáil ag iarraidh orthu tacú leis an Teachta Dála Gaeltachta mar iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta.

Molann an comhairleoir contae Ollie Crowe sa litir dá chomhghleachaithe neamhaird a dhéanamh den scéal go bhfuil Fianna Fáil ag tacú le Michéal D Ó hUigínn sa toghchán.

Deir Crowe gur iarr sé cead Uí Chuív an litir a sheoladh agus gur chuir an t-iar-aire Gaeltachta in iúl dó go mbeadh sé sásta seasamh sa toghchán dá mbeadh tacaíocht chomhairle náisiúnta an pháirtí aige.

Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht ar Éamon Ó Cuív tráthnóna.

Meastar go mbeadh suim ag Ó Cuív, a raibh a sheanathair Éamon de Valera ina uachtarán idir 1959-1973, in uachtaránacht na tíre.

Meastar leis nach bhfuil sé róthógtha le cur chuige an pháirtí tacú le Ó hUigínn seachas iarrthóir dá gcuid féin a chur chun tosaigh. Dúirt an comhairleoir Ollie Crowe gurb é a “chreideamh láidir”  go raibh dualgas ar Fhianna Fáil iarrthóir a chur chun tosaigh don uachtaránacht ar mhaithe leis an daonlathas agus baill Fhianna Fáil ar fud na tíre.

Ní rogha chuí é “seasamh ar leataobh’ a dúirt sé.

Dúirt sé gur “sáriarrthóir” a bheadh in Ó Cuív agus thagair sé don obair a bhí déanta aige ar son na tuaithe agus na Gaeilge.

Roghnaigh páirtí parlaiminte Fhianna Fáil, a bhfuil Éamon Ó Cuív ina bhall de, nach mbeadh aon iarrthóir sa toghchán acu.

Fág freagra ar 'Tacaíocht á lorg d’Éamon Ó Cuív mar iarrthóir do thoghchán na huachtaránachta'