‘Tá TG4 ag cur le próifíl na Gaeilge, ach tá sé ag baint di chomh maith’

Tá Rossa Ó Snodaigh ar phainéal lucht féachana TG4 a thugann aiseolas don stáisiún faoina chuid cláracha. Tá an t-alt seo bunaithe ar an bhfreagra is déanaí a thug sé ar cheisteanna an chraoltóra

Rossa Ó Snodaigh

Táim ag líonadh foirmeacha lucht féachana de chuid TG4 le dhá bhliain anuas. Molaim d’éinne ar suim leo cúis na teanga agus cur chun cinn ár dteanga sa mheán seo déanamh amhlaidh. Ní mór duit ríomhphost ag léiriú suime sa togra a sheoladh chuig eolas@fiosfise.ie.

Tugtar liosta cláracha duit agus fiafraítear díot ar amharc tú orthu agus cé acu ar bhain tú taitneamh astu nó nár bhain. Ansin bíonn dhá cheist níos grinne ann.

An tseachtain seo, cuir i gcás, cuireadh an cheist seo a leanas.

‘An síleann tú go gcuireann cláracha ar nós Eurovision na nÓg le próifíl na Gaeilge agus ar chóir do TG4 iomaitheoirí a chur sa chomórtas arís an bhliain seo chugainn?’

B’iontach liom na focail seo ‘Próifíl na Gaeilge’ a fheiscint ag teacht ó TG4. 

Bhíos chomh sásta, mar is é a chiallaíonn sé ná go bhfuiltear anois ag smaoineamh ar cad a chuideodh leis an nGaeilge agus shamhlófá dá réir go mbeifí ag smaoineamh ar cad a bhainfeadh de ‘Phróifíl na Gaeilge’ chomh maith céanna. 

Bhí ríméad orm mar gurb é seo an chéad uair a thuig mé ó TG4 gur cur chun cinn na Gaeilge seachas cur chun cinn TG4 a bhí mar sprioc acu.

Chuireas na freagraí seo chucu.

1. Cuireann Cláracha Gaeilge den scoth go mór le ‘Phróifíl na Gaeilge’ agus dá réir le próifíl TG4.

1a. Cuirfidh ‘Eurofís na nÓg’ go mór le próifíl na Gaeilge. Is mó páiste agus duine fásta ar fud na hEorpa nach eol dóibh fós go bhfuil a dteanga féin ag Éirinn. Cuimsíonn an easpa eolais seo easpa measa nó easpa suime sa Ghaeilge sa Bhruiséil (féach stailc Teangan Liadh Ní Riada) agus i dTithe Rialtais na tíre seo.

1b. Clár ríthábhachtach don teanga i measc na n-óg a bhí in ‘Eurofís na nÓg’. Is cinnte go n-adóidh sé an meas atá ar a dteanga féin acu siúd uilig a ghlac páirt ann mar aon lena gcairde agus an lucht féachana a bhí ag dréim go mbainfeadh amhránaí ag canadh ina dteanga féin duais na hEurofíse. 

Ábhar éada a bheadh ann d’aon tír ina bhfuil teanga mhionlaithe á labhairt go fóill go raibh sé de mhuinín ag Éirinn agus de dhánaíocht inti amhránaí Gaeilge a chur san iomaíocht.

1c. Is cóir do TG4 seilbh a ghlacadh ar an gcomórtas as seo go ceann fiche bliain eile. Ní mian libh go sciobfadh RTÉ/TV3 nó UTV uaibh é, mar is cinnte go gcuirfidís-sean iomaitheoirí le Béarla chun bealaigh mar atá á dhéanamh acu le clár na sinsear.

Agus sibh anois ag tabhairt faoi chur le próifíl na Gaeilge le bhur sceideal, seo a leanas, dar liom, na nithe atá ar siúl agaibh a bhaineann de phróifíl na Gaeilge agus dá réir de phróifíl TG4. Dá gcuirfí na rudaí seo ina gceart, bheadh próifíl na Gaeilge agus TG4 ardaithe agus bheadh i bhfad níos mó measa ag muintir na hÉireann ar an teanga agus ar an stáisiún teilifíse. 

