Níl an toradh iomlán deimhnithe ar fáil agus an colún seo á scríobh ach tá an t-athrú mór ar an saol polaitiúil ag teacht chun solais. Tá cinneadh stairiúil déanta le móramh níos mó ná mar a chonacthas in aon reifreann roimhe seo a bhain le ceist shóisialta.
Ní polaiteoirí ach gnáthdhaoine, chomh maith le heagraíochtaí neamhpholaitiúla, a thuilleann an chreidiúint is mó go bhfuil comhionannas pósta i bhfeidhm le toil dhíreach an phobail. Mar shampla, dúirt stiúrthóir fheachtas Fhine Gael, Simon Coveney gur scaip baill Yes Equality 90,000 bileog i gcathair Chorcaí an lá roimh an reifreann.
Léireofar lánéirim an reifrinn seo amach anseo. Cá bhfios an mbeidh daoine óga go háirithe toilteanach páirt chomh mór a ghlacadh sa chóras polaitiúil amach anseo?
Ach seo a leanas luathnótaí ar an mbrí is feidir a bhaint as an ‘Tá’ láidir.
Ar aon tuairim, beagnach
Níor vótáil Ros Comáin-Liatroim Theas i bhfabhar an leasaithe, agus bhí bearna shuntasach idir toradh an reifrinn i mBaile Átha Cliath agus sna contaetha máguaird agus an chuid eile den tír. Ach fiú i nDún na nGall Thiar-Theas, vótáil móramh (fíorbheag) i bhfabhar an leasaithe.
Bhí breith náisiúnta an phobail i bhfad níos soiléire agus an stát níos aontaithe ná mar a bhí i reifrinn eile le gairid. Mar shampla, sa reifreann ar cholscaradh i 1995, ní raibh an móramh ach 10,124 (Tá 50.7 faoin gcéad, Níl 49.3) vóta chun cinn ar an mionlach. Tá móramh i bhfabhar atá thart ar 2/1 agus seo á scríobh.
An dream a d’fhill
Chuir saoránaigh thar lear, daoine óga go háirithe, spéis mhór sa bhfeachtas ó thús. Ní fios cé mhéad duine a tháinig ar ais chun vótáil sa reifreann, ach níl gluaiseacht abhaile dá leithéid feicthe againn roimhe seo. Ábhar dóchais: go bhfuil an nasc idir eisimircigh agus a dtír dhúchais chomh láidir. Ábhar bróin: gur fianaise léanmhar é ar an mórimeacht.
Vóta d’eisimircigh
Tá vóta dár saoránaigh thar lear (agus i dTuaisceart Éireann) molta ag an gCoinbhinsiún ar an mBunreacht agus ag an gcoiste a d’fhoilsigh moltaí faoi atheagrú an tSeanaid le gairid. Vóta i dtoghcháin uachtaránachta a mhol an Coinbhunsiún, vóta do Sheanadóirí a mhol an coiste.
Tá cinneadh geallta ag an rialtas, agus curtha siar go dtí seo. Cuirfidh spéis agus taisteal na n-eisimireach a thuilleadh brú orthu cinneadh a dhéanamh.
Meáin shóisialta: Polaitíocht
Tá a ndícheall á dhéanamh ag na páirtithe polaitíochta le tamall chun leas éifeachtach a bhaint as na meáin shóisialta. Beidh dianstaidéar á dhéanamh acu ar a ndearna grúpaí ar nós Yes Equality chun (1) teagmháil a chothú idir daoine atá ar aon tuairim agus (2) leas a a bhaint as comhthuiscint ar líne chun daoine a spreagadh chun stocaireachta agus vótála.
Meáin sóisialta: Bagairt
Rinne Breda O’Brien, David Quinn agus príomhurlabhraithe an fheachtais in aghaidh an leasaithe róghearáin, sílim, faoi bhagairt agus faoi chaint ghránna sna meáin shóisialta. Níor athraigh a ngearáin mórán tuairimí ar an taobh eile den argóint, tharla gur dlúthchuid faraor de Twitter, Facebook agus a leithéid an droch-chaint.
Níl ach dhá leigheas oiriúnach ar chaint mhailíseach: (1) neamhaird nó (2) An Garda Síochána.
An chreidiúint
Na polaiteoirí agus na daoine eile a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an bpobal: na Teachtaí Dála Leo Varadkar, Jerry Buttimer agus John Lyons, an tIar-Uachtarán Mary McAleese agus a mac Justin, an tIar-Theachta Dála Pat Carey, Daniel O’Donnell, na hiriseoirí Ursula Halligan agus Úna Mullally agus gan dabht Miss Panti.
Is láithreoir ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille
Glór í Eo
B’iontach an lá é a bheith ann agus a bheith i láthair. Inniu ar aon nós – an Phoblacht is fearr ar domhan.
Dáithí Mac Cárthaigh
Lá maith d’Éirinn.
Mo cheol sinn uile!