Tábhacht na Gaeilge do Chomórtas Peile na Gaeltachta le daingniú le cabhair Pháirc an Chrócaigh

Tá beartaithe ag lucht eagraithe Chomórtas Peile na Gaeltachta agus Páirc an Chrócaigh oibriú le chéile chun an comórtas a neartú

Tábhacht na Gaeilge do Chomórtas Peile na Gaeltachta le daingniú le cabhair Pháirc an Chrócaigh

Tá obair ar bun chun tús a chur le “ré nua” do Chomórtas Peile na Gaeltachta agus cinneadh déanta an nasc idir lucht eagraithe an chomórtais agus Páirc an Chrócaigh a dhéanamh níos láidre.

Rinneadh plé ar thodhchaí an chomórtais ag cruinniú cinn bhliana choiste náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta le déanaí agus tá sé beartaithe oibriú i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael chun an comórtas a neartú agus na dúshláin atá roimhe a shárú.

Tá cinneadh déanta Jamie Ó Tuama, Oifigeach Náisiúnta Forbartha Gaeilge CLG, a cheapadh ar choiste náisiúnta an Chomórtais chun an caidreamh sin a láidriú agus deir sé go bhfuil sé i gceist anois obair i dtreo réiteach a fháil ar chuid de na fadhbanna atá ann.

“Cheap lucht Chomórtas Peile na Gaeltachta go mbeadh an nasc idir an comórtas agus Páirc an Chrócaigh níos láidre agus d’aontaigh muid leis sin,” a deir Ó Tuama le Tuairisc.

“Thosaigh muid ag caint le Cathal Seoighe agus Seán Ó hEarcáin [rúnaí agus cathaoirleach Chomórtas Peile na Gaeltachta] an t-am seo anuraidh. Bhí comhrá oscailte againn an chéad lá. Bhí roinnt diúltachais ann maidir le Comórtas Peile na Gaeltachta ag an am agus mheas muid uile gur smaoineamh maith a bheadh ann tabhairt faoi na fadhbanna.

“Caithfidh mé a rá, bhí Cathal agus Seán an-bháúil agus i ndiaidh an chomórtais i Leitir Móir, shuigh muid síos agus phléigh muid na rudaí a cheap muid a bhí dúshlánach don chomórtas agus na háiteanna a raibh fadhbanna.”

Deir Ó Tuama gur ceann de na hábhair is mó a ndearnadh plé air ag an gcruinniú bliantúil le gairid ná ról na Gaeilge i gComórtas Peile na Gaeltachta.

Tá sé beartaithe anois tábhacht na teanga don Chomórtas a dhaingniú agus níos mó béime a chur ar chúrsaí teanga mar chuid de.

“Gach bliain, an tseachtain roimh Chomórtas Peile na Gaeltachta bíonn clamhsáin faoi chúrsaí Gaeilge agus ní raibh tada á dhéanamh faoi,” arsa Ó Tuama.

“Níor mhaith liomsa ná le héinne eile aon dream a dhíbirt ón gComórtas ach, ag an am céanna, tá sé fíorthábhachtach go dtuigfeadh gach duine stair agus traidisiún an Chomórtais agus go gcaithfeadh an Ghaeilge a bheith lárnach ann mar theanga imeartha agus sna himeachtaí taobh amuigh den pháirc chomh maith. D’aithin muid go raibh stádas náisiúnta ag an gComórtas Peile ach nach mbeadh sé sin ann gan an Ghaeilge.”

Deir Ó Tuama go mbeidh sé deacair réiteach sásúil a fháil ar an scéal ach go bhfuil an coiste náisiúnta ar aon intinn go gcaithfear dul i ngleic leis an gceist.

Tá suirbhé le scaipeadh ar chlubanna Gaeltachta ar fud na tíre sna seachtainí amach romhainn ag plé le saincheisteanna a bhaineann leis an gComórtas agus beidh ról agus caomhnú na Gaeilge ar cheann acu.

“Tá sé fíorthábhachtach go dtiocfadh na clubanna uile ar ais chugainn le haiseolas. Is leis na clubanna an Comórtas agus níl mé díreach á rá sin ar mhaithe lena rá.”

Nuair a dhéanfar tuairimí na gclubanna a bhailiú agus a scagadh, tá sé i gceist bunreacht nua a scríobh do Chomórtas Peile na Gaeltachta a thabharfaidh treoir do lucht eagraithe an chomórtais sna blianta amach romhainn. Daingneofar sa bhunreacht na moltaí atá le déanamh faoin nGaeilge chomh maith le hathruithe ar glacadh leo ag an deireadh seachtaine maidir le stádas chomórtas na mban agus ábhair eile.

Deir Ó Tuama go n-oibreoidh CLG chomh maith chun cabhair agus comhairle a chur ar fáil do na cumainn áitiúla a bhíonn ag fáil réidh le Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil.

“Shocraigh muid go raibh gá le heolas a bhailiú do chumainn i dtaobh scála ama agus mar sin de. Tá muid anois ag obair i gcomhar le Naomh Anna, Leitir Móir [a reáchtáil Comórtas 2022] chun breathnú ar céard go díreach atá le déanamh agus na próisis a bhaineann leis an gComórtas a eagrú. Tá muid chun eolas a bhailiú agus ansin é a chur ar fáil d’aon dream a bheidh ag eagrú an Chomórtais amach anseo,” ar sé.

Tá leathanach le forbairt ar shuíomh CLG féin chomh maith ina gcuirfear eolas ar fáil faoi chluichí, torthaí agus stair an Chomórtais. Deir Ó Tuama go bhfuil sé mar sprioc aige níos mó poiblíochta a fháil do Chomórtas Peile na Gaeltachta sna meáin ar fud na tíre.

“Tá féidearthachtaí ann nár baineadh amach riamh,” a deir sé.

“Mhair an Comórtas breis is 50 bliain go dtí seo agus, le cúnamh Dé, beidh sé ann ar feadh níos mó ná 50 bliain eile.”

Fág freagra ar 'Tábhacht na Gaeilge do Chomórtas Peile na Gaeltachta le daingniú le cabhair Pháirc an Chrócaigh'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    “Tá leathanach le forbairt ar shuíomh CLG féin chomh maith ina gcuirfear eolas ar fáil faoi chluichí, torthaí agus stair an Chomórtais.”

    An mbeidh an leathanach seo go hiomlán i nGaeilg? Agus gan aistriú ar bith go Béarla? Más fíor gur comórtas don Ghaeltacht atá i gceist ní bheidh aon ghá le haistriúchán go Béarla – teanga na Breataine – nó tuigfidh iad siúd a bhfuil suim acu sa Ghaeilg (teanga na Gaeltachta) caidé atá ar bonn leis an chomórtas agus an brí atá leis – comórtas d’imreoirí Gaeilge agus Gaeltachta agus an Ghaeilg mar theanga imeartha agus labhartha i rith an chomórtais.

    Ach, dar ndóighe, tá go leor foirne ‘Gaeltachta’ agus ní hí an Ghaeilg an ghnáth-theanga labhartha san fhochumann…