‘Tabhair aire do do chairde. Ag deireadh do shaoil ní bheidh aon aiféala ort faoi aon rud eile’ – Barbara Bush ar shlí na fírinne

Bean shuimiúil inti féin ab ea Barbara Bush in ainneoin gurbh é an cháil is mó a bhí uirthi go raibh sí pósta le huachtarán agus go raibh mac léi ina uachtarán freisin

‘Tabhair aire do do chairde. Ag deireadh do shaoil ní bheidh aon aiféala ort faoi aon rud eile’ –  Barbara Bush ar shlí na fírinne

Is beag duine nach n-aithneodh pictiúr de Barbara Bush, an cloigeann liath agus an t-éadach compordach sean-aimseartha. Bean í seo a raibh a fear agus a mac ina n-uachtaráin ar Mheiriceá agus thug mac eile iarraidh faoin bpost sin chomh maith.

Bean as teaghlach foilsitheoireachta i Nua-Eabhrac nach raibh aon easpa pingineacha orthu a phós mairnéalach i gcabhlach Mheiriceá i 1945 agus an dara cogadh mór fós ar siúl agus arbh é an t-aon phost a bhí riamh aici ina saol a seisear clainne a thógáil agus George a leanúint ar fud na tíre agus cuidiú leis cumhacht agus airgead a chnuasach.

Thacaíodh sí lena fear go poiblí, a laoch mar a deireadh sí féin, agus mar a deirtear go minic faoi mhná meabhracha, cuireadh i leith Barbara Bush gurbh í treoraí agus máistir a fir í ar chuile cheist, agus ní minic a luaití aon ardmheabhair lena fear féin.

Chuir sí an gomh dearg ar Phoblachtánaigh áirithe, Ronald Reagan ina measc, nuair a thug sí a beannacht do bhille comhionannais.

Chreid Barbara Bush gur cinneadh pearsanta a bhí sa ghinmhilleadh agus nár cheart don pháirtí Poblachtánach seasamh poiblí a ghlacadh ar an ábhar. Mar a dúirt sí féin:

“Ní haon áit iad ardáin agus coinbhinsiúin le haghaidh cúrsaí pearsanta. Tá an dearg-ghráin agam féin ar an nginmhilleadh ach ní fhéadfainn cinneadh a dhéanamh d’aon duine eile.”

Scríobh sí dírbheathaisnéis i 1994, Barbara Bush: A Memoir, inar admhaigh sí nár aontaigh sí le polasaithe a fir maidir le dhá rud, ginmhilleadh  agus airm ionsaí a bheith ar díol.

Nuair a bhí a fear ina Uachtarán agus í seadaithe sa Teach Bán, an litearthacht an tionscnamh is mó a leag Barbara Bush béim air. Ní hamháin sin ach scríobh sí leabhar do pháistí faoina madra, Millie. Labhraíodh sí go minic faoina thábhachtaí agus a bhí sé an litearthacht a chur chun cinn i measc na mbocht agus na n-imirceach dá mba leo dul chun cinn a dhéanamh sa saol i Meiriceá. Bunaíodh roinnt mhaith cumann léitheoireachta ina hainm agus bhunaigh sí Fondúireacht Litearthachta Teaghlaigh, a bhfuil cuid dá clann fós ina bun.

Deirtí go raibh an tseirbhís rúnda cráite aici mar go mbíodh sí ag iarraidh taisteal ar na gnáth-eitiltí tráchtála agus go mbíodh sí corraithe dá gcuirfeadh slándáil moill ar na heitiltí. Ní hiontas ar bith go mbíodh lucht slándála imníoch mar is iomaí duine a mbíodh fonn air cnap a bhualadh ar a fear agus é ina uachtarán.

Fiafraíodh di geábh an gcuireadh an drochphoiblíocht agus an sciolladh a d’fhaigheadh a fear as di agus dúirt sí nach n-éisteadh sí le haon nuacht mar go raibh a fhios aici féin go maith nach raibh i 90% dá raibh de nuacht ar an teilifís ach ‘tuairimíocht’ agus nárbh fhiú di a ‘hintinn álainn’ a chur amú ar an tseafóid sin.

Nuair a fiafraíodh di ar thaitin an Teach Bán léi, dúirt sí gur aici a bhí an jab ab fhearr i Meiriceá. “Tarlaíonn rudaí chuile lá a bhíonn suimiúil, tairbheach agus scaití bíonn an-spraoi againn,” ar sí.

Nuair a thug Bush léacht i gColáiste Wellesley i 1990, agus mná go leor ar buile go mbeadh bean ag caint nach raibh d’éacht déanta aici ach Uachtarán a tíre a phósadh, is éard a bhí le rá aici:

“Tabhair aire do do chairde. Ag deireadh do shaoil ní bheidh aon aiféala ort faoin scrúdú nár éirigh go maith leat ann ná an gnó nár éirigh leat a dhéanamh. Ach beidh aiféala ort faoin am nár chaith tú le d’fhear, do chara nó do thuismitheoir.”

Bhí an galar ainsealach scamhóige COPD ag gabháil do Bush le blianta agus cé gur éirigh sí as na toitíní i 1968, bhí 25 bliain caite aici ag caitheamh go trom faoin tráth sin. Nach trua nach bhféadfadh aon chuileog a bhí ar bhallaí theach na cumhachta slaiseanna macánta na mná seo a insint dúinn agus í bailithe léi tar éis 92 bliain ar an saol seo.

 

 

Fág freagra ar '‘Tabhair aire do do chairde. Ag deireadh do shaoil ní bheidh aon aiféala ort faoi aon rud eile’ – Barbara Bush ar shlí na fírinne'