‘Tabharfaidh an stair breithiúnas thar a bheith dian ar an easpa ceannaireachta i leith éigeandáil na Gaeltachta’

Deich mbliana i ndiaidh fhoilsiú ‘An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch’, deir duine d’údair an taighde Conchúr Ó Giollagáin go bhfuil teipthe ar an Stát aon fhreagra fónta a thabhairt air

‘Tabharfaidh an stair breithiúnas thar a bheith dian ar an easpa ceannaireachta i leith éigeandáil na Gaeltachta’

Deich mbliana i ndiaidh fhoilsiú an staidéir a thuar gur idir 15-20 bliain a bhí fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht, tá ráite ag duine d’údar an staidéir sin go bhfuil na forais Ghaeltachta “níos mífheidhmiúla ná mar a bhí siad” in 2007 agus go bhfuil siad níos dílse ná riamh don “status quo”.

Maíonn sé go bhfuil “tobar an mhachnaimh ionann is tráite sna forais Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge leagtha orthu” agus deir sé “go dtabharfaidh an stair breithiúnas thar a bheith dian” ar an “easpa ceannaireachta” atá á léiriú “tráth seo na héigeandála”.

In alt speisialta leis atá foilsithe inniu ag Tuairisc.ie, deir Conchúr Ó Giollagáin duine d’údair An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, go bhfuil an Ghaeltacht níos laige ná mar a bhí sí nuair a foilsíodh an saothar taighde sin i mí na Samhna 2007.

Maidir le cur chuige an Stáit i leith na Gaeltachta, áitíonn sé gurb é “an mana ‘cloíonn neart ceart’ atá ag stiúradh cúrsaí anois i dtaobh na Gaeltachta”.

“I bhfianaise na faillí maidir le bonn ceart anailíse a chur faoina gcur chuige i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta, tá cosúlachtaí an uathlathais ag teacht ar na forais Ghaeltachta – déantar a ndeirtear agus ná bactar le ciall!.”

Deir Ó Giollagáin gur ag cur “cuma na hidirghabhála” ar a pholasaí “laissez-faire” atá an Stát leis an “allagar” faoin bpleanáil teanga sa Ghaeltacht atá “á chothú” acu, agus maíonn sé gur “dris chosáin” í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge roimh tharrtháil na Gaeltachta.

Áitíonn sé go bhfuil cás na Gaeltachta níos measa ná mar a bhí nuair a foilsíodh an Staidéar de bharr “útamáil oifigiúil in earnáil na Gaeltachta le deich mbliana” anuas.

Deir an sochtheangeolaí go bhfuil “cúngú an phobail Ghaelaigh” sna ceantair Ghaeltachta is láidre ag tarlú “ag an ráta céanna” is a bhí deich mbliana ó shin.

Maíonn sé gur “idé-eolaíocht fhoghlaim na Gaeilge mar dhara teanga is bonn don Straitéis” agus nach mbaineann sí cuid mhór leis an ngéarchéim atá sa Ghaeltacht.

“Is léir ag an tráth seo nach bhfuil le cur i bhfeidhm ach polasaithe i réimsí teoranta a bhaineann le cúrsaí oideachais agus siamsaíochta agus le riachtanas an Stáit maidir le siombalachas,” a deir Ó Giollagáin.

Seo “an t-údar”, a deir sé, a bhí le “cúngú” an polasaí Gaeltachta “do na hiarrachtaí deonacha atá idir lámha ag na Coistí Pleanála Teanga”.

“San am agus san áit ar theastaigh fealsúnacht a bhí dírithe ar shainghrúpa ar leith – an spriocphobal Gaeilge, cheap an Stát meascán mearaí d’aidhmeanna i leith na teanga a bhí bunaithe ar iarrachtaí pearsanta agus institiúideacha. Agus an nua-liobrálachais teanga seo á chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht, cuirfidh an Straitéis le díchumhachtú na nGael.”

Dar leis an sochtheangeolaí “gurb ionann an Straitéis agus polasaí poiblí na Gaeltachta a chaitheamh i dtraipisí, macasamhail éirí as an Stáit i leith na  hAthbheochana go luath sna 1970idí”.

