Tábhacht ar leith ag baint anois leis an Pro 12

Tá Cúige Mumhan agus Cúige Uladh beagnach cinnte go mbeidh siad sna cluichí leathcheannais agus tá Cúige Chonnacht fós ar a míle dícheall ag iarraidh fanacht sa séú háit

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

In ainneoin tréaniarrachtaí na Laighneach, cinntíonn bua Toulon i gCorn na gCuradh an deireadh seachtaine caite nach bhfuil fágtha anois ag Cúigí na tíre seo ach comórtas an Pro 12. Fágann sin go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na trí chluiche atá le himirt fós sna réamhbhabhtaí.

Beidh áit sna cluichí leathcheannais ag na ceithre fhoireann a bheas ar bharr an tábla ach a gcríochnóidh na réamhbhabhtaí. Tá Cúige Mumhan agus Cúige Uladh beagnach cinnte go mbeidh siad ina measc siúd. Beidh an t-ádh glan ar Chúige Laighean áit a fháil ina measc, iad sa gcúigiú háit faoi láthair, ocht bpointe taobh thiar de na hOspreys dream atá sa gceathrú háit.

Mar bharr ar mhí-ádh na Laighneach, tá orthu imeacht as baile go Béal Feirste an Aoine seo agus gan acu ach scíth chúig lá ón gcluiche crua i gcoinne Toulon. Beidh siad ag tabhairt faoi na hUltaigh, foireann atá sa tríú háit ar an tábla agus iad sin ar thóir bua a chinnteoidh cluiche leathcheannais baile dóibh, rud a bhíonn ar fáil ag na foirne a bhíonn sa gcéad agus sa dara háit ar an tábla.

Is léir go mbeidh sárchluiche idir an dá fhoireann seo, foirne a chuireann formhór na n-imreoirí ar fáil d’fhoireann na hÉireann faoi láthair. Níl mórán idir an dá fhoireann seo ach is léir gur buntáiste ar leith do na hUltaigh go bhfuil siad sa mbaile, chomh maith leis an scíth a bhí acu an deireadh seachtaine seo caite. An an taobh eile den scéal, mura n-éireoidh le Cúige Laighean bua a fháil, is cinnte nach mbeidh seans ar bith acu ar imirt sna cluichí leathcheannais.

Imirt sa mbaile an t-aon bhuntáiste atá ag Cúige Chonnacht an Satharn seo, iadsan sa séú háit i gcoinne Ghlascú, foireann atá ar bharr an tábla. Fiú mura bhfuil seans ar bith ag Cúige Chonnacht imirt sna cluichí leathcheannais, beidh siad ar a míle dícheall ag iarraidh fanacht sa séú háit chun áit a fháil i gcomórtas Chorn na gCuradh an chéad séasúr eile. Ní bheidh sé éasca ag Cúige Chonnacht áit a aimsiú sa gcomórtas sin. Tá na Scarlets, foireann atá sa seachtú háit ar comhphointí leo (44) agus tá Dún Éideann san ochtú áit, iad sin ar 43 pointe.

Is fiú a lua freisin gur freasúra réasúnta lag na foirne atá fós le n-imirt ag Scarlets agus Dún Éideann, rud nach fíor i gcás Chúige Chonnacht.

Níor cheart go mbeadh mórán stró ar na Muimhnigh (an dara háit) agus iad ag imirt i gCorcaigh i gcoinne Treviso (an t-aonú áit déag). Go deimhin féin, ba cheart go mbeadh Cúige Mumhan in ann cluiche leathcheannais baile a chinntiú dóibh féin, go háirithe agus cluiche as baile i gcoinne Chúige Uladh le n-imirt acu an chéad seachtain eile.

Fág freagra ar 'Tábhacht ar leith ag baint anois leis an Pro 12'