Tábhacht na bpocanna amach, cumas na gcúl báire agus deis tuillte ag Kingston óg

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is suimiúla ó chluichí móra Chumann Lúthchleas Gael an deireadh seachtaine

Tábhacht na bpocanna amach, cumas na gcúl báire agus deis tuillte ag Kingston óg

Tábhacht na bpocanna amach ríshoiléir

Tá roinnt rudaí ann a d’fhéadfadh a bheith déanta níos fearr ag Port Láirge i gcluiche leathcheannais an deireadh seachtaine seo in aghaidh Luimnigh ach rud amháin a sheasfaidh amach do na Déisigh nuair a chaithfear súil siar ar an gcluiche ná na deacrachtaí a bhí acu a gcuid bpocanna amach féin a bhuachan.

Tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil fathaigh ag Luimneach timpeall ar lár na páirce ach, ar chúis éigin, bheartaigh Port Láirge an-chuid buillí a chur síos sa mhullach ar leithéidí Kyle Hayes, Diarmuid Byrnes, Tom Morrissey.

Ba sa tréimhse i ndiaidh an tsosa uisce sa chéad leath is mó a rinneadh scrios ar phoc amach Phort Láirge agus bhí an bhearna a chuir Luimneach idir na foirne le linn an ama sin cinniúnach. Pointe amháin chun tosaigh a bhíodar théis 18 nóiméad ach faoin am go raibh leath ama sroichte, bhí Luimneach imithe ocht bpointe chun cinn, 0-15 in aghaidh 0-7.

Níor bhuaigh Port Láirge ach naoi gcinn den 22 poc amach a bhí acu sa chéad leath sin, 41% agus ní dhéanfadh foireann ar bith aon mhaith agus seilbh an tsliotair á bronnadh ar an bhfreasúra chomh minic sin. Ar an taobh eile, bhuaigh Luimneach 12 as an 15 poc amach a bhí ag cúl báire na foirne, Nickie Quaid, ráta ratha 80%.

D’fheabhsaigh cúrsaí beagáinín do Phort Láirge ag tús an dara leath agus cúpla poc amach buailte gearr acu ach d’imigh rudaí in olcas arís ina dhiaidh sin. Faoin am gur tháinig deireadh leis an gcluiche, bhí 21 den 41 poc amach a bhuail Shaun O’Brien sa chluiche buaite ag Port Láirge, 51%.  Ráta 72% a bhí ag Luimneach óna bpocanna amach féin.

Bhí tábhacht na bpocanna amach le feiceáil sa chluiche leathcheannais idir Corcaigh agus Cill Chainnigh. Bheartaigh Cill Chainnigh an-chuid dá gcuid pocanna amach féin a bhualadh fada ach féach nár bhuadar ach 31 as 53 poc amach ar fad sa chluiche, 58%.

Bhain Patrick Collins Chorcaí úsáid as pas gearr níos minice agus bhuaigh Corcaigh 37 dá mbuillí féin, as 47 ar fad – 79%. Agus seilbh ar an sliotar buaite ag Corcaigh, bhí sé níos éasca acu na deiseanna a chruthú do leithéidí Shane Kingston, Patrick Horgan, Jack O’Connor agus na tosaithe eile.

Eoin Murphy. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Cumas na gcúl báire

Cé go raibh na deacrachtaí sin ag Cill Chainnigh lena bpocanna amach, chuir cúl báire na foirne, Eoin Murphy, leis an gclú atá air. Bhí glúin iontach cúl báire ann sna nóchaidí – Brendan Cummins, Davy Fitzgerald, Dónal Óg Cusack, Damien Fitzhenry – ach is beag nach ndéarfadh gurb é Murphy an cúl báire is fearr atá feicthe againn le fiche bliain anuas.