Molann sé dea-shampla na Roinne Oideachais agus a bpolasaí oideachais nua don Ghaeltacht agus maíonn sé go bhfuil codarsnacht mhór idir an cur chuige sin agus cur chuige Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta.

“Ag an am céanna is a bhí an Roinn Oideachais ag machnamh go fónta ar impleachtaí an taighde, bhí cuid de cheannasaíocht Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ag iarraidh a bheith ag cur as don phróiseas taighde a bhain le scríobh Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht,” a scríobhann Ó Giollagáin.

Tagairt is ea an méid sin don chonspóid fhada a bhain le foilsiú an Nuashonrú toisc go raibh easaontas idir Ó Giollagáin, duine d’údair na tuarascála, agus Údarás na Gaeltachta, a choimisiúnaigh an tuarascáil, faoi mholtaí a bheith déanta ag na húdair mar chuid dá dtaighde.

Fág freagra ar '‘Tabharfaidh an stair breithiúnas thar a bheith dian ar an easpa ceannaireachta i leith éigeandáil na Gaeltachta’'

  • Ruairí

    Julian de Spáinn an bhfuil i gceist agaibh leanacht leis an masla suarach sin do mhuintir na Gaeltachta agus iad tréigthe an an Státchóras? Anois an dtuigeann sibh cén fáth ar léim Leon de Varadkar agus Joe Mac Hugh ar bord? Cuirigí Bliain Bhréagach na Gaeilge ar ceal. Deinimís boycott ar an Bhliain Bhréagach ceiliúrtha sa nGaeltacht má leantar leis. Is ag magadh fúinn atá Tionscal na Gaeilge i mBAC.

  • serendipity@gmail.com

    Ó a Thiarcais. Ná bímís i bpíobáin a chéile faoi seo. Tá tuairimí réalaíocha ag Deasún Fennell faoin ghéarchéim seo uile. Tuairisc.ie …cuirigí faoina bhráid é.

  • Danny

    Ní maith liom an deighilt seo idir an Ghaeltacht agus Gaeilgeoirí na Galltachta a fheiceáil.
    Tá seans ag Conradh na Gaeilge dúshlán an rialtais a thabhairt ar son mhuintir na Gaeltachta má chuireann siad géarchéim na Gaeltachta mar phríomh-éileamh na heagraíochta le linn Bhliain na Gaeilge.
    Ach tá glór aontaithe de dhith ó na heagraíochtaí Gaeltachta chomh maith. Ní fheicim gabháil chun tosaigh ar bith má tá an rialtas ábalta na coistí éagsúla a chur ag troid eatarthu don méid suarach atá á chur ar fáil ag an stát don Ghaeltacht.
    Tá cuid mhór le foghlaim ó am Chearta Sibhialta na Gaeltachta nuair a chuir daoine óga ón Ghaeltacht éilimh shiosmaideacha os comhair an stáit agus throid ar son na n-éileamh sin.
    Tá aoisghrúpa na n-eagraíochtaí atá ag plé le leithéidí phleanáil teangan, mar shampla, iontach suimiúil chomh maith. Níl daoine óga páirteach sna coistí den chuid is mó agus tá fáth leis sin. Tá an t-aos óg uilig ar shiúl chuig na bailte móra nó thar lear ag obair mar níl fostaíocht ar bith sa bhaile acu. Go dtí go bhfuil sin réitithe, ní fheicim agóid ar bith fiúntach ag teacht as an Ghaeltacht.
    Caithfear ról an Údaráis agus na Roinne a scrúdú fosta. I ndiaidh achan tuarascáil a thuar bás na Gaeltachta le níos mó ná deich mbliana, ní raibh de athrú straitéise acu ach na Pleananna Teangan.
    Agus tá ag éirí go maith leo siúd, nach bhfuil?

