Tabhair dom díolúine ó dhíospóireachtaí Newstalk faoi ‘the Irish’…

Tá práinn ag baint le cás na Gaeilge, ach is mairg a d’iarrfadh lóchrann ar na meáin Bhéarla

Tabhair dom díolúine ó dhíospóireachtaí Newstalk faoi ‘the Irish’…

Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Ceist amháin agam – cén fáth nach ndeir aon duine ‘the French language/the English language’ ach go dtugann Béarlóirí ‘the Irish language’ ar an nGaeilge go seasta síoraí?

Dúradh linn go mbeadh an díolúine a fhaigheann a lán daltaí ón nGaeilge san Ardteist agus maoiniú don chraoltóireacht as Gaeilge á bplé ar Lunchtime Live le Ciara Kelly ar Newstalk ag am lóin inniu. Ar nós chuile mhadra beag eile a bhíodh ag Pavlov, d’éist mé féin leis an gclár d’ainneoin iarratas a bheith déanta agam ar dhíolúine eagarthóra ón ábhar sin. 

Fuair muid spéic cholgach óna croí amach ón láithreoir faoin gcaoi iontach a múintear teangacha eile na hEorpa sa tír seo agus go gcuirtear an carr roimh an gcapall i múineadh na Gaeilge agus go múintear litríocht dheacair Ghaeilge as Béarla mar gheall ar ‘highfalutin ideas Gaeilgeoirí have’ do dhaltaí nach bhfuil an bunfhoclóir acu, cur chuige ar thug sí ‘a load of codswallop’ air. 

Múineadh Fraincis di féin agus cluasáin uirthi ag ‘écouter et répéter’, rud a d’fhág Fraincis aici, más fíor, ach gan focal Gaeilge ina pluic agus gan ach D ar pháipéar pas (gnáthleibhéal) Ardteiste aici. Ní hamháin sin ach an scéal céanna a bhíodh acu ar fad ag na comhdhálacha leighis mar a gcasadh sí ar iarmhic léinn éirimiúla A. Ochón, ochón.

Chomh luath in Éirinn agus a chuir sí Aire Stáit na Gaeltachta inár láthair mar an “Minister for the Irish and the Gaeltacht” thuigeas nach taobh le locht amháin a bhí an saoi cáinteach seo. “You guys should start teaching Irish properly,” a deir sí leis an Aire Kyne agus dualgas Joe McHugh buailte mar shrathair bhreise air sa mullach ar a bhfuil le déanamh sna Forbacha ag an bhfear bocht.

Nuair a fuair mac Uí Chadhain, mar a thugann a mhéit Éamon Ó Cuív air, deis a luach leathphingine a chur sa gcomhrá d’aontaigh sé le cuid mhór dá racht ach dúirt gur bhain a ceist le hábhar eile, seachas na díolúintí. 

Is amhlaidh go gceapann Kyne go bhfuil daoine ag baint mí-úsáid as díolúintí ón nGaeilge agus teangacha eile á ndéanamh acu go paiteanta. Mheabhraigh sé go bhfuil go dtí an Aoine seo ag daoine le moltaí a chur ag an Aire Oideachais Joe McHugh faoi leasuithe ar chúrsa na hArdteiste.

Dar le Kyne féin, ba chóir dhá chúrsa (‘strand’) a bheith ag leibhéal na hArdteiste, ceann acadúil do chainteoirí dúchais/Gaelscoile agus ceann don dream nach dteastaíonn uathu ach a bheith ábalta comhrá Gaeilge a dhéanamh. Glacaim leis go bhfuil aighneacht curtha chuig an Aire McHugh aige faoin ábhar sin le cur leis an gcarn d’aighneachtaí faoin ábhar céanna atá seolta go dtí Sráid Mhaolbhríde le ceathracha bliain anuas.

Moladh fiúntach amháin a rinneadh ar an gclár: dá múinfí Gaeilge i gceart ag an mbunscoil nach mbeadh an díolúine ó aon dalta iarbhunscoile.

