Tá TG4 chun cluichí ó Shraith Náisiúnta Sacair na mBan a chraoladh den chéad uair

Is í an craoltóir spóirt as an gCeathrú Rua, Máire Treasa Ní Cheallaigh, a chuirfidh Sacar Beo i láthair

Tá TG4 chun cluichí ó Shraith Náisiúnta Sacair na mBan a chraoladh den chéad uair

Jessica Gleeson (DLR Waves FC), Eva Mangan (Cork City FC), Máire Treasa Ní Cheallaigh, Alannah McEvoy (Peamount United), Saoirse Noonan (Shelbourne FC)

Beidh TG4 ar an gcéad chraoltóir náisiúnta riamh a chraolfaidh cluichí ó Shraith Náisiúnta Sacair na mBan nuair a thaispeánfar ceithre chluiche sa chomórtas an mhí seo chugainn.

D’fhógair TG4 inniu go bhfuil comhaontú déanta ag an stáisiúin leis an FAI chun cluichí ó Shraith Náisiúnta SSE Airtricity na mBan a chraoladh.

Is í seo an chéad uair ó bhunú na sraithe aon bhliain déag ó shin go mbeidh cluichí le feiceáil beo ar chraoltóir náisiúnta.

Is í an craoltóir spóirt as an gCeathrú Rua, Máire Treasa Ní Cheallaigh, a chuirfidh Sacar Beo i láthair, agus beidh lucht anailíse ina teannta. Beidh an tsraith á léiriú ag an gcomhlacht Fogarty Fenwick Services.

Cuirfear tús leis an gcraoladh Dé Sathairn, an 2 Deireadh Fómhair, nuair a thabharfaidh Shelbourne aghaidh ar DLR Waves.

Tá Shelbourne sa dara háit sa tsraith faoi láthair, pointe chun deiridh ar Peamount United agus trí phointe chun tosaigh ar Wexford Youths.

Tá cáil bainte amach ag TG4 as an gclúdach atá tugtha acu do pheil na mban le 20 bliain anuas agus dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, go bhfuiltear ag súil le tuilleadh tacaíochta a thabhairt do spóirt na mban.

“Tá ríméad ar TG4 go mbeifear ag craoladh sacair ar an stáisiún arís agus táimid ag súil le séasúr lán aicsin ó Shraith Náisiúnta SSE Airtricity na mBan,” a dúirt Ó Coisdealbha. “Táimid mórtasach leanúint de bheith ag ceann an tslua i dtaobh spórt na mban in Éirinn a chraoladh agus i dtaobh an aicsin spóirt is fearr a chur faoi bhráid ár lucht féachana agus éisteachta.

“Is ionann an fógra seo agus athdhearbhú ar thiomantas TG4 do chraoladh spórt na mban in Éirinn. Chuir TG4 Sraith Pheil Astrálach na mBan agus Craobh Rugbaí Idirchúige Vodafone na mBan os comhair lucht féachana teilifíse na hÉireann den chéad uair sa bhliain 2021, agus mhéadaigh an stáisiún a chlúdach ar Shraitheanna LGFA Lidl 150%.

Ag cur fáilte roimh an bhfógra dúirt Stiúrthóir Shraith na hÉireann, Mark Scanlon gur “cloch mhíle cheart” a bhí ann craoltóir náisiúnta a bheith i bpáirt leo chun an tSraith a chur chun cinn.

“Is iontach a bheith ábalta próifíl Shraith Náisiúnta SSE Airtricity na mBan a ardú tuilleadh trí bheith ag obair i gcomhar le TG4 ionas go mbeidh na himreoirí níos feiceálaí fós agus na cluichí beo á gcraoladh.”

Fógrófar sonraí maidir leis na cluichí eile a bheidh á gcraoladh beo ar TG4 go ríghairid.

Fág freagra ar 'Tá TG4 chun cluichí ó Shraith Náisiúnta Sacair na mBan a chraoladh den chéad uair'