Tabharfaidh Muineachán agus Maigh Eo an lá leo, más ar éigean é

Beidh dhá choimhlint shuimiúil i bPáirc an Chrócaigh inniu agus seanchleachtadh ag na foirne, Muineachán agus Tír Eoghain, agus Dún na nGall agus Maigh Eo, ar imirt in aghaidh a chéile sa chraobh le roinnt blianta anuas

Seán Cavanagh (Tír Eoghain) agus Conor McManus (Muineachán) i 20013. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Seán Cavanagh (Tír Eoghain) agus Conor McManus (Muineachán) i 20013. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Cluiche Ceathrú Ceannais – Muineachán v Tír Eoghain, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

“You can forget about him as a man!” B’shin a bhí le rá ag Joe Brolly faoi Seán Cavanagh an uair dheireanach a chas na contaetha seo ar a chéile i gcluiche ceathrú ceannais. Dar ndóigh, is ag déanamh tagairt do ghníomh Cavanagh nuair a tharraing sé Conor McManus chun talún sa nóiméad deireanach a bhí Brolly agus cé gur chas na foirne céanna ar a chéile sa chraobh anuraidh, is ar an eachtra sin is mó a chuimhníonn daoine nuair a luaitear na contaetha seo.

Is coimhlint shuimiúil í an ceann seo. Cé gur bhuaigh Muineachán Craobh Uladh, tá daoine ag tabhairt seans do Thír Eoghain mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta acu sna babhtaí cáilithe agus an taithí atá ag a mbainisteoir, Mickey Harte.

Díbríodh Tír Eoghain as Craobh Uladh chomh luath le tús mhí an Mheithimh ach ó shin i leith, tá siad ag treabhadh leo de thairbhe an chúldorais. Bhí an t-ádh leo i ngach mbabhta ó thaobh an fhreasúra a bhí acu, ach i gcoinne Shligigh an Satharn seo caite agus go háirithe sa dara leath in aghaidh Thiobraid Árann roimhe sin, bhí comharthaí ann go bhfuil imreoirí Harte ag dul ó neart go neart.

Ina gcoinne tráthnóna tá foireann Mhuineacháin, nach bhfuil aon ghaisce déanta fós acu i mbabhtaí deireanacha na craoibhe. Bhain siad na babhtaí ceathrú ceannais amach i 2013 agus 2014 ach chlis orthu sa dá chluiche sin. Dhá bhliain ó shin, tar éis dóibh Craobh Uladh a bhuachan, chaill siad i gcoinne Thír Eoghain agus anuraidh, tugadh greadadh dóibh in aghaidh Bhaile Átha Cliath agus 17 bpointe ag scaradh na bhfoirne faoi dheireadh an chluiche.

Is é seo an fáth go bhfágtar ar lár iad nuair a bhíonn daoine ag trácht ar na foirne is fearr sa tír. Cé go bhfuil Dún na nGall buailte faoi dhó acu le trí bliana anuas, meastar go bhfuil na Conallaigh fós níos láidre de bharr na taithí atá acu sna cluichí móra seo.

Beidh Malachy O’Rourke agus a imreoirí ag iarraidh é sin a chuir i cheart inniu ach ní bheidh sé éasca i gcoinne Thír Eoghain atá lán le muinín.

Níl aon amhras ann ach go bhfuil Conor McManus ar dhuine de na tosaithe is fearr sa tír ach tá a fhios ag an bhfreasúra inniu cé chomh tábhachtach agus atá do Mhuineachán. Shílfeá go mbeadh plean ag Mickey Harte dó. Níor aimsigh McManus ach dhá phointe sa dá chluiche craoibhe is déanaí i gcoinne Thír Eoghain agus má Muineachán chun an lá a thabhairt leo, caithfidh na fir eile timpeall ar McManus ualach na scóranna a bhaint de, nó cuid de ar aon nós.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Cillian O'Connor (Maigh Eo) ag ceiliúradh i gcoinne Dhún na nGall i 2013. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Cillian O’Connor (Maigh Eo) ag ceiliúradh i gcoinne Dhún na nGall i 2013. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cluiche Ceathrú Ceannais – Maigh Eo v Dún na nGall, Páirc an Chrócaigh, 6i.n.

Fearacht an dá fhoireann rompu, tá an-taithí ag Dún na nGall agus Maigh Eo ar a chéile; is é seo an tríú cluiche craoibhe eatarthu le ceithre bliana anuas. Dar ndóigh, fuair na Conallaigh an ceann is fearr ar Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann in 2012 ach bhain na Connachtaigh díoltas de shórt amach ar fhoireann Jim McGuinness an bliain dár gcionn.

bainisteoirí nua ag an dá chontae ó shin ach tá amhras ann an bhfuil ceachtar den dá fhoireann feabhsaithe dá bharr.

Bhuaigh Maigh Eo Craobh Chonnacht don chúigiú huair as a chéile ach, arís, níor cuireadh mórán trialach orthu. Dealraíonn sé gurb é an príomhathrú atá déanta ag Neol Connelly agus Pat Holmes ná Aidan O’Shea a imirt mar lántosach. Ní smaoineamh nua é sin, ach is cinnte go bhfuil ag éirí leis mar sheift go dtí seo ar aon nós.

Bhí Maigh Eo i gcónaí láidir i lár na páirce agus tá Tom Parsons tugtha isteach acu san ionad sin chun an obair a bhíodh ar siúl ann ag O’Shea a dhéanamh.

Bheifeá ag súil go mbeadh plean éigin ag Rory Gallagher chun O’Shea a láimsleáil ach tá a chuid fadhbanna féin le réiteach aige chomh maith. Sa dá chluiche is déanaí a d’imir Dún na nGall, i gcoinne Mhuineacháin agus na Gaillimhe, chuaigh siad beagnach 30 nóiméad gan scór ar bith a aimsiú.

gur chríochnaigh siad go láidir i gcoinne na Gaillimhe, bhí an cluiche fós idir dhá cheann na meá agus gan fágtha ach 10 nóiméad. Bhí spás le fáil ag tosaithe na Gaillimhe i gcosaint Dhún na nGall nach raibh ann cúpla bliain ó shin, rud a chaithfidh siad a cheartú. Chomh maith leis sin, chaith Michael Murphy an chuid is mó den chluiche sin ar imeall na cearnóige agus an chuma fós ar an scéal nach bhfuil sé 100% aclaí.

Is mar gheall air seo go mbeadh duine ag ceapadh go bhfuil an buntáiste ag Maigh Eo sa chluiche seo ach má Dún na nGall in ann barr a gcumais a bhaint amach, níor cheart go mbeadh mórán eatarthu.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Fág freagra ar 'Tabharfaidh Muineachán agus Maigh Eo an lá leo, más ar éigean é'