  • Ben Ó Ceallaigh

    Tá litir curtha ag Misneach chuig Uachtarán an Chonartha ag impí air bliain éirí amach na nGael a dhéanamh de 2018 agus an bhéim ar fad a chur ar an nGaeltacht lena linn. Muna ndéantar sin níl dabht ar bith faoi ach gur ceap magaidh áiféiseach a bheas sa ‘gceiliúradh’ ó thús deiridh. Feicfidh mise cén freagra a gheobhaidh muid…

  • Ruairí

    @Danny. Ní muintir na Gaeltachta a thosaigh an raic seo. Níl craobhacha ag Conradh na Gaeilge sa nGaeltacht. Níor phléigh siad an smaoineamh aisteach “Bliain na Gaeilge- ceiliúradh 125 bhliain” linn. Cheapfá agus éigeandáil eacnamaíochta agus teanga sna Gaeltachtaí is láidre go bhfuisródh Conradh na Gaeilge ar thaithin an smaoineamh aisteach linn ar dtús. Anois i 2018 beidh muid maslaithe le béal bán agus cur i gcéill gan náire ó pholaiteoirí nach bhfuil sásta tabhairt faoin éigeandáil sa nGaeltacht ar bhealach ar bith. Gabh go ceantair na nOileán nó Iorras Aithneach agus feicfidh tú go bhfuil na daoine óga le hoideachas imithe agus iad ag obair i gcathracha na heÉireann nó thar lear. Níl na ceannairí óga pobail ann le Cearta Sibhialta a athbhunú.

  • Spideog

    Is mór an trua go bhfuil na Gaeltachtaí chomh lag sin, ach mar sin a bhí siad ag am bunaithe an Stáit agus ní dhearna an Stát aon tada i ndairíre chun neartú teangan a fhorbairt. Nílim ar chor ar bith cinnte an bhfuil sé in ann don teanga maireachtáil mórán níos fuide i nGalltacht na tíre tar éis bás na Gaeltachta – cén fáth an mbeadh an Ghaeilge ann?

  • An rud is léir don dall...

    Is é an rud atá an-ghreannmhar (?!) faoi seo uiliog go gceapann Conradh na Gaeilge go bhfuil siad ag buachtáil an chluiche! Go bhfuil cluas na Roinne acu! Ach, ar ndóigh, níl meas mada ag an Roinn ar Chonradh na Gaeilge. Ach feileann sé don Roinn bheith ag plé le eagraíocht atá ar mí-stiúir i dtaobh stráitéise, agus folamh i bhfealsúnacht, ach a mhaíonn mar sin féin go bhfuil siad ag labhairt thar ceann phobal na Gaeilge – “Ach táimid ag comhoibriú leis an gConradh”, “Táimid ag tabhairt tacaíocht airgid don Chonradh”, “Táimid i gcónaí ag freastal ar na héilimh atá ag an gConradh”! Sea, tá an Conradh ina pheata acu; peata bocht a dtig leo bheith á chiceáil nó a chuimilt de réir mar is maith leo. Bhí fear ag rá liom, agus creidim é, gur chuala sé féin duine sa Roinn ag úsáid na bhfocal ‘Irish language lobby’ agus ‘Conradh na Gaeilge’ in aon abairtín amháin. Sin iad an t-uathlathas a bhfuil Conchúr ag trácht orthu, a mhac! ” Tá cosúlachtaí an uathlathais ag teacht ar na forais Ghaeltachta”, a deir Conchúr – ní inniu ná inné a thosaigh an chuma sin ag teacht orthu…

    Deir Conchúr gur imir an ghéarchéim eacnamaíochta páirt mhór sa titim thubaisteach. Ach ní raibh neart air sin, rinne an rialtas prácás de, sin uilig – rinne siad an rud a raibh rialtais an stáitín seo riamh an-mhaith aige. Ach seo rud a bhí chomh cinniúnach céanna, agus rud a rinne an Rialtas le rún soiléir agus le tréan diabhaltachta – chuir siad Dónall Ó Cnáimhsí “ina thost”, chuir siad Guth na Gaeltachta ina dtost, bhagair siad go mbainfidís a shlí beatha de Dhónall Ó Cnaimhsí (garradóir) mura stadfadh sé de bheith ag labhairt amach. B’in buille chomh hoscailte agus chomh fealltach agus a buaileadh ar an nGaeltacht riamh. Uathlathas a deir tú! B’fhéidir gur deachtóireacht ba chóra a thabhairt air, nó ‘smachtlathas’…