Tá trí fhéile mhóra na Nollag ann – Lá Nollag Mór, Lá Nollag Beag agus Lá Chinn an Dá Lá Dhéag

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo faighimid cur síos as Leitir Móir ar nósanna aimsir na Nollag sna 1930idí

Tá trí fhéile mhóra na Nollag ann – Lá Nollag Mór, Lá Nollag Beag agus Lá Chinn an Dá Lá Dhéag

Roimh an Nollaig téann na daoine ag na siopaí agus ceannaíonn siad trucáistí {trucálacha, giuirléidí} na Nollag. Faigheann siad Christmas Box. Faigheann siad coinneal mhór, currants, tae, siúcra. Faigheann cuid acu shawl [seál] dubh.

Bíonn coinneal ar gach fuinneog ins gach teach Oíche Nollag agus Oíche Nollag Beag agus bíonn dhá choinneal déag lasta Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag.

Deirtear go mbíonn an Mhaighdean Mhuire ag dul thart Oíche Nollag agus lastar na coinnle le solas a thabhairt dhi. Bíonn féasta mór in chuile theach Oíche Nollag. Bíonn cácaí milse agus im, subh agus úlla ann. Fágann siad coinneal lasta ar feadh na hoíche. Cuireann na gasúir a gcuid stocaí suas ag Santa Clás. Faigheann siad rudaí deasa uaidh. Bíonn gé nó turcaí lena mbéile ag gach teach Lá Nollag.

Lá’l Stiofáin bíonn siad ag imeacht leis an dreoilín. Bíonn siad ag damhsa agus ag casadh poirt. An fear a mbíonn an dreoilín aige deireann sé: “Dreoilín, dreoilín rí na n-éan, Lá’l Stiofáin a gineadh é. Is mór a mhuintir is beag é féin agus dá bhfaigheadh sé ceapaire dhamhsódh sé.”

Nuair a bhíos siad ag rá an phaidrín Oíche Nollag Beag leagann siad dealbh na Maighdine Muire os a gcomhair. San am fadó nuair a bhí Íosa ag bainis d’athraigh sé uisce go fíon. Deirtear go mbíonn an t-uisce ina fhíon ag a 12 a chlog Oíche Nollag Beag. Deirtear go mbíonn na hainmhithe ag caint le chéile Oíche Nollag Mór agus aon duine a bhíos ag éisteacht leo chaillfí é.

Chuile dhuine a fhéadfas é bíonn sé ina theach féin Oíche Nollag. Na daoine nach bhféadfaidh sin cuireann siad airgead abhaile. Tá sé de nós ag na daoine óga a dhul ag faoistin Oíche Nollag Beag.

Micheál Ó Concheanainn, Scoil an Droma, Conamara

Fág freagra ar 'Tá trí fhéile mhóra na Nollag ann – Lá Nollag Mór, Lá Nollag Beag agus Lá Chinn an Dá Lá Dhéag'