Tá vacsaín ar an mbealach ach an dtiocfaidh sí chomh fada le hÉirinn?

Ní léir go bhfuil mórán ar siúl ag Rialtas na hÉireann lena chinntiú go mbeidh vacsaín in aghaidh Covid-19 ar fáil againne

Tá vacsaín ar an mbealach ach an dtiocfaidh sí chomh fada le hÉirinn?

Tá comharthaí dóchais ann nach fada go mbeidh vacsaín ar fáil i gcoinne Covid-19. Tá an Rúis ag tosú ar an bpobal i gcoitinne a vacsaíniú ansin, agus tá margaí á ndéanamh sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip maidir le vacsaíní a chur ar fáil, fiú sula mbeidh críoch leis an bpróiseas tástála.

Ach tá údair amhrais ann freisin. Tá an próiseas tástála, mar shampla, déanta an-simplí sa Rúis – an tír is luaithe a mbeidh vacsaín in úsáid go forleathan inti. Agus b’fhéidir gur vacsaíní tanaithe a bheas ann: is é sin vacsaín nach mbeidh ach imdhíonacht shealadach ar fáil uaithi nó a laghdóidh cumhacht an ghalair in ionad é a mharú ar fad.

Níos measa ámh, tá baol ann go mbeidh na tíortha is saibhre in ann stoc den vacsaín a cheannach agus a charnadh agus go mbeidh na tíortha is boichte fágtha gan tada. Mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) go gcuirfí cearta intleachta ar leataobh fad is a bhaineann sé le leigheas a aimsiú ar an víreas seo agus go mbeadh gach tír ag obair i gcomhar le chéile.

Ach cé go bhfuil an tSín, mar shampla, i ndiaidh cuid mhaith dá cuid taighde a chur ar fáil don domhan mór, tá na comhlachtaí móra cógaisíochta, sna Stáit Aontaithe go háirithe, ag diúltú do mholadh an WHO.

Deir Moderna, mórchomhlacht biteicneolaíochta atá lonnaithe i mBostún, go mbeidh siadsan ag iarraidh brabús a dhéanamh as an vacsaín. Tá an seasamh céanna tógtha ag Pfizer agus Merck, cé go bhfuil Astrazeneca (atá bainteach leis an vacsaín atá ag teacht as Oxford) agus Johnson & Johnson ag rá go gcuirfidh siad féin an vacsaín ar fáil ar chostas a déanta, sa chéad tréimhse ar aon chuma.

Tá conradh le síniú ag Moderna le rialtas Mheiriceá a d’fhágfadh go mbeadh dáileog di ar díol ar €30 an ceann. Tá Pfizer ag caint faoi $20, ach luaitear $3 nó $4 an ceann le dáileoga Astrazeneca.

Cé nach bhfuil ach 350 milliún duine sna Stáit Aontaithe, tá siad ag iarraidh 500 milliún dáileog a cheannach, 100 milliún díobh ó Pfizer.

Tá na Sasanaigh (60 milliún duine) ag síniú conarthaí le 90 milliún dáileog a fháil ón bhFrainc agus ón nGearmáin, 100 milliún dáileog ó Astrazeneca, 60 milliún ó Valneva (an fiontar Francach) agus 30 milliún ó Pfizer.

Má choinníonn na tíortha seo an stoc, ní bheidh mórán fágtha don Afraic, mar shampla.

Sa gcomhthéacs sin tá an-tábhacht ag baint le cá háit a ndéantar an vacsaín. Tá an Fhrainc ag iarraidh comhlachtaí a thabhairt ar ais chun na tíre sin, agus tá an Rúis sásta vacsaíní ó thíortha eile a tháirgeadh chomh maith lena gcuid vacsaíní féin.

Maidir leis sin, cuimhneoidh léitheoirí ar an thuairiscí a bhí ann nuair a bhíothas ag cur i leith na Rúise go ndearna siad haiceáil ar Astrazeneca agus lucht taighde Oxford le leigheas an víris s’acusan a ghoid.

Mar a tharla, tá conradh sínithe ag Astrazeneca le Ciste na Rúise um Infheistíocht Dhíreach faoina ndéanfar an vacsaín sa Rúis. Níor mhínigh na hiriseoirí cén fáth go ngoidfeadh na Rúisigh oideas na vacsaíne nuair a bhí Astrazeneca chun é a thabhairt dóibh ionas go ndéanfaidís é a mhonarú dóibh.
Bréagnuacht, má bhí a leithéid riamh ann.

Ta sé mímhorálta ag gach leibhéal go mbeadh tíortha saibhre ag iarraidh smacht a fháil ar an soláthar vacsaíne, beag beann ar riachtanais tíortha eile.

Ach, é sin ráite, tá ceist le cur sa tír seo go práinneach. Céard atá rialtas na hÉireann a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh muidne in ann clár vacsaíne in aghaidh an Covid-19 a chur ar bun sa tír seo?
Tá monarcha mhór ag Pfizer, mar shampla, i gCorcaigh. Nach féidir leis an rialtas dul i mbun cainteanna leo anois díreach ar mhaithe le conradh a dhéanamh a chinnteodh go mbeadh an vacsaín ar fáil againne?

Céard is fiú Pfizer a bheith in Éirinn mura bhfuil táirgí Pfizer ar fáil in Éirinn?
Ach de réir mar a ghluaiseann an rialtas go stámhailleach ó bhotún go botún, níl tada le clos uathu faoi chúrsaí vacsaíne.

B’fhéidir go gcuirfeadh an freasúra ceist orthu faoi.

Nó an é go bhfuil an oiread sin dílseachta don Aontas Eorpach go bhfuil siad ag fanacht go ciúin, amhail na buachaillí is fearr sa rang, go ndéarfaidh na húdaráis linn cé mhéad dáileog a gheobhaidh muid?

Tá ceist eile ann freisin. Ní bheidh a fhios againn cé acu de na vacsaíní is fearr go dtí go mbeidh siad in úsáid ar feadh tamaill, agus sa gcás sin, b’fhéidir gur cheart cuid a fháil ó gach mórtháirgeoir?

Cinnte, ní féidir linn ligean do dheamhnú na Rúise ná don ghráin atá ag Meiriceá ar an tSín muid a choinneáil amach as na margaí sin, go háirithe más iad is túisce a chuirfidh vacsaín ar fáil.

Is cóir dúinn iarracht a dhéanamh freastal ar an oiread tránna agus is féidir. Brú ar Pfizer soláthar a chinntiú dúinn. Idirbheartaíocht dhíreach le comhlachtaí sna Stáit Aontaithe, i Sasana, san Eoraip, sa Rúis agus sa tSín le margaí a dhéanamh le vacsaíní a cheannach.

Is cóir freisin tacú le haon iarrachtaí a dhéantar chun an t-eolas agus an monarú a roinnt ar fud an domhain le gach aon tír, in ionad leas a bhaint as an bpaindéim seo ar mhaithe le brabús nó brú polaitiúil.

An bhfuil sé ar chumas an rialtais seo againne a leithéid a dhéanamh?
Tá amhras orm.

Fág freagra ar 'Tá vacsaín ar an mbealach ach an dtiocfaidh sí chomh fada le hÉirinn?'