‘Tabharfaidh mé vóta do Donald Trump ach ní insím d’aon duine sa mbaile é’

B’fhearr lenár gcolúnaí dá rachadh Elizabeth Warren nó Bernie Sanders isteach sa Teach Bán,  ach an athródh sé bunpholaitíocht Mheiriceá?

‘Tabharfaidh mé vóta do Donald Trump ach ní insím d’aon duine sa mbaile é’

I Chicago Mheiriceá a rugadh mo mháthair ach tugadh abhaile go Ros Muc í nuair a bhí sí ina páiste. Tá col seisear agam i Chicago nach bhfuil buíoch díom ó dúirt mé léi nach raibh aon ghráin mhór agam ar Donald Trump.

Bean í seo a thagadh abhaile go hÉirinn go minic. Cé go bhfuil sí os cionn seachtó bliain d’aois théadh sí ar thuras na gcapall ar fud Chonamara faoi cheannas Willie Leahy.

Bhíodh faisean againn dinnéar a chaitheamh le chéile agus comhrá breá a bheith againn.

Bean mheabhrach í. Chaith sí formhór a saoil i gcúrsaí iriseoireachta. Tá an dearg-ghráin aicise ar Donald Trump. Scéal ná scuan níor chuir sí chugam ón lá sin nach raibh mé sásta Donald a cháineadh chomh géar agus a bhí sise a dhéanamh.

Tamaillín roimh an toghchán uachtaránachta i Meiriceá bhí mé ar an aonach ag an Teach Dóite. Casadh bean as Bostún liom. D’fhiafraigh mé di cén chaoi a gcaithfeadh sí a vóta. Bhreatnaigh sí thart uirthi agus ar sise de chogar liom, ‘Do Donald Trump ach ní insím d’aon duine sa mbaile é’.

Bhí neart mar ise ann. Dream a bhí iontu a chreid gur thréig Hilary Clinton agus na Daonlathaigh an lucht oibre.

Thaithnigh an cineál cainte a bhí ag Donald Trump leo – ‘drain the swamp’ agus mar sin de. Ní fhaca said nach cara ar bith é Trump don lucht oibre sa deireadh thiar thall. Dó féin agus do lucht an airgid atá sé ann le fírinne.

Nára fada go dtiocfaidh an lá a bhfeicfidh lucht oibre Mheiriceá gur ar a gcosa féin a chaithfeas siad seasamh sa deireadh.

Tá rud amháin cinnte mar sin féin: bheadh na mílte móra eile maraithe ag fórsaí Mheiriceá thar lear dá mba í Hilary Clinton a bheadh ag tabhairt na n-orduithe.

Nach aisteach an cás go bhfuil na Tráchtairí Móra thall agus abhus ag cáineadh Trump go síoraí faoi go bhfuil sé ag seachaint cogaidh? Peaca mór marfach a bhíonn sé a dhéanamh a déarfas siad leat nuair a fhéachann sé le theacht chun réitigh le Vladimir Putin nó le Kim Jong-un.

B’fhearr leo go mbeadh sé ina namhaid cruthanta ag an tSín freisin.

Maidir leis an liútar léatar atá ar bun faoin teachtaireacht a chuir sé chuig ceannaire na hÚcráine, cén t-ábhar iontais atá ansin? Mar a dúirt ardoifigeach sa Teach Bán an lá faoi dheireadh cuireann lucht údaráis Mheiriceá teachtaireachtaí mar sin chuig tíortha eile go minic.

Ní bhíonn náire ar bith orthu smachtbhannaí a bhagairt nó airm a choinneáil siar i gcás nach mbíonn tír eicínt sásta rud a dhéanamh a d’fheilfeadh do Mheiriceá. Caithfear a admháil mar sin féin gur cosúil gurbh é a leas toghchánaíochta féin a bhí i gceist ag Trump sa gcás seo.

Maidir leis an Rúis a bheith ag cur a ladar i gcúrsaí toghchánaíochta Mheiriceá shílfeá gur iontas atá ag na Tráchtairí Móra ansin freisin.

Cé mhéad tír sa domhan a bhfuil a srón shantach ag Meiriceá iontu?

Chonaic mé tuairisceoir clúiteach ban ag cur agallaimh ar ambasadóir na hIaráine ar CNN le gairid. ‘Le dhá chéad caoga bliain anuas ní dhearna an Iaráin ionradh ar thír ar bith eile,’ arsa an t-ambasadóir. D’athraigh an tuairisceoir cáiliúil an comhrá ar an bpointe boise.

Níl mé a’ rá go dtabharfainn vóta do Donald Trump dá mbeadh vóta agam i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá an chéad gheábh eile. B’fhearr liom dá rachadh Elizabeth Warren nó Bernie Sanders isteach. Ach an athródh sé sin bunpholaitíocht Mheiriceá ach an oiread?

An mbeadh lucht an airgid ar mhuin na muice i gcónaí agus an chosmhuintir ag súil le slánaitheoir eile fós?

An mbeadh impireacht Mheiriceá á leathnú i gcónaí agus na dróin ag sirtheoireacht san aer ag faire le buamaí a scaoileadh ar shibhialtaigh?

An mbeadh saighdiúirí Mheiriceá agus armlón Mheiriceá ag dul trí Aerfort na Sionainne i gcónaí.

Sin mar ab fhearr leis na Tráchtairí Móra é a bheith.

Fág freagra ar '‘Tabharfaidh mé vóta do Donald Trump ach ní insím d’aon duine sa mbaile é’'