Tadhg an dá Thaobh mé. Níl agam ach mo chloigeann a chromadh le náire agus mo pheacaí a inseacht.
Ní bhfaighfeá sampla níos fearr den chineál rud a bhfuil col agam lena leagan amach ná Comcast, an t-ilchomhlacht ilnáisiúnta teileachumarsáide. Is é an dara comhlacht teilifíse is mó ar domhan agus an ceann is mó sna Státaí a dhéanann soláthar d’úinéirí tithe ar an idirlíon. Arracht.
Is beag iomaíocht atá aige i go leor de na tíortha ina bhfuil fáil ar a sheirbhísí. Tá cáineadh déanta ar an mbealach a gcaitheann sé le cuid den fhoireann oibre (186,000 duine) agus tá sé go hoscailte in aghaidh an cheardchumannachais.
Agus íocaim suas le €100 sa mí leis.
Fochomhlacht de chuid Comcast is ea Sky trína bhfaighim na cainéil sin ar an teilifíseán sa mbaile. Fágann sin is dócha, faraor, gur láidre mo shuim i gcúrsaí spóirt ná mo chuid prionsabal.
Mo náire mé.
Sin an fáth freisin is dóigh nach féidir liom a bheith chomh cáinteach sin ar Chumann Lúthchleas Gael san argóint atá ar bun i láthair na huaire maidir le táille agus GAAGO a bheith i gceist i gcás cluichí sna craobhchomórtais shinsearacha nach mbíonn fáil orthu ar theilifís RTÉ.
Dá dhonacht mo chuid fimíneachta bheinn i mo bhaileabhair ar fad sa gcás go gceapfainn é a bheith ceart go leor síntiús a thabhairt do chóras an chaipitleachais agus a mhalairt tuairim agam faoi chumann náisiúnta amaitéarach spóirt a bhfuil ballraíocht agus bá agam féin leis.
Cúpla seachtain ó shin ar an suíomh seo, thug Dara Ó Cinnéide barúil ionraic, thuisceanach ar shocrú nach dtaitníonn leis féin. Is deacair a bhreith a bhréagnú. ‘Tá glactha agamsa leis go drogallach agus go doicheallach ó chuaigh Cumann Lúthchleas Gael in aon leaba leis an gcomhlacht Sky ar Lá na nAmadán 2014, gurb é seo an treo a bheidh á thógaint agus gur cuma i ndáiríre cé na guthanna a bheidh ina choinne, ní raibh agus níl CLG meáite ar a bport a athrú.’
Taca an ama chéanna dhaingnigh Uachtarán CLG Jarlath Burns a raibh le rá ag Dara nuair a dúirt seisean nach raibh sé i gceist ag a chumann droim a thabhairt d’aon fhoinse airgid a bheadh ar fáil dó.
Ar an gcéad leathanach de Bhíobla na heagraíochta An Treoraí Oifigiúil, tá an méid seo le rá faoi aidhmeanna CLG: ‘Tabharfaidh an Cumann tacaíocht bheo don Ghaeilge, do rincí, ceol agus amhránaíocht thraidisiúnta na hÉireann agus do ghnéithe eile den Ghaelsaíocht.’
As an argóint seo ar fad faoin ‘teilifís íoc ar amharc’, tá bealach simplí amháin a bhféadfadh CLG éalú as an gcruachás ina bhfuileadar faoi GAAGO. Sin na cluichí nach bhfuil ar chumas RTÉ beo-chraoladh a dhéanamh orthu a thabhairt do TG4 agus GAAGO a fhágáil ar an mbonn ar bunaíodh an chéad lá ariamh é – seirbhís do dhaoine thar lear.
De réir na tuarascála airgeadais is deireanaí atá ar fáil do GAAGO (2022) is brabús €518,218 a roinn CLG agus RTÉ eatarthu an bhliain sin. Nuair a dhéanann tú roinnt ar an bhfarasbarr sin eatarthu fágann sin go mba €259,109 a fuair Páirc an Chrócaigh as. Mar sin ba as GAAGO a tháinig 4% den fharasbarr €6 milliún a bhí acu in 2022 .
Sciar beag go maith den bhrabús iomlán é sin agus sciar a mairfeadh siad dá uireasa.
Is é mo mholadhsa inniu go seasfadh Cumann Lúthchleas Gael ar bhealach praiticiúil leis an aidhm atá sa Treoraí Oifigiúil agus go dtabharfadh siad cluichí GAAGO saor in aisce do TG4.
“Tacaíocht bheo” atá geallta dár dteanga agus dár n-oidhreacht sa Treoraí. Is ar éigean go bhféadfadh a leithéid de bheart a bheith níos beo agus i bhfianaise na bhfigiúirí thuas ní bhrisfeadh an chailliúint airgid ar CLG an banc.
Ní hamháin go mba ghníomh ar son na teangan a bheadh ann, ach freisin shásódh iad siúd atá ag dul in aois, iadsan nach bhfuil an teicneolaíocht nua ar fáil dóibh. Chuirfeadh sé deireadh freisin leis an mbarúil nach bhfuil sé ceart go mbeadh CLG agus RTÉ i gcomhpháirt ina leithéid d’fhiontar.
