D’athraigh gach aon rud an lá a fuair m’athair bás. Is beag machnamh a bhí déanta agamsa ar an bpósadh go dtí sin. Ghlacas leis an saol mar a bhí, ghlacas is dócha nach raibh pósadh i ndán dom, mar a ghlacas le mórán rudaí sa saol, na rudaí a mhúintear duit is tú ag fás aníos.
I bhformhór na leabhar a léigh mé is mé ar scoil, ba fhear agus bean a phós. Agus bhí leanaí acu. Agus ba é Lúdó an madra sa gharraí.
Ach uaireanta tarlaíonn rud éigin a ardaíonn ceist bheag bhídeach i d’aigne.
Ceist a fhásann ar nós tochais. Ceist a fhreagraítear ach go leanann ceist eile í go pras, is ceann eile, is ceann eile. Ceist ar nós: cad ina thaobh gurb é an buachaill thall ansin a theastaíonn uaim a phógadh seachas an cailín?
Is de réir a chéile a fuaireas freagra ar an gceist sin. Agus is de réir a chéile a thuigeas go raibh orm éisteacht lena raibh i m’aigne féin, éisteacht le mo chroí féin, éisteacht le m’anam féin is tabhairt faoi mo bhóthar féin.
Faoin am go rabhas 38 bliain d’aois, bhíos fásta, fear álainn seasta le mo thaobh. Tigh ceannaithe againn. Madra sa ghairdín. (Níor thugas Lúdó air). Bhí ocht mbliana caite le chéile againn ag an tráth sin agus an morgáiste ar ár dtigh mar ‘shnaidhm phósta’ eadrainn. B’in an conradh, b’in an margadh a bhí déanta againn agus cheapas go mba leor sin.
Ach ansin fuair m’athair bás. Fear lách, fear séimh, scoláire, ollamh, údar. An fear a bhí ina chara agam fiú is mé i mo leanbh, an fear a bhí ina athair fós dom is mé fásta, sciobadh uainn de gheit é i lár na hoíche.
Bhí easpa inár saol go léir. Ach is ansin a thuigeas. Ní agamsa a bhí an chailliúint ba mhó, nó ag mo bheirt deirfiúr, nó ag saol acadúil na tíre seo. Níorbh ea ach ag mo mham. Ba uirthi a bhí an cumha ba mhó.
Bhí cara mo mháthar, saighdiúir mo mháthar, comhchealgaire mo mháthar caillte.
Bhí sí gan mhéit. Bhí sí gan a fear. Gan a hanamchara. Gan an crann taca ina saol.
Is ansin a thuigeas. Ba chuma mise agus mo bheirt deirfiúr. Ba chuma mura mbeadh ann ach iad féin. Bhí éacht déanta acu, agus eatarthu a bhí sé déanta. Bhí an nasc speisialta seo cruthaithe ag mo mham is mo dhaid. Bhí rud ar leith cruthaithe acu beirt; i dteannta a chéile ab fhearr iad.
Bhíodar beagnach caoga bliain pósta. Chonaic mé an stádas a bronnadh ar mo mham mar bhaintreach. Chonac mar ba thrua lena gcairde nach raibh comóradh caoga bliain a bpósta sroichte acu. Chonac mar a thuig an saol go raibh lámh mo mhama le feiscint i ngach leabhar a scríobh m’athair, i ngach léacht a thug sé. Chonaic mé an t-aitheantas a tugadh don obair a dheineadar beirt as lámha a chéile acu, mar lánúin. Chonac mar a tugadh ómós agus meas don aistear saoil a dheineadar le chéile, mar ‘céilí’.
Thuigeas ansan an pósadh. Thuigeas cad air a mhaireann pósadh. Thuigeas gur ar fhoighne ar ghrásta, ar mheas agus gan dabht ar ghrá a thógtar pósadh. Níl aon cheangal fola sa phósadh – ach cinneadh atá ann, cinneadh do shaol a chaitheamh le duine, agus seasamh leis an duine sin.
Ba mhór an suaimhneas a thug mo pháirtí dom, ba é mo shlánaitheoir. ‘Sé a choinnigh air nuair nach bhféadfainnse. ‘Sé a sheas ar mo shon nuair nach raibh uaimse ach luí. ‘Sé a bheir greim ar mo lámh is a thriomaigh na deora. ‘Sé a d’fhan liom nuair a d’fhág gach rian gréine mo shaol. Ba chuma cad a bhí dleathach – ba é m’fhear céile é.
Phósamar dhá bhliain ina dhiaidh sin. Cinneadh nár tháinig go furasta. Poblachtánaigh sinn beirt nach ligfeadh ár gcoinsias dúinn glacadh leis an duais thánaisteach – an pháirtnéireacht shibhialta in Éirinn. Má bhíomar le pósadh bhí orainn taisteal. Go Nua-Eabhrac, áit nach bhféadfainnse an margadh a dhéanamh trí Ghaeilge agus áit nach bhféadfadh ár máithreacha dul de bharr go rabhadar amach sna blianta agus gan an tsláinte rómhaith acu.
Ach tá an lá a phósas-sa mo mhéit, mo chara, mo charraig, ar an lá is mó a thug bród dom i mo shaol. Beirt ag seasamh ar comhchéim, sinn ionann, ionann sa ghrá, ionann sa dlí. Na cearta daonna céanna ar fáil dúinne beirt is atá ar fáil ag gach lánúin eile.
Nó sin mar a bhí go dtí gur shroicheamar baile. Anseo nílimid ‘ionann’. Ní thugtar an stádas céanna dúinn. Agus is é seo an fáth go n-impím oraibh ‘TÁ’ a rá sa reifreann seo. Tá an pósadh tábhachtach, mar shiombail agus mar cheart.
Tá an pósadh tábhachtach domsa, mar nuair a bheadsa ar leaba mo bháis, an saol feicthe agam – ní hamháin gur mhaith liom a bheith ag fágáil slán ag mo chara, mo chomhchealgaire, mo leathbhádóir, mo ghrá, ach ba mhaith liom bheith ag fágáil slán ag m’fhear céile.
Tabhair dom do lámh. Tabhair dúinne beirt do lámh.
Bronn stádas an phósta orm féin agus ar m’fhear céile sa tír seo.
– Tá Traolach Ó Buachalla ar dhuine de bhunaitheoirí an fheachtais Tá Comhionannas
Fág freagra ar '‘Tabhair dom do lámh, tabhair dúinne beirt do lámh – bronn stádas an phósta orainn’'