Is in olcas atá an scéal ag dul ó thaobh labhairt na Gaeilge sa gcóras oideachais. Tá deireadh ar fad á chur leis an scrúdú cainte roghnach ag an Teastas Sóisearach agus an luach saothair a bhíodh as. Níl aon ghá do mhúinteoirí bunscoile Gaeilge a roghnú mar ábhar céime sna coláistí oiliúna. Is deacair múinteoirí Gaeilge, aistritheoirí, ná Gaeilgeoirí cruinn líofa óga a aimsiú le poist a líonadh. Tá 40% ag an Ardteist ar scrúdú cainte ar ionann é don chainteoir dúchais/líofa agus don fhoghlaimeoir agus sraith pictiúr reámhullmhaithe ina lár. Tá cainteoirí dúchais/líofa á maslú agus beag is fiú á dhéanamh dá gcumas leis an tástáil leanbaí gan dúshlán ná forás a chuirtear orthu san Ardteist.

Níl aon eolas agamsa ar chúrsaí craolacháin ná ar fhoireann taighde Newstalk ach is léir nach eol don láithreoir Kelly aon athrú a bheith tagtha ar an gcóras dara leibhéal ó bhí sí féin ag freastal air agus nach gá di an t-eolas sin a bheith aici chun fios a ghnó a insint don ‘Minister for the Irish’. 

Tá práinn ag baint le cás na Gaeilge ach, faoi mar a dúirt Pól Ó Muirí ar an suíomh seo inné, is mairg a d’iarrfadh lóchrann ar na meáin Bhéarla. 

Mo chomhairle-se do Newstalk agus a macasamhail? ‘You guys should start researching properly…’

Fág freagra ar 'Tabhair dom díolúine ó dhíospóireachtaí Newstalk faoi ‘the Irish’…'

  • Treasa Uí Lochlainn

    Tá sé náireach ag Éireannach a bheith ag iarraidh leithscéal fáil amach as scrúdú a dhéanamh ina dteanga dhúchais . “ Ní fiú Éireannaigh a thabhairt orthu”

  • Béarla teanga an stáit

    Ní leor an port náisiúnach tírghrách a sheinnt níos mó chun an Ghaeilge sna scoileanna a chosaint. Cur amú ama is ea foghlaim na Gaeilge dar le go leor leor daltaí agus tuistí.
    Cén feidhm atá ag an nGaeilge taobh amuigh de gheataí na scoile sa Ghalltacht? Bain triail as í a labhairt le hoifigeach stáit agus is masla atá in ann duit. Cloistear Pólannais ar fud na háite ach ní cloistear an Ghaeilge á labhairt sa Ghalltacht ach ag ócáidí chultúrtha faoi leith. Teanga shiombalach oidhreachta ar nós na Laidine is ea í i nDáil Éireann.
    Ní chuirfinn milleán ar bith ar thuismitheoir ar bith a iarann diolúine ón Ghaeilge. Nach diolúine ón Ghaeilge atá in Alt 8 a thug cead don stát feidmiú tré Bhéarla ó 1937 ar aghaidh.

  • Donnroscach

    Tá’s ag chuile dhuine cén leagan amach atá ag stáisiún an Bhriainigh, ná bímis a’ súil lena mhalairt. I leaba a bheith a’ fiafraí faoin taighde a dhéanann iriseoirí Newstalk, céard faoin taighde nó an réiteach a dhéanann iriseoirí na linne seo ar RnaG agus ar TG4? An bhfuil fhios acu go bhfuil a leithéid de shuíomh ann agus teanglann.ie fiú?
    Idir daoine a bheith ag tosú amach, ag goil sús agus anús, a bheith a’ titim taobh thiar den liathróid nuair nach bhfuilid compóirteach uirthi, gan ‘fhios ag cuid acu an thall nó ‘ús’ atáid, ‘sé an suaimhneas agus an ciúineas a mholfainnse feasta don chainteoir dúchais, más ann dá leithéid.