Rinne Murphy an-sábháil ó Conor Cahalane san am breise den chluiche inné ach bhí an tsábháil a rinne sé ó Jack O’Connor théis 49 nóiméad dochreidte ar fad agus éirithe leis teagmháil a dhéanamh leis an sliotar agus é sínte ar a fhad. Agus an cluiche caillte ag Cill Chainnigh ar deireadh, seans go ndéanfar dearmad uirthi amach anseo, agus ar an bhlocáil iontach a rinne Huw Lawlor ar Alan Cadogan sa dara leath freisin, agus is trua sin.

Cé nach mbeidh an cúl báire is fearr sa tír ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann, beidh an dara duine is fearr, Nickie Quaid Luimnigh. Mar a tharla I gcluiche ceannais na bliana seo caite, ní raibh imreoirí Phort Láirge in ann Quaid a shárú Dé Sathairn. Rinne sé cúpla sábháil mhaith ó Austin Gleeson sa chluiche ach ba í an tsábháil a rinne sé ó Jamie Barron an ceann ab fhearr. Bhí beagán den ádh leis gur bhuail iarracht an Déisigh in aghaidh a chlogaid ach d’fhan Quain ina sheasamh chomh fada agus ab fhéidir chun rudaí a dhéanamh níos deacra do Barron. Stop sé iarracht eile ó Stephen Bennett ag dul thar an trasnáin sa chéad leath agus seans gurb é féin an cúl báire is fearr atá ann ó thaobh pocanna amach faoi láthair.

Shane Kingston agus Paddy Deegan. Pictiúr:INPHO/Laszlo Geczo

Caithfear áit a fháil do Kingston óg

B’údar iontais an tseachtain seo caite gur fógraíodh nach mbeadh Shane Kingston Chorcaí ag tosú i gcluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Chill Chainnigh. Tá Kingston ar dhuine de na tosaithe is fearr ar fhoireann Chorcaí agus ní raibh aon imreoir eile ar an bhfoireann a raibh níos mó scóranna ón imirt faighte aige do Chorcaigh go dtí seo sa chraobh.

Mar sin féin, bheartaigh a athair Kieran, bainisteoir na foirne, agus lucht bainistíochta eile Chorcaí Shane a choinneáil ar an mbinse agus é a chur chun páirce nuair ba mhó gá. Cinneadh théis 40 nóiméad go raibh sé ag teastáil agus bhí Kingston ar fheabhas ar fad sa chluiche ina dhiaidh sin agus seacht bpointe ar fad aimsithe aige.

Tá tuairim ann anois gur cheart Kingston óg a fhágáil ar an mbinse do chluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Luimnigh agus é a thabhairt isteach san imirt chun spreagadh a thabhairt do Chorcaigh arís. Tá ciall leis an smaoineamh sin go pointe ach, in aghaidh shárfhoireann seo Luimnigh, d’fhéadfadh go mbeadh seaimpíní na hÉireann imithe rófhada faoin am a dtabharfaí Kingston chun páirce.

Níl aon fhoireann sa tír atá in ann seasamh le Luimneach ó thaobh nirt de. Léiríodh sin arís ag an deireadh seachtaine, agus b’fhéidir gurbh fhearr do Chorcaigh béim a chur ar choisíocht iontach na foirne in iarracht fir Luimnigh a chur dá mbuille.

Fuair Kingston 1-2 in aghaidh Luimnigh sa chluiche eatarthu i gCraobh na Mumhan níos luaithe i mbliana agus tá imreoirí eile ag Corcaigh a d’fhéadfadh spreagadh a thabhairt a iad a theacht isteach mar ionadaithe. Scóráil Alan Cadogan trí phointe in aghaidh Chill Chainnigh inné agus rogha eile é Shane Barrett, a thosaigh in áit Kingston in aghaidh na gCat. Fuair Barrett dhá phointe in aghaidh Luimnigh nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí sa chluiche craoibhe sin níos luaithe i mbliana.

Tá an t-ádh le Kieran Kingston go bhfuil na roghanna sin aige ach déarfá go bhfuil deis tuillte ag a mhac cluiche ceannais na hÉireann a thosú.

Fág freagra ar 'Tábhacht na bpocanna amach, cumas na gcúl báire agus deis tuillte ag Kingston óg'