‘Tábhachtach don tír ar fad’ líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge a dhúbailt – An tAire Oideachais

Deir an tAire Oideachais Norma Foley go n-oibreoidh sí go dian ar son an ghaeloideachais sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre

‘Tábhachtach don tír ar fad’ líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge a dhúbailt – An tAire Oideachais

Tá ráite ag an Aire Oideachais nua, Norma Foley, go ndéanfadh sé leas na tíre dá bhféadfaí líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge a dhúbailt faoi 2030.

Dúirt an tAire Oideachais le Tuairisc.ie go bhfuil sí tiomanta don sprioc sin a bhaint amach, sprioc atá leagtha síos i bpolasaí nua a d’fhógair a réamhtheachtaí Joe McHugh anuraidh.

“Ba bhreá liom an dul chun cinn seo a fheiceáil agus creidim go mbeadh sé tábhachtach do dhaltaí, dá dteaghlaigh, dá gceantair agus don tír ar fad,” arsa an tAire Oideachais Norma Foley le Tuairisc.ie.

Maidir leis an ngeallúint i gclár an Rialtais go ndéanfaí polasaí “cuimsitheach” a fhorbairt don Ghaeilge “ón oideachas réamhscoile go hoideachas múinteoirí”, dúirt an tAire go raibh rún aici tús a chur leis an obair ar fhorbairt an pholasaí sin a luaithe is féidir.

“Mar Aire Oideachais, tá mé tiomanta do dheiseanna a chruthú chun oideachas trí mheán na Gaeilge a leathnú lasmuigh den Ghaeltacht,” a dúirt an tAire Norma Foley.

Dúirt sí go raibh sé mar aidhm aici gealltanas a Roinne a chomhlíonadh agus 45 ‘scoil’, aonaid lán-Ghaeilge san áireamh, a bhunú idir 2019 go 2022.

Dúirt sí go raibh sí “ana-shásta chomh maith leis na forbairtí atá déanta cheana maidir le soláthar trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile go háirithe”.

Fógraíodh mí Mheán Fómhair seo caite go mbunófaí cúig Ghaelscoil idir 2020-2022.

“Tá mé ag súil go mór leis an tionchar a bheidh ag an dul chun cinn seo ar na scoileanna seo agus scoileanna eile, a fheiceáil. Chomh maith leis sin, tá mé ag súil leis an tionchar dearfach agus an méadú ó thaobh úsáid na Gaeilge sna ceantair sin a fheiceáil,” arsa an tAire Oideachais.

Gheall sí go n-oibreodh sí féin “go dian” le cinntiú go mbeidh a dhá oiread daoine óga i scoileanna lán-Ghaeilge is atá faoi láthair.

Fág freagra ar '‘Tábhachtach don tír ar fad’ líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge a dhúbailt – An tAire Oideachais'