Míle buíochas do Bhrian Mullen, craoltóir agus amhránaí, as seoidín de leabhar a bhronnadh orm – Is Thy Name Wart? (1965) le James Pennethorne Hughes. Is é fotheideal an tsaothair bhig shaoithiúil seo ná The origins of some curious and other surnames agus ba é cuspóir an údair – ní hea, ach a chrosáid aonair – a thaispeáint nach bhfuil ábhar gáire ar bith i sloinnte éagoitianta mar Anguish, Beebees, Coldtart nó Death, gan dul níos faide ná D ar a liodán. Na díograiseoirí úd a scríobhadh paimfléid i gcoinne na sclábhaíochta nó a thugadh óráidí ar son fhuascailt na gCaitliceach, ní raibh siad leath chomh díbhirceach le Hughes agus é ag áitiú orainn gan dul a scigmhagadh faoi ainmneacha daoine eile.
Níl an locht ar mhuintir Anguish, a deir sé, má cuireadh an t-ainm Gaeilge Aengus as a riocht – sloinne de chuid Norfolk atá ann i ndiaidh an tsaoil. Is deacair greann a bhaint as Beebees nuair is eol duit go mbaineann an teaghlach sin le sráidbhaile Beeby in Leicestershire. (Mór an trua nach ar an chósta atá an baile sin: bheadh Beeby by Sea ina ainm galánta.) Níl in Coldtart ach leagan de Coulthard agus, maidir le Death, is cosúil gur truailliú ar D’Aeth atá ann.
Agus fiú amháin na sloinnte sin a tháinig slán ar thruailliú, agus a bhfuil ciall fhollasach i ngach aon siolla acu, caithfear iad a mheas de réir na tréimhse staire lena mbaineann siad. Coisceann Hughes orainn dul a fhonóid faoi fhear ar bith de mhuintir Hogsflesh: ‘this was a trade-name, and merely described what his ancestor sold. Do we rock with laughter at the idea of a pork butcher?’
In ainneoin a dhúthrachta, cluinim scig-gháire íseal thall is abhus trí chuid pléadála Hughes, óir bhí siamsa neamhurchóideach ag baint le hobair seo na sloinnte riamh. Chuir an mórscoláire úd Éamonn Mac Giolla Iasachta suim mhór sa truailliú a rinneadh ar shloinnte gaelacha ón 17ú go dtí an 19ú céad, nuair a shíl na Gaeil ainmneacha céimiúla Béarla a cheapadh dóibh féin. Siar sa bhliain 1964, scríobh sé liosta ina chín lae de shloinnte aisteacha a d’aimsigh sé i gcáipéisí, liosta a foilsíodh níos faide anonn sa leabhar Leathanaigh ó mo Dhialann:Bogus, Brothel, Dudd, Farty, Heresy, Hoore, Horror, Jealous, Judas, Junk, Marriage, Queery, Rape, Rotten, Sex, Shivers, Slush, Spirrits, Thrownaway, Twaddle, Uren.
Mhínigh Mac Giolla Iasachta mar a cuireadh cuid díobh sin as a riocht: is dócha gurbh ionann Brothel agus Ó Bruachail agus gur ó mhuintir Uí Fhathartaigh a fuarthas Farty. Thabharfainn féin buille faoi thuairim ar chorrcheann eile (Horror = de Hóra?) ach fágann Judas agus Thrownaway ag tochas mo chinn mé. Má thig rud ar bith a mhaíomh go lánchinnte, is é an rud é gur deacair craobhacha Gael agus Gall a scaradh ó chéile; níl in Shivers ach leagan Ultach de Cheevers. Is cosúil, mar sin, nach béarlú ar shloinne gaelach atá i ngach leagan sa liosta.
Deoch chomh gaelach le Beamish, is féidir a hainm a rianú siar go dtí teaghlach Boemish i Sasana. Seans gur ón Bhoihéim a ghluais sinsir an teaghlaigh sin go Sasana. Bímis ag ól, mar sin: sláinte na Barnacles, na Niblocks, na McNaboolas agus gach dream eile sa tír ar fhág an imirce, an t-aistriúchán agus claochlú teanga beo sloinne suaithinseach sonraíoch acu.
– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.
Colmán
Bhí mé ag amharc ar an sloinne Peoples ar na moillibh – Ó Duibhne atá ann más fíor nó Ó Duíne. Samplaí eile de seo ar fáil dár ndóigh – Mundy – Mac ‘a Luain mar shampla
Fearn
B’fhéidir nach díol spéise é go dtagann gach rud faoi bhua síonbhuailte is aimlithe le himeacht ama, sloinnte san áireamh, gan claonta cultúir is éigin a lua.
Nár thosaigh na Gaeil ag tarraingt sloinnte chucu timpeall ocht gcéad bliana ó shoin? Aga fada.
Muise, níor smaoinigh na hÍsiltírigh ar shloinnte ach faoi tathaint na bhFrancach dhá chéad bliana is corr ó shoin, agus an tÍoslannach, níor bhuair sé a cheann leo riamh.
Agus cuimhnigh ar mhuintir Hitler seachtó bliana ó shoin a raibh orthu uile sloinnte úra a chuir chucu de dheasca gníomhartha aon duine amháin dá gcine!