Tabharfaidh Bert Trautmann orm dul chun na pictiúrlainne den chéad uair le blianta fada…

Is ceart agus is cuí gur comhléiriú Sasanach-Gearmánach é ‘The Keeper’, scannán nua faoi Bert Trautmann

Tabharfaidh Bert Trautmann orm dul chun na pictiúrlainne den chéad uair le blianta fada…

Ní fear mór leis an bpictiúrlann mé. Ní móide gur leag mé mo thóin ar shuíochán bog i gceann acu ó bhí an scannán a d’inis scéal Johnny Cash i mbarr a réime na déaga de bhlianta ó shin.

As seo go ceann cúpla seachtain beidh cathú orm an scéal sin a chur ina cheart mar feicim go bhfuil ceann ag dul thart faoi láthair ina bhfuil cur síos ar shaol Bert Trautmann, duine de na himreoirí sacair ba mhó le rá sna 1950idí nuair a chuir mise suim sa gcluiche sin den chéad uair.

Ba é Trautmann an báireoir ab fhearr i Sasana – an chéad duine a d’imir ansiúd agus a bhuaigh an gradam ‘Peileadóir na Bliana’, ach bhí dhá rud eile a bhain leis a d’fhág go mba dhíol suntais a bhí ann seachas aon imreoir eile lena linn.

Ar an gcéad dul síos d’fhan sé ar an bpáirc cé gur briseadh a mhuineál sa gcluiche ba mhó a thuill cáil dó – Cluiche Ceannais Chorn an FA 1956. Sa mhullach air sin ba Naitsíoch cruthanta a bhí ann ar bronnadh cúig cinn de bhoinn air as ucht a chuid troda in aghaidh na Rúiseach ar an bhFronta Thoir – an ceann ba mhó le rá in arm na Gearmáine ‘An Chros Iarainn’ san áireamh.

Le linn m’óige thuig mé gur mar phríosúnach cogaidh a tháinig Trautmann go Lancashire le linn an Dara Cogadh Domhanda agus go mba i gcampa géibhinn a tugadh faoi deara an cumas peile a bhí ann a d’fhág ag imirt do Manchester City ina dhiaidh sin é. Ba é an Cluiche Ceannais Coirn sin in aghaidh Birmingham City i 1956, áit ar a briseadh a mhuineál agus 17 nóiméad imeartha fós le déanamh, an ceann ba mhó a thuill clú dó. Ní raibh aon ionadaithe ceadaithe ag an am agus ní hamháin gur fhan Bert ar an bpáirc, ach rinne sé cúpla sábháil den scoth.

Agus é i mbarr a réime i Sasana, ní bhíodh aon séanadh ar an scéal go mba í éide airm Hitler a bhí á caitheamh ag Bert Trautmann nuair a gabhadh é, ach faoin am ar thosaigh mise ag cur suime sa spórt ba é a bhí le tuiscint go mba shaighdiúir é a ndearnadh coinscríobh air mar a tharla i gcás na gcéadta míle dá chomrádaithe. Ba í fírinne an scéil go raibh sé ina bhall d’Ógra Hitler agus go mb’amhlaidh a liostáil sé féin san arm ina dhiaidh sin.

Ní raibh aon eolas agam ach an oiread faoin gconspóid mhór a bhí ann nuair a shínigh sé conradh le Manchester City den chéad uair i nDeireadh Fómhair 1949. Cuimhnigh nach raibh an Dara Cogadh Domhanda thart ach le cúpla bliain agus bhí go leor i Sasana nach raibh thar a bheith sásta go mbeadh iarbhall den Luftwaffe ag imirt do cheann de na clubanna ba cháiliúla sa tír.

Bhagair cuid díobh siúd a raibh ticéad séasúir acu go ndéanfadh siad baghcat ar an gclub, scríobhadh litreacha gearáin go leor chuig City agus tuilleadh fós chuig na nuachtáin. Nuair a d’imir sé i Londain den chéad uair bhí ‘Naitsíoch’ agus ‘Kraut’ le cloisteáil minic go leor ó na seastáin i gcathair ar fágadh trian di scriosta ag buamaí an aerfhórsa ina raibh Trautmann.

Níor chuidigh sé ach an oiread go mba i gcomharbacht ar bháireoir a raibh a shaol caite aige ag imirt do Manchester City agus do Shasana, Frank Swift, a tháinig Bert go Manchain ach ar ámharaí an tsaoil tharla cúpla rud a laghdaigh an ghangaid.

Ar an gcéad dul síos agus é ag fáiltiú roimhe, dúirt captaen an chlub Eric Westwood, a throid ar son na Breataine sa gcogadh é féin “There is no war in this dressing room”, rud a chuaigh i gcion go mór ar an lucht leanta.

Chomh maith leis sin labhair raibí Giúdach Alexander Altmann ar maraíodh a thuismitheoirí san Uileloscadh ar son Trautmann. I litir a scríobh sé chuig an Manchester Evening Chronicle ag an am dúirt an raibí nár cheart gurb é an báireoir a d’íocfadh as an drochíde a thug Gearmánaigh do na Giúdaigh.

Faoin am ar éirigh sé as i 1964 bhí 504 cluiche imeartha ag Bernhard Carl Trautmann (ba iad na Sasanaigh a bhaist Bert air!) do Manchester City agus bhí beagnach 50,000 i láthair ag an gcluiche teistiméireachta a eagraíodh ar a shon.

Chaith sé tamaillín ina bhainisteoir ar Stockport County agus ansin d’fhill ar an nGearmáin. Thug sé na blianta i mbun cóitseála i dtíortha a bhí ag iarraidh an sacar a chur chun cinn – An Tansáin, An Libéir, An Phacastáin, Tuaisceart Éimin agus bhain foireann amaitéarach Burma na Cluichí Oilimpeacha amach faoina cheannas i 1972.

Sa Spáinn a chaith sé an chuid deiridh dá shaol, áit ar bhásaigh sé ar an 19 Iúil 2013 agus é beagnach 90 bliain d’aois.

Is ceart agus is cuí is dóigh gur comhléiriú Sasanach-Gearmánach é an scannán a thugann scéal a shaoil agus a bhfuil ‘The Keeper’ mar ainm air.

Má shocraíonn tú a ghabháil ag breathnú air agus má bhíonn beagán srannadh ag teacht ón té atá le do thaobh amach sa tráthnóna, bí séimh agus tú á dhúiseacht, seachas d’uillinn a bhá ina chuid easnacha.

Seans gur mise a bheas ann. Tá an faisean sin agam.

Fág freagra ar 'Tabharfaidh Bert Trautmann orm dul chun na pictiúrlainne den chéad uair le blianta fada…'