Sé fírinne an scéil nach bhfaigheann TG4 aitheantas ó CLG as an méid d’imeachtaí an chumainn a chraolann siad. Bheinn den tuairim go gcaitheann TG4 céatadán i bhfad níos mó dá mbuiséad ar imeachtaí CLG ná a chaitheann na stáisiúin teilifíse eile sa tír seo, RTÉ san áireamh. Anuraidh rinne siad craoladh ar os cionn 220 cluiche. Cuimhnigh freisin go mbíonn Comórtais Scór agus Gradaim an Uachtaráin le feiceáil ar an tseirbhís… ‘rincí, ceol agus amhránaíocht thraidisiúnta na hÉireann agus do ghnéithe eile den Ghaelsaíocht.’
I gcuid den díospóireacht atá déanta faoi GAAGO, tá ráite ag urlabhraí thar ceann CLG nár léirigh TG4 aon suim i gCraoladh Cluichí sna Craobhacha Sinsearacha. Rud nár dhúirt sé nár luadh leis an stáisiún go raibh a leithéid ar fáil dóibh dá mba shuim leo iad. Ag an tráth sin freisin bhí CLG agus Sky i mbun comhráite.
Go fiú dá dtairgfí dóibh na cluichí, is ar éigean a bheadh stáisiún na Gaeilge in acmhainn na cearta a cheannacht i bhfianaise an airgid mhóir a bhí CLG a éileamh ar chomórtais thánaisteacha.
Tá deis iontach ag CLG an dá éan a mharú leis an aon urchar amháin – tugaidís cead do TG4 cluichí GAAGO a chraoladh.
JP
“Níl ach an t-aon pháirtí craoltóireachta amháin againn agus is é sin RTÉ”
adúirt Jarlath Burns, Uachtarán CLG, nuair a bhí GAAGO á chosaint aige ar an raidió.
Amhail is dá mba laincis é an ceangal sin ar chraoladh na gcluichí uile.
B’ait liom nár ceistíodh é tuilleadh faoin ráiteas sin ach fágadh mar sin aige é.
Ba dhóigh leat ná raibh fhios acu go raibh TG4 ann in aon chor!
Bhí Jarlath Burns i láthair i gCill na Martra do C P na Gaeltachta agus ba gheal lena chroí é…ní a léiríonn gur mór aige ár dteanga agus ár gcultúr dúchais. Níor thug aon Uachtarán de chuid CLG turas ar aon ócáid dá leithéid riamh roimhe sin i stair an Chumainn.
Ba cheart do TG4 agus Nemeton srl breith ar an uain ar an urla anois agus dul i snaidhm chomhairle le J. Burns ar bhonn práinne.
Nár mhór an áis é dóibh (!) siúd atá
“ag dul in aois agus nach bhfuil an teicneolaíocht nua ar fáil” dóibh.
Gearóid
Ach scríobhtar ainmneacha na n-imreoirí as Gaeilge ar an liosta foirne a thugtar don réiteoir. Nach “tacaíocht bheo” é sin!!
Tagaim go láidir leat a Mhártain. Nach iontach an t-ardán a bheadh ann don Ghaeilge agus Tg4 cluichí craoibhe a chraoladh agus agallaimh a dhéanamh as Gaeilge leis an iliomad imreoir a bhfuil Gaeilge acu. Ba mhór an spreagadh a bheadh ann don aos óg leithéidí Con O’Callaghan, Danny Sutcliffe nó Paul Conroy a chloisteáil ag labhairt as Gaeilge.
Kerry Blue
‘…gnéithe eile den Ghaelsaíocht?’ ‘tacaíocht’??
“I’ll be riding shotgun underneath a hot sun, thinking I’m a someone.”
Sampla den ‘Gaelsaíocht’ luachmhar a bhíonn le cloisteáil ós na callairí sa Stáid áitiúil agam formhór gach deireadh seachtaine.
Ní dóigh liom go mbeadh sé de dhánaíocht ag aon Stáid eile in aon tír eile ar domhan cac sleaidí mar sin a chraoladh ag cluiche ar bith.
B’fhearr liom bheith ag éisteacht le muc ag bromanaigh.
Seán
Mar eolas agus mar cheartù ar a bhfuil ráite ag JP, ní fíor nár “ thug aon Uachtarán de chuid CLG turas ar aon ócáid dá leithéid riamh roimhe sin i stair an Chumainn”. Go deimhin ó bunaíodh an Comòrtas Peile i ndeireadh na 1960idí is, beag de na hUachtaráin a bhí i réim nár fhreastal ar an òcáid le linn an deireadh seachtaine, pé áit a raibh sé ar bun. Ba amhlaidh cás ag Liam Ó Maoilmhichíl nuair a bhí seisean ina Ardstiúrthóir
Ruadhán
Thá an ceart ar fad agat ansan. Níl sé i gceart go mbeadh cluichí gaelacha á gcraoladh i dteanga nach gaelach í!