‘Tá tú i do mhamó anois Mamaí,’ a deir an Cailín Mór Beag liom

Is iontach na rudaí a fheicfidh tú nuair a fhillfidh tú ar an nádúr

‘Tá tú i do mhamó anois Mamaí,’ a deir an Cailín Mór Beag liom

Tabhair faoi deara aon choirnéal talamh garbh na laethanta seo agus seans go bhfeicfidh tú cloigne geala na mbuachalán buí ag pramsáil in aghaidh na gaoithe agus cuma an tsonais orthu.

Ní bhfaighidh tú iad sna móinéir chaoine ná sna faichí gearrtha néata, ach breathnaigh sna paistí dearmadta, ar na dumhcha fiáine, is na heanaigh fhliucha agus feicfidh go flúirseach na bláthanna arda seo atá cosúil le fleascanna nóiníní buí ag siúl ar chosa croise.

Breathnaigh go géar an t-am seo bliana agus b’fhéidir go bhfeicfeá boilb na leamhan flanndearg ag sclamhadh na nduilleog ar na buachaláin bhuí.

Fiaile choitianta é i ngarraithe agus ar thalamh féaraigh áit a mbíonn sé in ann dochar a dhéanamh do bheithígh agus beostoc eile agus is minic go nglantar amach as na háiteanna sin é. Bíodh is go bhfuil sé nimhneach don bheostoc níl an fhadhb chéanna ar an talamh garbh agus go deimhin tá an-tóir ag na beacha agus na leamhain ar an mbuachalán buí.

Aithneoidh tú go héasca iad as na stríocaí dubha agus buí atá fud fad a gcoirp. Insíonn na dathanna láidre do na héin agus do chreachadóirí eile fanacht amach uathu óir go bhfuil siad nimhneach. Níl aon nimh ó nádúr iontu, ach súnn siad isteach í ó bheith ag ithe na mbuachalán buí.

Is beag an mhaith dóibh na stríocaí bagartha sin in aghaidh an fhuadaigh nó na tarrthála (ag brath ar cé atá ag insint an scéil). Shocraigh an Cailín Mór Beag agus an Babaí sé cinn de na boilb a ‘shábháil’ ón bparthas ina raibh siad ar bhruach na mara agus iad a thabhairt abhaile i gcrúsca suibhe.

‘Tá tú i do mhamó anois, Mamaí,’ a deir an Cailín Mór Beag liom agus uchtú sheisear chrúsca na suibhe á fhógairt aici. ‘Scaoil saor seisear na suibhe!’ a d’fhógair mé.

Níl mé i bhfad i gcleachtadh ar a bheith i mo Mhamaí agus ní raibh aon chuimhne agam go mbeinn i mo mhamó chomh luath seo sa scéal. Bhí trua agam do na boilb bhochta freisin agus imní orm go marófaí le cineáltas iad.

Chroch sí suas an crúsca amach ar m’aghaidh agus chonaic mé a ndromanna beaga anseo is ansiúd i bhfolach sna duilleoga.

‘An bhfeiceann tú iad, Mamaí?’ agus shín sí amach a méirín ag pointeáil anseo is ansiúd ar na feithidí beaga. Seáinín, Síofra, Aindriú, Amelia, Billí agus Repto. ‘Tá an diabhal uilig ar Repto,’ a deir sí ag gáire go tuisceanach.

‘Agus is breá leo a bheith ag ithe oráistí beaga – dúirt Pádraic liom é,’ arsa an Babaí. B’in tagairt don chomhairle a fuair sé ón saineolaí feithideolaíochta atá sna naíonáin mhóra leis.

‘Bhí péire acu ag Pádraic agus d’ith siad oráiste uilig eatarthu agus d’iompaigh siad isteach ina bhféileacáin ina dhiaidh sin.’

‘Tá brón orm ach ceapaim go mbeidh siad níos sásta amuigh faoin aer,’ a dúirt mé, cé nach raibh mé ag iarraidh a gcroí a bhriseadh agus iad chomh sásta lena gcuid dílleachtaí beaga.

‘Ó ní bheidh, tá siad i bhfad níos sásta ina dteach nua,’ a deir an Babaí agus an-mhuinín aige as a chuid eolais faoi thógáil na mbolb.

Fág freagra ar '‘Tá tú i do mhamó anois Mamaí,’ a deir an Cailín Mór Beag liom'

  • Sean 0 Meara

    Sceal dead.