1. Droch-chláracha le droch-Ghaeilge – Ó Cuisine agus Pimp mo Ride, mar shampla. Bíonn smaoineamh maith taobh thiar de chuid de na cláracha seo ach bíonn drochléiriú agus fíor-dhroch-Ghaeilge i gceist.

2. Cláracha Béarla nó cláracha a bhfuil leath díobh nó trí cheathrú díobh i mBéarla – cúis áiféise anois é seo ar nós an FAI (Find Another Irishman).

3. Fógraí i mBéarla – An teachtaireacht atá le brath sna fógraí seo ná ‘Ní fiú an Ghaeilge chun dul i mbun margaíochta’. Agus mar gurb é an caipitleachas atá i réim nach mór go hiomlán sa tsochaí anois, is ionann fógraí i mBéarla ar TG4 is a bheith ag rá nach fiú an Ghaeilge in aon chor.

4. Easpa fotheidil Ghaeilge – Bheadh nuacht TG4 ag déanamh cúis iontais den scéal mura dtabharfaí cead do dhuine go n-éisteofaí a chás cúirte i nGaeilge toisc go ndúirt an breitheamh ‘but why would you want it in Irish when you understand English?’. Bunaíodh an phoblacht mar atá chun go mbláthódh béascnaí agus teanga na tíre an athuair agus sinn saor ó dhlí na Breataine.

Is cúis náire dúinn i ngluaiseacht na Gaeilge go bhfuil an t-aon stáisiún Gaeilge ag déanamh neamhaird ar bhunéileamh na gluaiseachta seo. 

5. Cláracha Gaeilge le teidil dhátheangacha ar nós An G Team, GAA Beo, Feirm Factor, Eurovision na nÓg srl srl srl srl. Is gá deis a thabhairt don teanga bláthú sa mheán seo. Tá ceann de na traidisiúin filíochta is sine san Eoraip againne agus máistrí teanga fós i mbun na filíochta Gaeilge. Fostaigí nó téigí i mbun comhairle leo siúd a bheadh in ann teacht ar theidil ghlice Ghaeilge.

6. Cláracha Béarla i ndorchadas na hoíche. Ó mheán oíche go breacadh an lae, tá cláracha i mBéarla agaibh. France24, Teleshopping, Nashville srl. Ní thuigim cén fáth nach gcuirtear seanchláracha Gaeilge amach i rith an ama seo.

Lena chois sin, tá 1.1 milliún duine tar éis an aip ghutháin Duo Lingo a íoslódáil. Aip ghutháin é a chuidíonn le daoine Gaeilge a fhoghlaim.

D’ardódh sé próifíl na Gaeilge agus TG4 dá mbeadh clár foghlama éigin i rith na hoíche agaibh (bunaithe ar chláracha an lae roimhe?), mar is cinnte go mbeadh an 1.1 milliún duine toilteanach amharc ar na cláracha seo istoíche nó i rith an lae ar sheinnteoir TG4.

Fág freagra ar '‘Tá TG4 ag cur le próifíl na Gaeilge, ach tá sé ag baint di chomh maith’'

  • frank maguire

    Aontaím go mór leis na moltaí seo.
    Is léir gur féidir le TG4 níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge.
    Dár liomsa gur gá riachtanais an Gaeilge a bheith ann i gcónaí, má tá daoine ag labhairt Béarla, úsáid a bhaint as fotheidil Gaeilge.
    Maidir le cláracha mar The Wire, Tru Blood, Borgen, Nashville, The OC ní hé gur gá fáil réidh leo ach más rud é go raibh fotheidil i nGaeilge acu, beidh an t-aos óg ag féachaint ar na cláracha seo toisc nach bhfuil fáil orthu go heasca aon áit eile ach beidh an Ghaeilge os a gcomhair.